Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an gCéad Straitéis Tionscalbhunaithe d'Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 'Straitéis d'Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh na hÉireann 2019-2023' i láthair an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu. Is í an Straitéis seo an chéad treoirphlean tionscalbhunaithe don Earnáil Cois Cladaigh agus is é Cathaoirleach an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh a chuir faoi bhráid an Aire í.
Tagann an Straitéis a cuireadh i láthair inniu sna sála ar phróiseas fada forbartha leis na Fóraim Náisiúnta agus Réigiúnacha Iascaigh Cois Cladaigh. Bhí na Fóraim fíorthábhachtach i dtaobh tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh a fhéachann le hearnáil iascaigh cois cladaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos brabúsaí agus níos dea-bhainistithe. Glacadh cur chuige ionchuimsitheach chun príomhfhadhbanna agus príomhthosaíochtaí na hearnála a aithint, lena n-áirítear Grúpa Stiúrtha le páirtithe tionscail agus páirtithe Stáit, ceardlann tiomanta agus comhcomhairliúchán poiblí.
Chuir an tAire fáilte roimh an Straitéis agus dúirt:
"Tá an-áthas orm 'Straitéis don Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh 2019-2023' a fháil." Is clochmhíle ollmhór í an Straitéis seo maidir le hobair na bhFóram Iascaigh Cois Cladaigh, atá ag forbairt tionscnamh a fhéachann le todhchaí na hearnála seo a chosaint, earnáil atá thar a bheith tábhachtach do phobail cois cósta na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Fóraim as an tacaíocht a thug siad chun an Straitéis seo a fhorbairt agus táim ag tnúth leis na torthaí a bheidh mar thoradh uirthi."
Leagtar amach roinnt cuspóirí sa Straitéis a bheidh mar chreat d'obair na bhFóram Cois Cladaigh, agus iad ag feidhmiú mar ionadaithe ar an tionscal, chomh maith le hobair Bhord Iascaigh Mhara (BIM), gníomhaireacht forbartha an tionscail, agus tabharfaidh siad treoir shoiléir maidir le forbairt na hearnála cois cladaigh sna blianta beaga seo amach romhainn. Is é BIM a threoróidh cur i bhfeidhm an phlean, i gcomhar leis an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh, chun maith a dhéanamh de na gníomhartha a bheidh mar bhonn taca faoi thodhchaí inbhuanaithe na hearnála. Díreofar leis an Straitéis seo ar an tacaíocht airgeadais atá ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a úsáid sna réimsí is mó a mbainfear an leas is fearr aisti.
D'fhógair an tAire chomh maith go bhfuil beart ceadaithe aige faoina méadófar go dtí 140mm íosmhéid tagartha caomhnaithe an phortáin dheirg. Faoin mbeart caomhnaithe nua seo, a thionscain baill ó thionscal iascaireachta an Oirdheiscirt, méadófar go dtí 140mm íosmhéid an phortáin dheirg is ceadmhach do bháid a bhíonn ag iascaireacht i Muir Éireann a thógáil i limistéir VI agus VII an ICES. Thug an tAire cuireadh don Fhóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh agus do ghníomhaireachtaí mara a gcuid tuairimí ar thréimhse treorach chuí don bheart nua a chur ar aghaidh.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá áthas orm ceadú an bhirt caomhnaithe seo a fhógairt, go háirithe mar gurbh iad na hiascairí cois cladaigh a bhfuil tuiscint acu ar an tábhacht atá le hiascaigh inbhuanaithe a chothú a thionscain agus a d'fhorbair é. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh agus lena mbaill as an gcur chuige gníomhach leanúnach a ghlacann siad i leith fadhbanna caomhnaithe san earnáil cois cladaigh."
Tagann ceadú an bhirt caomhnaithe seo i ndiaidh próiseas fada comhchomhairliúcháin a raibh na Fóraim Náisiúnta agus Réigiúnacha Iascaigh Cois Cladaigh páirteach ann agus i ndiaidh comhchomhairliúchán poiblí a tionóladh in 2018. Mhol an tionscal an méadú seo mar bhealach chun tacú le hinbhuanaitheacht iascach an phortáin dheirg trí níos mó ama a thabhairt don phortán dearg síolrú. Aithneofar tréimhse treorach chuí agus is le hionstraim reachtúil a chuirfear an beart i bhfeidhm.
Rinne an tAire comhghairdeas chomh maith le Cathaoirleach nua an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh, Trudy McIntyre ó Fhóram Iascaigh Cois Cladaigh Réigiún an Oirdheiscirt:
"Tá cuimse eolais agus taithí mhór ag Trudy a chuirfidh go mór lena ról nua tráth thar a bheith tábhachtach in earnáil cois cladaigh na hÉireann. Bhí an tacaíocht a thug Trudy do thionscnaimh san earnáil iascaigh cois cladaigh, lena n-áirítear an chéad Straitéis Iascaigh Cois Cladaigh, thar a bheith tábhachtach. Guím gach rath ar Trudy agus táim ag tnúth le bheith ag obair léi."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do Alex Crowley as an obair a rinne sé ina Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh. Tá obair iontach déanta ag Alex agus bhí sé diongbháilte maidir leis an tiomantas a bhí aige an earnáil cois cladaigh a fhorbairt."
CRÍOCH
Faoin mbeart atá ceadaithe ag an Aire Creed méadófar go dtí 140mm íosmhéid an phortáin dheirg is ceadmhach do bháid a bhíonn ag iascaireacht i Muir Éireann a thógáil i limistéir VI agus VII an ICES . Ba iad baill thionscail iascaireachta an oirdheiscirt a thionscain an moladh don bheart seo, arna fhorbairt ag an SE RIFF agus arna chur i láthair an Aire ag an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh. D'iarr an tionscal an méadú seo mar bhealach chun tacú le hinbhuanaitheacht iascach an phortáin dheirg trí níos mó ama a thabhairt don phortán dearg síolrú. Ceadaíodh an beart i ndiaidh próiseas comhchomhairliúcháin a raibh comhchomhairliúchán poiblí agus tionscail mar chuid de.