Cuireann na hAirí Foley agus Naughton fáilte roimh fhoilsiú “Iompair Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime: Treoirlínte do Scoileanna maidir le Tacú le Scoláirí”.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas agus Cuimsiú Hildegarde Naughton TD foilsiú Iompair Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime: Treoirlínte do Scoileanna maidir le Tacú le Scoláirí inniu, XX Deireadh Fómhair 2024.
Mar fhreagairt ar an ngá aitheanta atá le treoir do scoileanna, bhunaigh an Roinn Oideachais Grúpa Oibre chun treoirlínte do scoileanna a fhorbairt agus chun tacú leis an bpobal scoile uile freagairt do chásanna géarchéime agus iad a sheachaint.
Tá na Treoirlínte seo do gach scoil agus forbraíodh iad seo mar acmhainn chun tacú le scoláirí agus foireann. Forbraíodh iad chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht na foirne maidir le conas freagairt i gcás géarchéime ina bhfuil imní ann maidir le sábháilteacht fhisiciúil. Díríonn siad ar thimpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú ar féidir leo freagairt do riachtanas agus forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtas lena n-áirítear cosc agus díghéarú. Cuirtear treoir ar fáil do scoileanna go háirithe ar chuir chuige éifeachtacha maidir le conas tacú le scoláirí a bhfuil iompair imní orthu i gcásanna géarchéime.
Dúirt an tAire Foley:
“Mar Aire Oideachais, tá lúcháir orm foilsiú na dtreoirlínte tábhachtacha seo do scoileanna a fheiceáil. Tacóidh siad le scoileanna in imthosca deacra agus cuirfidh siad treoir ar fáil ar chuir chuige éifeachtacha maidir le conas tacú le scoláirí a bhfuil iompair imní orthu i gcásanna géarchéime. Cuireann na Treoirlínte seo pointe tagartha riachtanach ar fáil do dhaoine a oibríonn le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu i gcásanna géarchéime.
Cuideoidh na treoirlínte le ceannairí scoile, múinteoirí, CRSanna agus foireann scoile eile freagairt do riachtanais na scoláirí. Tá áthas orm a rá freisin go gcuirfidh an CNOS oiliúint ar fáil do scoileanna i réimse iompair agus go dtabharfar tús áite do scoileanna speisialta le haghaidh na tacaíochta seo sa chéad ásc.
Cuireann na treoirlínte treoir d’fhoireann scoile ar shaincheisteanna atá íogair amhail cúlráideacht agus srian. Tá sé mar aidhm agam oibriú leis na páirtithe leasmhara oideachais go léir chun cinntiú go gcuirtear deireadh le srian mar chleachtas inár scoileanna le himeacht ama.”
Agus na Treoirlínte á bhfáiltiú, dúirt an tAire Naughton:
“Mar Aire um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá mé tiomanta do chuimsiú agus rochtain ar oideachas do gach foghlaimeoir. Tacóidh na treoirlínte seo le scoileanna in imthosca deacra agus cuirfidh siad treoir ar fáil ar chuir chuige éifeachtacha maidir le conas tacú le scoláirí a bhfuil iompair imní orthu i gcásanna géarchéime.
Bhí comhairliúchán le páirtithe leasmhara oideachais ina ghné lárnach agus na Treoirlínte seo á bhforbairt. Tá mé buíoch den pobal i gcoitinne as a dtuairimí agus a n-ionchur, lena n-áirítear scoileanna, tuismitheoirí/caomhnóirí, grúpaí abhcóideachta agus seirbhísí a oibríonn le scoláirí, a thug aiseolas luachmhar mar chuid den phróiseas freisin.
Is tacaíocht bhreise é foilsiú an lae inniu chun cinntiú go bhfanann cuimsiú i gcroílár oideachais agus chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar eispéireas foghlama dearfach agus go n-éascaítear é seo trí fhoghlaim chun barr a chumais (nó a cumais) a bhaint amach. Tá mé muiníneach go mbainfidh go leor scoláirí, a múinteoirí agus teaghlaigh tairbhe as na Treoirlínte seo.”
