Déanann an tAire Sláinte comóradh ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin an 5 Bealtaine 2022) rinne an tAire Sláinte Stephen Donnelly comóradh ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda. Tacaíonn Éire leis an tionscnamh idirnáisiúnta seo, faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, atá mar chuid den fheachtas domhanda bliantúil “SÁBHÁIL BEATHA: Nigh do Lámha”.
Is é téama thionscnamh domhanda na bliana seo
“Aontaigh ar son na Sábháilteachta: Nigh do Lámha”. Tugann an feachtas spreagadh d'oibrithe sláinte ag gach leibhéal agus do dhaoine a fhaigheann rochtain ar shaoráidí cúraim sláinte chun aontú agus lámha glana a chinntiú.
Ceann de na bealaí is éifeachtaí chun scaipeadh go leor ionfhabhtuithe coitianta, lena n-áirítear COVID -19, a stopadh is ea lámha a ghlanadh go rialta. Tá sláinteachas rialta ceart láimhe ar cheann de na rudaí is tábhachtaí agus simplí is féidir linn a dhéanamh chun ár sláinte, sláinte ár dteaghlach agus ár n-othar a chosaint.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ó bhí paindéim COVID-19 ann táimid go léir níos feasaí ar an tábhacht a bhaineann le sláinteachas láimhe. Is é an bealach is éifeachtaí chun scaipeadh go leor ionfhabhtuithe a stopadh ná do lámha a ní go rialta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach oibrí cúram sláinte as ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus mholfainn do gach duine sláinteachas maith láimhe a chleachtadh. Trí oibriú le chéile agus ár lámha a choinneáil glan, is féidir linn go léir ár gcion a dhéanamh chun cabhrú lena chéile a choinneáil sábháilte i ngach suíomh agus go háirithe agus rochtain á fáil againn ar chúram sláinte."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
“Ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda 2022 ba mhaith liom spreagadh a thabhairt do gach duine sláinteachas éifeachtach láimhe a chleachtadh lena chinntiú go gcosnóimid muid féin agus daoine eile ar ionfhabhtú. Tá sé riachtanach do lámha a ghlanadh i gceart le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcóil chun ionfhabhtú a chosc agus a rialú go héifeachtach. Is féidir le baill foirne, othair agus cuairteoirí i suíomhanna cúram sláinte páirt thábhachtach a ghlacadh chun ionfhabhtuithe a laghdú trína lámha a ghlanadh."
Dúirt Ceannaire Cliniciúil FSS um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Cosc agus Rialú Ionfhabhtaithe (AMRIC) an Dr Eimear Brannigan:
“Is iad na lámha na príomhbhealaí tarchuir ionfhabhtaithe le linn cúram sláinte. Is féidir go leor ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a chosc trí dhea-shláinteachas láimhe agus trí úsáid sláinteachais láimhe chearta a chur chun cinn is féidir linn a chinntiú go bhfuil othair agus baill foirne cúraim sláinte á gcosaint ó ionfhabhtuithe inseachanta."
Tá cosc agus rialú ionfhabhtaithe (IPC) ina chroíchuid den dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta One Health i leith na Frithsheasmhachta In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021 -2025 a foilsíodh i mí na Samhna 2021. Is príomh-chumasóir é IPC maidir le cúram sláinte agus sóisialta sábháilte a sholáthar.
CRÍOCH
Tuilleadh faisnéise ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda: https://www.who.int/campaigns/world-hand-hygiene-day/2022