Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh Géarmhíochaine (Meán Fómhair go Nollaig 2021)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis an chruinnithe comh-aireachta tráthnóna inniu, chuir an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly T.D., fáilte inniu roimh fhoilsiú Phlean Liosta Feithimh Ospidéil Géarmhíochaine , plean atá dírithe ar thionchar na paindéime agus na cibear-ionsaí ar ghníomhaíocht chúraim sceidealta a mhaolú i mbliana.
Dúirt an tAire Donnelly:
“De réir mar a leanann an bhagairt ó COVID-19 ag cúlú, is é ceann de na tosaíochtaí is airde atá agam ná dul i ngleic le liostaí feithimh. Bhí liostaí feithimh go dona roimh an bpaindéim, tá siad níos measa anois, agus caithfimid obair feabhais a dhéanamh lena chinntiú nach n-éireoidh siad níos measa."
“Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus ar an gcibear-ionsaí i mBealtaine na bliana seo, b’éigean an gnáthchúram sceidealta a chur siar ag céimeanna éagsúla le 18 mí anuas, d’fhonn tosaíocht a thabhairt do Covid agus do chúram práinneach atá criticiúil ó thaobh ama. Bhí drochthionchar dosheachanta aige seo ar liostaí feithimh."
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is cur chuige comhpháirteach é an plean láithreach gearrthéarmach seo idir FSS, an NTPF agus mo Roinn chun dul i ngleic le riaráistí agus chun bac a chur ar aon fhás breise ar liostaí feithimh faoi dheireadh na bliana seo. Tá spriocanna ag an bplean i réimsí bainistíochta liostaí feithimh, acmhainn láithreach, bealaí cúraim níos fearr agus bailiú sonraí agus faisnéis níos fearr."
Luaigh an tAire gur comhpháirt amháin é seo i bpleananna foriomlána chun dul i ngleic le liostaí feithimh. Rud eile atá níos suntasaí ná forbairt Plean Liosta Feithimh Ilbhliantúil níos fadtéarmaí, a ndéanfaidh tascfhórsa Aireachta maoirseacht air agus a bheidh faoi stiúir a Ard-Rúnaí, an tUasal Robert Watt. Tá spriocanna agus pleananna mionsonraithe ospidéal-ar-ospidéal á bhforbairt, agus é mar aidhm liostaí feithimh a thabhairt ar aon dul le huasuaireanta feithimh 10 seachtaine Sláintecare d’othair sheachtracha, 12 sheachtain de chás lae d’othair chónaithe agus 10 lá do dhiagnóisic, sna blianta amach romhainn.
Dúirt an tAire go dtógfadh sé am agus diongbháilteacht na spriocanna seo a bhaint amach, ach gheall sé go leagfadh sé féin, a oifigigh agus FSS an bhéim chéanna air seo is a leag siad ar COVID-19 agus ar rolladh amach na vacsaíne. Gheall sé oibriú i gcomhar le gach cuid den tseirbhís sláinte chun réitigh ar liostaí feithimh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm d’fhonn na hathruithe bunathraithe a theastaíonn san earnáil sláinte a dhéanamh.
CRÍOCH
Plean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh
Forbraíodh an Plean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh don chuid eile den bhliain i gcomhairle leis an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF). Tá táirgí insoláthartha aige thar chúig réimse le gníomh sonrach laistigh de gach réimse.
Bainistíocht Liostaí Feithimh
Déanfaidh Grúpaí Ospidéil agus speisialtacht liostaí feithimh do gach ospidéal a mheas chun ligean do phleananna ar leith a fhorbairt chun na liostaí a laghdú faoi dheireadh na bliana. Beidh socruithe agus tacaíochtaí rialachais i bhfeidhm chun fócas ar laghdú liostaí feithimh áitiúla a chinntiú. Tabharfaidh an NTPF agus FSS faoi chleachtadh chun dúbailtí a bhaint, úsáid níos éifeachtaí acmhainní a chinntiú trí laghduithe ar choinní a chailltear, agus próiseas bailíochtaithe cliniciúla ag sainchomhairleoirí chun sceidealú iomchuí othar a chinntiú.
Cumas Láithreach
Cuimsíonn an plean gníomhartha chun gníomhaíocht a mhéadú trí úsáid mhéadaithe a bhaint as acmhainní poiblí, agus trí úsáid a bhaint as áiseanna príobháideacha ag FSS agus NTPF.
Conairí Nuachóirithe Feabhsaithe
Is cuid riachtanach de straitéis Sláintecare is ea conair nua chun an bealach a leanann othair chun cúram a rochtain agus a chinntiú go bhfaigheann na hothair sin an cúram ceart an chéad uair. Tá roinnt treoirthionscadal ar siúl sa chóras agus tá samplaí de dhea-chleachtas a bhfuil an acmhainn chéanna acu éifeachtúlachtaí a sheachadadh le brostú.
Ullmhúchán chun na hUas-Spriocanna Aga Feithimh a thabhairt isteach
Teastóidh cur chuige céimnithe chun spriocanna uaillmhianacha aga feithimh Sláintecare a bhaint amach. Cuid den obair seo is ea comhaontú spriocanna aga feithimh ilbhliantúla. Beidh sé seo mar chuid de na Pleananna Feabhsúcháin bliantúla Sláintecare a cheanglófar ar ospidéil aonair agus ar ghrúpaí ospidéal a fhorbairt. Tá tús curtha leis an obair seo cheana féin le roinnt spriocanna le socrú faoi dheireadh na bliana d’fhonn na haidhmeanna fadtéarmacha a bhaint amach.
Sonraí agus Faisnéis
Is laige mhór inár gcóras sláinte é easpa sonraí cruinne agus cuimsitheacha tráthúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh seo, cuirfidh FSS Ardán Léirshamhlú Feidhmíochta Sláinte i bhfeidhm a sholáthróidh sonraí agus treochtaí sláinte fíor-ama ar fud ranna éigeandála, seirbhísí d’othair sheachtracha, obráidlanna, seirbhísí diagnóiseacha agus bainistíocht leapa. Tabharfaidh sé seo deis do bhainisteoirí agus do chliniceoirí gníomhaíocht fheiceáil ar fud an chórais agus idirghabhálacha práinneacha a dhéanamh nuair is gá.
Tá 20 gníomh sonrach sa Phlean faoi na ceannteidil seo chun a chuspóirí a bhaint amach.