Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 10 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 25 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
As na 25 bás:
Tá 287 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
480 cás nua de COVID-19 deimhnithe in Éirinn. Tá 7,054 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Leis na torthaí tástála a seoladh chuig an nGearmáin le haghaidh tástála (a bhaineann le cásanna níos sine) is ionann figiúr iomlán na ndaoine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 in Éirinn anois agus 8,089.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé hAoine an 10 Aibreán) agus rinne siad na moltaí seo a leanas, ar ghlac an rialtas leo ó shin:
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Táimid ag pointe an-íogair agus criticiúil inár bhfreagra ar an ngalar seo. Cé gur éirigh le bearta go dtí seo an scaipeadh a laghdú, tá COVID-19 fós ina riosca do mhuintir na hÉireann.
“Tá a fhios againn cé chomh mór is atá na bearta atá i bhfeidhm ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar chairde, mar sin caithfear a bheith dáiríre faoi na moltaí agus tá gá leo ag an am seo.
“Táimid ag iarraidh ort fanacht sa bhaile arís, fanacht óna chéile, na treoirlínte a leanúint agus scaipeadh COVID-19 a theorannú."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
“Tá an ráta ionfhabhtaithe i dtithe altranais níos airde ná mar atá sa phobal, agus laistigh de thithe altranais tá cion níos airde daoine leis an ionfhabhtú.
“Tá FSS ag obair chun tacú le saoráidí cúraim chónaithe trí chomhairle a thabhairt maidir le cosc agus rialú ionfhabhtaithe, tacaíocht foirne agus sainchomhairle chliniciúil.
“Chuir an ECDC béim ar bhearta rialaithe ionfhabhtaithe chun daonraí leochaileacha i dtithe altranais a chosaint, atá á leanúint in Éirinn."
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 8 Aibreán (7,071 cás) – agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí sin san áireamh -
CRÍOCH
Líon iomlán na gcásanna | 7071 |
Líon iomlán san ospidéal | 1631 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 233 |
Líon iomlán na mbásanna | 283 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 1949 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 333 |
Aois airmheánach | 48 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 3788 | 53.6 |
Fireann | 2923 | 45.4 |
Anaithnid | 72 | 1 |
Iomlán | 7071 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 16 | 0.2 |
1 - 4 | 20 | 0.3 |
5 - 14 | 45 | 0.6 |
15 - 24 | 423 | 6 |
25 - 34 | 1220 | 17.3 |
35 - 44 | 1304 | 18.4 |
45 - 54 | 1339 | 18.9 |
55 - 64 | 1015 | 14.4 |
65+ | 1670 | 23.6 |
Anaithnid | 19 | 0.3 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Tarchur pobail | 66% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 25% |
Taisteal Thar Lear | 9% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 10 | 0.6 |
5 - 14 | 4 | 0.2 |
15 - 24 | 39 | 2.4 |
25 - 34 | 115 | 7. 1 |
35 - 44 | 137 | 8.4 |
45 - 54 | 249 | 15.3 |
55 - 64 | 256 | 15.7 |
65+ | 819 | 50.2 |
Anaithnid | 2 | 0.1 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Ceatharlach | 19 | 0.3% |
An Cabhán | 151 | 2.1% |
An Clár | 69 | 1% |
Corcaigh | 503 | 7.1% |
Dún na nGall | 145 | 2.1% |
Baile Átha Cliath | 3873 | 54.8% |
Gaillimh | 160 | 2.3% |
Ciarraí | 145 | 2.1% |
Cill Dara | 290 | 4.1% |
Cill Chainnigh | 96 | 1.4% |
Laois | 49 | 0.7% |
Liatroim | 25 | 0.4% |
Luimneach | 186 | 2.6% |
Longfort | 41 | 0.6% |
Lú | 116 | 1.6% |
Maigh Eo | 153 | 2.2% |
An Mhí | 206 | 2.9% |
Muineachán | 63 | 1% |
Uíbh Fhailí | 88 | 1.2% |
Ros Comáin | 26 | 0.4% |
Sligeach | 31 | 0.4% |
Tiobraid Árann | 151 | 2.1% |
Port Láirge | 60 | 0.8% |
An Iarmhí | 152 | 2.1% |
Loch Garman | 30 | 0.4% |
Cill Mhantáin | 237 | 3.4% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.