"Tá an-díomá ar fad orm faoi chinneadh rialtas Iosrael a ambasáid i mBaile Átha Cliath a dhúnadh.
"Tá polasaí eachtrach na hÉireann bunaithe ar ár ngealltanas domhain don idirphlé agus do réiteach síochánta ar aighnis. Tá ról tábhachtach ag ambasáidí atá lonnaithe anseo ina leith sin.
"Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh roimhe seo na bealaí a choinneáil ar oscailt toisc gur féidir linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar sheasamh a chéile, fiú nuair nach n-aontaímid.
"Dúiltaím go hiomlán an dearbhú go bhfuil Éire frith-Iosrael. Tá Éire ar son na síochána, ar son chearta an duine agus ar son an dlí idirnáisiúnta.
"Tá Éire ag iarraidh socrú dhá stát agus go mbeadh Iosrael agus an Phalaistín ag maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shlándáil. Labhróidh Éire amach i gconaí ar son chearta an duine agus ar son an dlí idirnáisiúnta."
CRÍOCH.