Seolann an tAire Donnelly Suirbhé Náisiúnta ar Theagmhais Sábháilteachta Othar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD an Suirbhé Náisiúnta ar Theagmhais Sábháilteachta Othar inniu.
Is é an suirbhé, atá á chomhordú ag an Roinn Sláinte, an chéad chuid de phróiseas taighde a choimisiúnaigh an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar chun faisnéis a bhailiú maidir le cultúr agus luachanna a bhaineann le bainistiú teagmhas sábháilteachta othar inár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta. Tugtar cuireadh d'othair, d'úsáideoirí seirbhíse, do bhaill teaghlaigh, do sholáthraithe abhcóideachta, d'fhoireann cúram sláinte agus do bhaill den phobal páirt a ghlacadh sa suirbhé chun a dtuairimí agus a dtaithí a roinnt.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Fáiltím roimh an deis seo cloisteáil go díreach ó dhaoine faoina dtuairimí agus a n-eispéiris maidir lena dteagmháil lenár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta i ndáil le teagmhais sábháilteachta othar. Cuideoidh an suirbhé seo leis an Roinn Sláinte a chinntiú go ndéantar an reachtaíocht a rialaíonn bainistiú teagmhais sábháilteachta othar a nuachóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta.
“Tá fáilte roimh an suirbhé seo agus muid ag obair chun cultúr cumarsáide oscailte, macánta agus trédhearcach a fhorbairt, a chothú agus a neadú ar fud na seirbhíse sláinte, go háirithe d'othair, d'úsáideoirí seirbhíse agus a dteaghlaigh."
Is féidir sonraí maidir le páirt a ghlacadh sa suirbhé a fháil anseo.
CRÍOCH
Is comhairle neamhspleách í an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar, a ceapadh in 2019, arna ceapadh ag an Aire chun comhairle agus treoir a sholáthar maidir le beartas sábháilteachta othar a fhorbairt. Tá Crowe coimisiúnaithe ag an gComhairle chun taighde a dhéanamh a dtacóidh torthaí an tsuirbhé seo le forbairt beartais náisiúnta maidir le teagmhais sábháilteachta othar.
Iarrtar orthu siúd ar mian leo páirt a ghlacadh in agallamh teileafóin duine le duine faoina dtuairimí agus faoina n-eispéiris ar theagmhais sábháilteachta othar a gcuid sonraí teagmhála a chomhlánú anseo. Tar éis do dhuine clárú, féadfaidh ball d'Fhoireann Taighde Crowe teagmháil a dhéanamh leo chun páirt a ghlacadh in agallamh teileafóin a thógfaidh suas le 20 nóiméad.
Coinneofar na sonraí taighde faoi rún i gcónaí. Déantar bailiú sonraí i gcomhréir iomlán leis an RGCS agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018; ní bheifear in ann aon duine nó teaghlach a shainaithint ón bhfaisnéis chomhiomlán, na sonraí taighde nó an tacar sonraí anaithnidithe a fhoilseofar.