An tAire O’Donovan ar cuairt i Loch Garman (Inis Córthaidh & Baile an Droichid) chun an damáiste uafásach a rinne tuilte sa réigiún a fheiceáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., cuairt inniu ar Inis Córthaidh agus ar Bhaile an Droichid i gContae Loch Garman. Bhuail sé le hoifigigh agus innealtóirí ó Chomhairle Chontae Loch Garman, chun cloisteáil faoin damáiste a rinne tuilte le déanaí agus an damáiste a fheiceáil dó féin.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“D’oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Chontae Loch Garman go dlúth le blianta fada chun scéim faoisimh tuilte den scoth a fhorbairt d’Inis Córthaidh. Tabharfaidh an scéim seo, nuair a bheidh sí críochnaithe, cosaint do níos mó ná 230 réadmhaoin, ina measc, ceantair sa bhaile a bhí buailte ag tuilte i rith na Nollag seo. Tá costas buiséadaithe de bhreis is €50m i gceist don tionscadal seo. Chomh luath agus a thabharfar cead don scéim seo tosú, de réir na nAchtanna um Dhraenáil Artaireach, beidh Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Chontae Loch Garman réidh le dul ar aghaidh chuig céim thógála na scéime seo, a bhfuil géarghá léi. Meastar go nglacfaidh sé idir 3 agus 4 bliana an scéim a chur i gcrích.
Tá an-trua agam do na pobail, na teaghlaigh, agus na gnóthais sin a bhí thíos leis na tuilte forleathana uafásacha a bhí ar fud Chontae Loch Garman an Nollaig seo, in Inis Córthaidh agus sna ceantair mórthimpeall an bhaile san áireamh, ach freisin bhí ceantair eile ar nós Bhaile an Droichid buailte leis na tuilte, a tharla de bharr gur thit breis agus 90mm báistí ar fud an chontae i dtréimhse ní ba ghiorra ná 24 uair an chloig. Leanfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur tacaíochta ar fáil don Údarás Áitiúil chun oibreacha cuí um fhaoiseamh tuilte a aithint agus a mhaoiniú sna ceantair seo, faoin scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí, i measc tacaíochtaí eile.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d’iarrachtaí freagartha comhordaithe an Údaráis Áitiúil, Báid Tarrthála na hÉireann, Foireann Tarrthála 117, agus an Chosaint Shibhialta Áitiúil, go háirithe ar Lá Nollag, nuair a d’fhág go leor díobh seo a dteaghlaigh chun cabhrú leo siúd a bhí i ngátar tar éis na heachtra uafáis seo.”
Tá Scéim Faoisimh Tuilte Inis Córthaidh ar cheann de thart ar 150 scéim inmharthana a bhfuil sé geallta ag an Rialtas go dtabharfar maoiniú dóibh trí infheistíocht €1.3 billiún i mbainistíocht riosca tuilte thar thréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta go dtí 2030.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works