Ciste Géarchéime Gairneoireachta – Oscailte d’Iarratais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógra Teicniúil an 17 Deireadh Fómhair 2023
Tar éis an fhógra a rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit um Thalamhúsáid agus Bithéagsúlacht a bhfuil freagracht speisialta air as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, le déanaí maidir le dáileadh na gcistí arna leithdháileadh faoi Chúlchiste Talmhaíochta an AE, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) ag glacadh le hiarratais anois faoin gCiste Géarchéime Gairneoireachta (HCF).
Is beart tacaíochta é an HCF a sholáthrófar i bhfoirm íocaíochta aonuaire le saothróirí muisiriún donn, saothróirí sútha talún téite, saothróirí glasraí machaire, saothróirí barr sailéad machaire, saothróirí úll, saothróirí glasraí feirmeoireachta ingearaí agus saothróirí barr sreinge tithe gloine, na dreamanna is mó atá buailte ag an leibhéal ard costas ionchuir.
Cabhróidh an pacáiste tacaíochta le slándáil ghearrthéarmach agus dá bhrí sin inmharthanacht fhadtéarmach saothróirí sna fo-earnálacha sin a áirithiú. Déanfar íocaíochtaí HCF i mí Eanáir 2024 agus íocfar iarratasóirí incháilithe bunaithe ar líon na heicteár atá in úsáid le haghaidh táirgthe agus i gcás muisiriún íocfar saothróirí ar mheáchan (kganna) na muisiriún a dhíoltar. Cuirfear uasteorainn i bhfeidhm ar íocaíochtaí in aghaidh an tsaothróra má tá
ró-éileamh ar an scéim.
Tá tuilleadh eolais, mar aon le Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime agus an fhoirm iarratais le fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag an nasc seo a leanas gov.ie - Scéimeanna agus Íocaíochtaí (www.gov.ie)
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach roimh mheán oíche Céadaoin an 1 Samhain 2023.
Nótaí:
Aon cheisteanna faoin Scéim, ba chóir iad a chur chuig:
Seoladh: Ciste Géarchéime Gairneoireachta, An Rannóg Gairneoireachta agus Sláinte Plandaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Foirgneamh Riaracháin, Bacastún, Co. Chill Dara. W23 X3PH
Ríomhphost: HCF@agriculture.gov.ie
Teileafón: 01 5058778
Is féidir foirmeacha iarratais agus téarmaí agus coinníollacha na Scéime a fháil ar líne ag: gov.ie - Scéimeanna agus Íocaíochtaí (www.gov.ie).