Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil an próiseas Iarratais do Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2019 oscailte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, go bhfuil an próiseas iarratais do Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus don Scéim Glasú anois oscailte luath.
Dúirt an tAire:
“Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an córas iarratais le hiarratas a dhéanamh ar BPS 2019 anois oscailte. Tosóidh feirmeoirí ag fáil pacáiste eolais BPS sa phost ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha na scéime chomh maith le léarscáileanna agus sonraí faoin talamh.
"Ní mór, faoi rialacháin an AE, na hiarratais a chur ar aghaidh ar líne. Is ar líne ar rinne feirmeoirí na hÉireann ar fad iarratas anuraidh agus léiríonn sin an réimse buntáistí atá ann do na feirmeoirí iarratais a dhéanamh ar líne."
Dheimhnigh an tAire gur Dé Céadaoin an 15 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais BPS in 2019 agus tá sé ag iarraidh ar fheirmeoirí agus ar chomhairleoirí leas a bhaint as an bpróiseas iarratais anois ó tharla é oscailte luath seachas a bheith ag fanacht go dtí níos gaire don dáta deiridh:
"Chun cuidiú le feirmeoirí iarratas a chur ar aghaidh ar líne in 2019, tá sé cinntithe agam go bhfuil an córas iarratais don BPS ar fáil luath. Tabharfaidh sé sin neart ama d'fheirmeoirí eolas a chur ar an gcóras iarratais ar líne agus lena gcuid iarratas a dhéanamh roimh an spriocdháta.
"Cuirfidh oifigigh ó mo roinn réimse tacaíochtaí ar fáil freisin d'fheirmeoirí sna seachtainí atá ag teacht, sraith clinicí BPS in áiteanna ar fud na tíre san áireamh. Beidh tuilleadh cúnaimh, mar línte cabhrach teileafóin, ar fáil freisin. Cinnteoidh an cúnamh seo go mbeidh teacht ag gach feirmeoir ar na híocaíochtaí tábhachtacha seo."
I measc na mbuntáistí a bheidh ann d'iarratasóirí ar líne déanfar réamhsheiceálacha ar iarratais ar líne. Leis na réamhsheiceálacha seo, cuirfear comhairle ar iarratasóirí ar líne maidir le hearráidí ar leith i dtús an phróisis agus beidh deis acu sin a chur ina gceart gan aon phionós a ghearradh orthu.
Thug an tAire ar aird:
"d'éirigh thar cionn leis na réamhsheiceálacha sna blianta atá caite agus tá siad ar cheann de na buntáistí go leor a bhaineann leis an gcóras iarratais ar líne do na feirmeoirí."
Tá na gnéithe ar fad a bhaineann leis na Scéimeanna Íocaíochta Dírí (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochta, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) anois ar fáil ar líne. Cuidíonn seo a chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.
Dúirt an tAire:
“Mholfainn do gach feirmeoir leas a bhaint as an deis iarratas a dhéanamh luath ar an BPS tríd an gcóras ar líne. Tá sé ar fáil d'fheirmeoirí chun sin a dhéanamh iad féin nó trí ghníomhaire. Ligeann an córas iarratais ar líne do mo Roinn cur le chomh maith is a d'éirigh linn íocaíochtaí riachtanacha a íoc le feirmeoirí faoi scéimeanna mar BPS agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha."
CRÍOCH
Leagtar amach i rialacháin AE go gcaithfear iarratais BPS a dhéanamh ar líne ó 2018 amach. Is ar líne a rinneadh 100% d'iarratais sa bhliain 2018.
Tá gnéithe ar fad na Scéimeanna Íocaíochta Dírí (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochta, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) anois ar fáil ar líne. Cuidíonn seo a chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir. Beidh scéimeanna limistéar-bhunaithe eile a ndéantar iarratas ina leith tríd an gcóras iarratais BPS ar fáil ar líne anois freisin - Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha mar shampla.
Ceann de na buntáistí is mó atá le hiarratas a dhéanamh ar líne d'iarrastóirí ná na réamhsheiceálacha a tugadh isteach le roinnt blianta anuas. Aithnítear sna réamhsheiceálacha seo aon ró-éilimh a dhéantar, iarratais a bheadh ag teacht salach ar a chéile nó dé-éilimh i ndáil le hiarratais BPS. Sa chás go n-aithnítear fadhb den chineál sna réamhsheiceálacha, tabharfar deis d'iarratasóirí a n-éileamh a leasú laistigh d'am sonrach gan pionós a ghearradh orthu. D'fhéadfadh go mbeadh iarratasóirí ag iarraidh an bunéileamh a choinneáil nó an t-éileamh a leasú bunaithe ar an réamhsheiceáil.
Bhain breis is 10,000 feirmeoir leas as na réamhsheiceálacha sa bhliain 2018 agus leis sin laghdaíodh an baol a bhí ann i dtaobh pionóis.
Tá feirmeoirí anois ag fáil pacáiste eolais BPS sa phost. Áireofar iontu anseo an gnátheolas chun cuidiú le feirmeoirí a gcuid iarratas a dhéanamh - Téarmaí agus coinníollacha, léarscáileanna agus sonraí faoin talamh. Ó tharla gur ar líne a chaithfear iarratas a dhéanamh anois ní bheidh aon iarratas páipéir san áireamh sa phacáiste.
Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:
Cuirfidh an Roinn tuilleadh cúnaimh ar fáil sna seachtainí atá romhainn agus cuirfear na feirmeoirí ar an eolas faoi seo.