Ár dTodhchaí Tuaithe: €787,500 ceadaithe ag an Aire Humphreys d’oibreacha caipitil ar na hOileáin Árainn, Co. na Gaillimhe
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Forbairt Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys, T.D., go bhfuil deontas de €787,500 ina iomláine ceadaithe aici inniu (12ú Deireadh Fómhair) d’oibreacha caipitil ar Oileáin Árainn, Co. na Gaillimhe.
Bainfear leas as an maoiniú chun dromchla nua a chur ar roinnt bóithre ar Inis Mór agus Inis Oírr, a dúirt an tAire Humphreys.
Is é seo an sciar is déanaí den maoiniú d’infreastruchtúr ar na hoileán i mbliana.
D’fhógair an tAire Humhpreys níos luaithe sa bhliain go raibh maoiniú os coinn €2.3m ceadaithe aici do thograí oileáin Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chorcaí.
Ag labhairt inniu agus an maoiniú á fhógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Is dea-scéal é an maoiniú seo do phobal Inis Mór agus Inis Oírr. Leis an infheistíocht sna bóthair seo, tá muid ag feabhsú soghluaisteachta ar na hoileáin ar mhaith leis an bpobal áitiúil agus turasóirí ar aon. Tá tacaíocht do na hoileáin mar ghealltanas lárnach faoi ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, clár forbartha tuaithe cúig bliana an Rialtais. Léirítear arís eile tríd an bhfógra seo inniu go bhfuil beart á dhéanamh de réir ár mbriathair againn – agus is fianaise é gur mian linn pobail na n-oileán a chothú.”
Beidh suas le 90% den chostas caipitil a bhaineann leis na hoibreacha á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail leis an bhfuílleach á chur ar fáil ag Comhairle Contae na Gaillimhe.
CRÍOCH
Is iad seo na tograí atá le maoiniú leis an leithdháileadh seo:
Togra | Contae | Deontas |
Inis Mór - athdhromchlú Bhóthar Eoghanachta | Co. na Gaillimhe | €315,000 |
Inis Mór - athdhromchlú An Bóthar Ó Thuaidh | Co. na Gaillimhe | €297,000 |
Inis Oírr - athdhromchlú bóthair L-5250 | Co. na Gaillimhe | €175,500 |
D’fhéadfaí nach gcuirfí na hoibreacha seo i gcrích roimh dheireadh na bliana 2022 de bharr cúrsaí praiticiúla lóistíochta a bhaineann le hinnealra a iompar chun na hoileáin, go háirithe le cúrsaí aimsire níos measa i rith an gheimhridh. Cabhróidh an dearbhú seo go bhfuil maoiniú ceadaithe leis an gcomhairle chontae oibreacha ullmhúcháin a dhéanamh, ar nós tairiscintí a lorg, le bheith réidh tús a chur leis an obair chomh luath agus is féidir i 2023.”
Fógraí roimhe seo: