Comhaontú socraithe maidir le Cairt nua na bhFeirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu roimh an gcomhaontú ar thángthas air idir a roinn agus ionadaithe ó na príomheagraíochtaí feirmeoireachta, maidir le Cairt nua na bhFeirmeoirí.
Leagtar na hamlínte d'iarratais, d'íocaíochtaí, do chigireachtaí agus d'achomhairc amach sa Chairt. Tiocfaidh an Chairt nua i bhfeidhm láithreach nuair a fhoilseofar í.
Ag fáiltiú dó roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire McConalogue:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach as an gcomhaontú sin a thabhairt i gcrích go rathúil agus aitheantas a thabhairt don chomhpháirtíocht idir mo roinn agus na heagraíochtaí feirmeoireachta chun tacú le feirmeoirí.
“Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le Cairt na bhFeirmeoirí agus na spriocanna atá leagtha síos laistigh de. Aithním an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí feirme agus creidim gur fianaise iad na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa Chairt nua ar thiomantas mo roinne d'fheirmeoirí.”
Ag tagairt dó d'íocaíochtaí feirme faoin bPlean Straitéiseach nua CBT, dúirt an tAire:
“Ba í an bhliain seo caite an chéad bhliain den CBT nua agus ba thogra suntasach é ag cách a raibh baint acu leis. Bhí go leor oibre d'fheirmeoirí, dá gcomhairleoirí agus do mo roinn féin le scéimeanna nua a riaradh sa chéad bhliain. Bhí torthaí láidre ann anuraidh agus go leor oibre déanta lena chinntiú gur íocadh céatadán an-ard feirmeoirí ar na dátaí a leagadh amach ag tús na bliana le haghaidh íocaíochtaí scéime. Íocadh beagnach € 1.8 billiún le feirmeoirí ar fud na tíre i rith na ráithe deiridh de 2023. Ar leibhéal an AE, tá Éire i measc na mBallstát is éifeachtúla maidir le híocaíochtaí a chur ar fáil d’fheirmeoirí go tapa agus i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla. Táim muiníneach go mbeidh an leibhéal sin ann ar fad.
“Tá dúshláin ann cinnte maidir le rolladh amach CBT, áfach, bhí deacrachtaí le sárú i rolladh amach na scéime Acres nua go háirithe. Táimid ar fad tiomanta dá chinntiú go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin sin sa dara bliain den scéim. Bhí áthas orm a chinntiú go gcuirfí áiteanna sa scéim ar fáil do gach ceann de na 55,000 feirmeoir a rinne iarratas d'fhonn tacú le feirmeoirí atá ag gabháil do ghníomh dearfach comhshaoil ar a bhfeirmeacha agus tá thart ar €230 milliún eisithe d'iarratasóirí ACRES go dtí seo, lena n-áirítear trí íocaíochtaí eatramhacha níos luaithe i mbliana.
“Bíodh is go bhfuil dualgas ar an Roinn aisíocaíochtaí a dhéanamh i gcásanna aon ró-íocaíochta a eascraíonn as íocaíochtaí eatramhacha chomh luath agus is féidir, d'iarr mé ar mo roinn teagmháil dhearfach a dhéanamh le feirmeoir ar bith a dhéanann teagmháil leo agus solúbthacht a thaispeáint i gcásanna nuair a bhíonn cruatan airgeadais le sonrú. Cuirfear tuilleadh sonraí faoi conas is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn chun an tsolúbthacht sin a iarraidh in iúl d'fheirmeoirí go luath.
“Táim go hiomlán tiomanta don Roinn a threorú lena chinntiú go n-íocfar íocaíochtaí le feirmeoirí faoi na scéimeanna éagsúla ar na dátaí atá leagtha amach sa Chairt agus leis an líon uasta feirmeoirí is féidir ar na spriocdhátaí.”
Tar éis comhaontú ar Chairt na bhFeirmeoirí inniu, bunófar Coiste Monatóireachta Cairte chun monatóireacht a dhéanamh ar spriocanna agus ar chaighdeáin chomhaontaithe. Beidh ionadaithe ó eagraíochtaí feirme agus ó fhoireann na Roinne ar an gCoiste sin.
Cheap an tAire an Dochtúir Seán Brady mar chathaoirleach neamhspleách ar an gCoiste Monatóireachta Cairte. Thacaigh na sé eagraíocht feirme ar fad d’aon ghuth le ceapachán an Dr Brady.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Brady as an ról sin a ghlacadh arís agus freisin as an gceannaireacht eisceachtúil a léirigh sé agus é i gceannas ar an gcoiste monatóireachta cairte roimhe seo. Is buntáiste nach beag do gach páirtí é a shaineolas agus a eolas agus táim buíoch as a rannpháirteachas”, a dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.
DEIREADH
Nóta d’Eagarthóirí
Ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA), Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA), Macra na Feirme, Cumann Feirmeoirí Eallaigh agus Caorach na hÉireann (ICSA), Cumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann (INHFA) agus Cumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann (ICOS) páirt sna hidirbheartaíochtaí ar an gCairt.
Is comhaontú é an Chairt idir an Roinn agus na príomheagraíochtaí feirmeoireachta agus leagtar amach ann na hamlínte, an t-iarratas, an íocaíocht, na cigireachtaí agus na hachomhairc. Ní féidir leis an gCairt cearta a dheonú a rachadh i bhfeidhm nó a d'athródh oibriú dhlí an AE nó an dlí Náisiúnta a mhéid a bhaineann siad leis na Scéimeanna atá á riaradh ag an Roinn.
Ceadóidh comhaontú maidir le Cairt na bhFeirmeoirí inniu ar an Chairt dul isteach arís i gcéim an Choiste Monatóireachta.
Foilseofar an Chairt nua sna laethanta amach romhainn.