Fógraíonn an tAire Martin €100k tacaíocht d’Fhleadh Cheoil an Mhuilinn Chearr ón 6 go dtí an 14 Lúnasa 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í Fleadh Cheoil na hÉireann an ceiliúradh is mó ar domhan ar cheol, teanga, amhránaíocht agus rince na hÉireann
Faomhann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., tacaíocht speisialta do Fhleadh Cheoil na hÉireann a mheastar a bheith ar an gceiliúradh bliantúil is mó ar domhan ar cheol, teanga, amhránaíocht agus rince na hÉireann agus atá ar cheann de na féilte cultúrtha is tábhachtaí san Eoraip.
TTá Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), a fuair maoiniú €2.2 mhilliún ón Roinn in 2023, ag eagrú na hócáide tábhachtaí cultúrtha seo ó reáchtáladh an chéad cheann sa Mhuileann gCearr in 1951.
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2023, dar teideal ‘Teacht Abhaile’, ar siúl arís sa Mhuileann gCearr ón 6 go dtí an 14 Lúnasa. Tá socrú déanta ag an Aire Martin le CCÉ mar an eagraíocht náisiúnta chun tacaíocht €100,000 a chur ar fáil i dtreo chostais eagrúcháin na Fleidhe. Déantar suas an tsuim seo idir €50,000 ón Roinn agus €50,000 ó CCÉ.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Guím gach rath ar Fhleadh 2023, buaicphointe inár bhféilire cultúrtha. Spreagann sé turasóireacht áitiúil chomh maith, a mheallann líon mór cuairteoirí ón mbaile agus thar lear. Tuigim go n-eagraítear an Fleadh den chuid is mó mar thionscadal pobail, ag brath ar gach duine sa cheantar. Gabhaim buíochas leis an iliomad oibrithe deonacha agus le lucht tacaíochta sa Chomhaltas agus leis an bpobal i gcoitinne."
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus tacaíocht Chomhairle Chontae na hIarmhí agus Bhord Comhaltais Chontae na hIarmhí, a rinne i gcomhar lena sheacht gcraobh sa Mhuileann gCearr, Baile na Carraige, Baile Chaisleán na nGeochagán, Ráth Conarta, an Mhóta, agus Baile na gCros an tairiscint an Fleadh a thabhairt go baile bunaithe an Chomhaltais. D’éirigh thar barr lena n-iarrachtaí agus a dtiomantas in 2022, agus tá súil agam go bhfaighidh siad luach saothair trí thacaíocht agus freastal an phobail ar chlár na Fleidhe do 2023.”
Beidh TG4 ag craoladh beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann ón Déardaoin, an 10 Lúnasa go Dé Domhnaigh, an 13 Lúnasa gach oíche ó 9:30 i.n. go dtí 11 i.n. Craolfar an tsraith beo ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4.