Síneadh leis an Straitéis Srianta Seadán d'fheirmeoirí bó agus caorach le haghaidh 2023 fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil síneadh le cur leis an Straitéis Srianta Seadán d'fheirmeoirí bó agus caorach laistigh den tSeirbhís Spriocdhírithe Chomhairleach um Shláinte Ainmhithe (TASAH) chun tacú le feirmeoirí lena bhfreagairt don dúshlán frithsheadánach.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
‘‘Is dúshlán suntasach atá le sárú i ndáil le sláinte ainmhithe sa tír seo é frithsheasmhacht fhrithsheadánach agus d'fhéadfadh go mbeadh tionchar aige ar bhrabúsacht feirmeacha. Léirigh go leor daoine spéis sa Straitéis Srianta Seadán i mbliana agus táim ag súil go mbeidh an rud céanna le tabhairt faoi deara in 2023."
“Tá clár TASAH dírithe go sonrach ar shrianta seadán ar fheirmeacha. Tá ról lárnach ag plean struchtúrtha srianta seadán i ndáil le déileáil leis an dúshlán a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithsheadánach."
“Cuireann an beart seo ar chumas feirmeoirí labhairt le cleachtóir tréidliachta oilte, gan chostas, chun comhairle a fháil maidir le bearta srianta seadán ina dtréad / ealta. Beidh clár saor in aisce TASAH á bhainistiú ag Sláinte Ainmhithe Éireann (AHI).”
Soláthraíonn TASAH maoiniú le haghaidh cuairt feirme agus comhairliúchán tréidliachta, saor in aisce don fheirmeoir, chun comhairle maidir le srianadh seadán a fháil ó chleachtóir tréidliachta oilte, lena n-áirítear sampláil agus léirmhíniú uibheacha faecacha.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
‘‘Molaim do gach feirmeoir bó agus caorach clárú leis an ardán ar shuíomh gréasáin AHI chun comhairle maidir le dea-chleachtas i ndáil le srianadh seadán a fháil dá sealúchais. Tá ról lárnach ag frithsheasmhacht fhrithsheadánach a fhorbairt i dtacú le brabúsacht feirme. Cabhróidh an beart chun cóireálacha neamhéifeachtacha a shainaithint, minicíocht cóireálacha a laghdú más gá, agus forbrófar acmhainn mhonatóireachta agus tástála mar chuid de phlean sláinte. Rachaidh an tionscnamh seo chun tairbhe feirmeoirí agus beidh sé mar bhonn le feabhsuithe ag leibhéal sláinte ainmhithe agus brabúsacht feirme.”
Gheobhaidh feirmeoirí moltaí aonair maidir le srianadh seadán dá bhfeirmeacha féin i ndiaidh na cuairte ón tréidlia.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag David Graham, POF Sláinte Ainmhithe Éireann:
‘‘Cúis áthais do AHI a bheith ag leanúint ar aghaidh ag obair le DAFM i ndáil leis an ngníomhaíocht seo in 2023 agus tacú le feirmeoirí pleananna éifeachtacha maidir le srianadh seadán a fhorbairt dá gcuid tréad agus ealtaí a d'fhéadfadh cur le hinbhuanaitheacht gheilleagrach agus chomhshaoil a gcuid fiontar.”
Is féidir le feirmeoirí clárú ón lá inniu ar aghaidh ag https://ahiportal.powerappsportals.com/PCFR/ nó labhairt lena gCleachtóir Tréidliachta Príobháideach.
Cuirfear deireadh leis an gclár ar an 31 Deireadh Fómhair 2023.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin AHI ag Comhairliúchán maidir le Srianadh Seadán TASAH (Ba & Caoirigh) - Sláinte Ainmhithe Éireann .