D’fhreagair os cionn 2,600 duine glao ar aighneachtaí mar chuid d’fhorbairt na dtreoirlínte.
Tagann “Iompraíochtaí is ábhair imní” in áit an téarma “iompraíochtaí dúshlánacha” atá, thar thréimhse ama, anuas ar na daoine sin a ghlac páirt in iompraíochtaí mar sin.
Rinneadh na treoirlínte a thástáil i 15 scoil speisialta ó mhí na Samhna 2023 go mí Feabhra 2024.
Tá siad bunaithe ar chur chuige uile-pobail scoile, lena n-áirítear rannpháirtíocht tuismitheoirí/caomhnóirí agus daltaí, a thaispeáin fianaise go bhfuil sé riachtanach maidir le beartas agus cleachtas scoile éifeachtach a fhorbairt maidir leis seo.
I measc na dtreoirlínte, tá cásanna scoile samplacha ann chun dea-chleachtas a chur in iúl agus scoileanna ag plé le hiompraíochtaí is ábhair imní i measc daltaí.
Áirítear leis na treoirlínte tacú le daltaí iad féin a fhéinrialú, ionas go mbeidh siad in ann bail shuaimhneach agus airdeallach a bhaint amach agus a choinneáil atá mar an bhail is fearr don fhoghlaim.
Áirítear le samplaí atá in úsáid cheana féin i roinnt scoileanna ar fud na hÉireann chun borradh a chur faoin bhféinrialú le linn an lae scoile rochtain ar an gclós súgartha, seomraí ciúine tacaíochta foghlama, cúinne léitheoireachta, seomraí na gcéadfaí, gairdíní scoile agus spásanna ar leith do ranganna le troscán mealltacha.
Leagtar amach sna treoirlínte na gníomhaireachtaí lenar féidir le scoileanna dul i gcomhairle chun tacú le daltaí le hiompraíochtaí is ábhair imní. Áirítear leo sin an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), An Fhoireann Líonra Leanaí faoi Mhíchumas (CDNT), Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) agus Ionad Choillidh Chanannáin don Uathachas (MCA).
Luaitear sna treoirlínte, am ar bith is féidir, ba cheart teicnící díghéaraithe, ar nós daltaí a chur ag déanamh gníomhaíochtaí eile nó am a thabhairt dóibh iad féin a fhéinrialú, sula mbeartaítear aon fhreagra eile.
Aithnítear srianadh mar bheart sa chás nach bhfuil aon rogha eile ann agus ní féidir é a úsáid ach amháin má tá riosca dochair fhisicigh dáiríre nó riosca gortaithe don dalta nó sábháilteacht daoine eile ar tí tarlú. Áirítear leo sin cásanna ar nós dalta ag gortú iad féin trína c(h)loigeann a bhualadh le fórsa in aghaidh dromchla chrua, dalta ag tosú earraí móra a chaitheamh, ar nós ríomhairí nó troscán ag piaraí nó daoine fásta, nó dalta ag déanamh ionsaithe fhisicigh ar dhuine eile. Sa chás gur úsáideadh srianadh fisiceach i scoil, ní mór an eachtra a thuairisciú do phríomhoide na scoile agus, ina dhiaidh sin, do chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta/BOO. Ó mhí Mheán Fómhair 2025 amach, ní mór do scoileanna eachtraí de shrianadh fisiceach a thuairisciú don CNOS. Tiomsóidh an Roinn an t-eolas seo agus foilseoidh sí tuarascáil bhliantúil ar mhéid an tsrianta fhisicigh i scoileanna.
Tá sé luaite go soiléir go bhfuil an chúlráideacht - dalta a chur go neamhdheonach in aon timpeallacht ina bhfuil siad ina n-aonar agus go bhfuil cosc fisiceach orthu an áit a fhágáil - míchuí i gcomhthéacs na scoile agus níor cheart é a úsáid.
Déanfar foilsiú na dtreoirlínte a chomhlánú le réimse tacaíochtaí le himeacht ama.
Tá na treoirlínte ar fáil anseo gov.ie - Understanding Behaviours of Concern and Responding to Crisis Situations Iompair Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime
Nótaí d’Eagarthóirí
Cúlra
Mhol an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) i ndoiciméid comhairle beartais go bhforbraíonn an Roinn Oideachais treoirlínte do scoileanna ar conas iompair imní a sheachaint agus a bhainistiú i gcásanna géarchéime i scoileanna.
Mar fhreagair ar an ngá aitheanta atá le treoir do scoileanna, bhunaigh an Roinn Oideachais Grúpa Oibre (GO) chun treoirlínte do scoileanna a fhorbairt maidir le hiompar dúshlánach a chosc agus a bhainistiú, i gcás go bhfuil iompar den sórt sin ina gharchontúirt go ndéanfaí dochar fisiciúil tromchúiseach don duine féin nó do dhaoine eile laistigh de thimpeallacht na scoile.
Agus na treoirlínte á bhforbairt, rinne an sainghrúpa oibre athbhreithniú ar riachtanais reachtaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar struchtúir rialachais scoile agus ar cheisteanna maidir le dualgas aireachais a bhaineann go díreach le tacú le folláine agus sábháilteacht na scoláirí agus na foirne.
Forbraíodh na treoirlínte seo i gcomhthéacs Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais na Roinne Oideachais agus Scileanna (2018, arna leasú 2019), a aithníonn ról na scoileanna maidir le folláine a chur chun cinn.
Raon Feidhme na Treorach
Forbraíodh na treoirlínte seo chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht na foirne maidir le conas freagairt i gcás géarchéime ina bhfuil imní ann maidir le sábháilteacht fhisiciúil. Díríonn siad ar thimpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú ar féidir leo freagairt do riachtanas agus forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtas lena n-áirítear cosc agus díghéarú.
Baineann na Treoirlínte le gach scoil aitheanta. Rinne fianaise eolas dóibh a léirigh go bhfuil gá le cuir chuige pobal scoile uile chun timpeallacht agus cultúr dearfach agus rannpháirtíocht luath agus leanúnach a chothú laistigh den phobal scoile, lena n-áirítear tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoláirí, chun beartas agus cleachtas éifeachtach scoile a fhorbairt agus iad ag tacú le scoláire i gcás géarchéime.
Na Chéad Chéimeanna Eile
Ailíneofar clár oiliúna leis an bhfoilsiú ar a mbeidh 3 leibhéal.
Creatlach an Phlean Oiliúna do Threoirlínte:
Is seisiún eolais é seo d’fhoireann uile na scoile chun dul tríd na Treoirlínte agus feasacht a mhúscailt.
Tá athdhearadh á dhéanamh ag an CNOS ar a bealaí maidir le géarchéim a chosc agus beidh na Treoirlínte fite fuaite i rith na hoiliúna seo.
Oiliúint do Dhream Beag Ar Leith - Oiliúint sheachtrach a fháil ar na cineálacha cur chuige atá sonraithe sna treoirlínte. Beidh an oiliúint seo do scoileanna a bhain triail as bealaí oiliúna roimhe seo gan leas a bhaint astu agus a léiríonn go bhfuil gá soiléir leis an oiliúint seo. Ar an gcéad ásc, tabharfar tús áite do scoileanna speisialta maidir le rochtain a fháil ar an oiliúint seo.
I gcás go n-úsáidtear idirghabháil/srian fhisiciúil i scoil, ní mór do scoileanna teagmhais dá leithéid a thuairisciú don CNOS.
Tar éis tuairisciú á dhéanamh don CNOS, beidh an CNOS in ann méid na hidirghabhála fisicí atá á húsáid i scoileanna a mheas agus eolas a dhéanamh don CNOS ina cur chuige i leith cláir thacaíochta oiliúna do scoileanna. Beidh scoileanna in ann leas a bhaint as tacaíochtaí oiliúna a bhaineann go sonrach lena gcuid riachtanas mar thoradh air seo.