Fógraíonn an tAire McConalogue maoiniú de €12.7 milliún do bhonneagar Mara Údarás Áitiúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, leithdháileadh €12.7m inniu a fhéachfaidh le 15 thionscadal bonneagair mara a sheachadadh i bpáirt le húdaráis áitiúla trína rachfar i ngleic le tionchair an Bhreatimeachta ar phobail chósta na hÉireann. Chuir na húdaráis áitiúla na tionscadail sin chun cinn roimhe seo faoi Scéim Choigeartú Brexit na nÚdarás Áitiúil um Bonneagair Mhuirí (CBÚABM) 2022-2023.
Agus é ag trácht ar rath Scéim CBÚABM go dtí seo, dúirt an tAire,
“Caithfidh mé na hÚdaráis Áitiúla a mholadh maidir leis an ngealltanas tionscadail a sheachadadh trí scéim CBÚABM. Faoi dheireadh 2023, bhí €37.8m de mhaoiniú seachadta againn chun tacú le 148 tionscadal caipitil fud fad chósta na hÉireann a sheachadadh, trína gcuirtear spreagadh eacnamaíochta láithreach ar fáil d'fhonn dul i ngleic le tionchar an Bhreatimeachta agus trína gcuirtear bonneagar buan ar fáil chun cur le hathléimneacht fhadtéarmach.”
Ceadaíodh suas le €55.3m trí Scéim Choigeartú Brexit na nÚdarás Áitiúil um Bonneagair Mhuirí (CBÚABM) 2022-2023 do 164 tionscadal bonneagair mhuirí lonnaithe in 13 údarás áitiúil a bhfuil cósta acu. Mhol an Táscfhórsa Bia Mara an scéim le tacú le húdaráis áitiúla bonneagar muirí agus cósta na hÉireann a athnuachan chun dul i ngleic le hiarmhairtí geilleagracha an Bhreatimeachta go sonrach a eascraíonn as na himpleachtaí do thionscal iascaireachta na hÉireann. Bhí dúshláin seachadta roimh roinnt tionscadal a ceadaíodh faoin scéim i dtaca le toiliú, soláthar, leis an slabhra soláthair agus le deiseanna ó thaobh na haimsire de d'oibreacha i measc rudaí eile. Roghnaíodh na tionscadail a ceadaíodh do mhaoiniú in 2024 ar bhonn na dóchúlachta go seachadfar iad in 2024 agus i ngeall ar a n‑ábharthacht leanúnach maidir le dul i ngleic le tionchair an Bhreatimeachta ar thionscal iascaireachta na hÉireann.
Dúirt an tAire freisin
“Chuaigh an Rialtas i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach maidir le maoiniú ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus fuarthas an tsolúbthacht is mó is féidir amach go tús 2024. Measaim go bhfuil sé fíorthábhachtach na tionscadail sin a chur chun cinn sa ré iar-Bhreatimeachta, agus ba mhaith liom go mbeadh seachadadh optamaithe ann le go mbeadh sé i gcomhréir le CCB”.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
“Bhí tábhacht shuntasach riamh ag baint le bia mara don tír seo ó thaobh na sochaí agus na heacnamaíochta de, agus tá ról fíorthábhachtach aige i gcónaí maidir le hinmharthanacht inbhuanaithe go leor pobal cósta ar fud na hÉireann. Beifear in ann deiseanna éagsúlaithe a chur ar fáil trí na tionscadail sin do na pobail chósta sin a ndeachaigh iarmhairtí an Bhreatimeachta i gcion orthu go speisialta.”
Tá an Scéim á riar ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus tá gach údarás áitiúil freagrach as rialachas agus seachadadh a gcuid tionscadal féin.
CRÍOCH.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tugtar sonraí sa tábla maidir leis an maoiniú uasta a ceadaíodh do thionscadail chaipitil do bhonneagar mara faoi úinéireacht na nÚdarás Áitiúil le linn 2022-2024.
Coigeartú Brexit: Tá Scéim na nÚdarás Áitiúil um Bonneagair Mhuirí 2022-2023 deartha chun tacú le hearnálacha eacnamaíocha, le gnólachtaí agus le pobail áitiúla agus chun tacú le cruthú agus cosaint post trí chistí Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) a dháileadh chun bonneagar cósta agus mara na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí a fheabhsú, a uasghrádú, a nuachóiriú agus a fhorbairt chun éagsúlú deiseanna eacnamaíocha a éascú. Is é an príomhchoinníoll maidir le húdaráis áitiúla a chúiteamh ná go mbeadh an tionscadal bainteach go díreach le dul i ngleic le drochthionchair imeacht an RA.
Is ionstraim speisialta éigeandála aonuaire é CCB. Is é an sprioc atá le CCB ná tacaíocht a chur ar fáil chun cur i gcoinne dhrochiarmhairtí eacnamaíochta, sochaíocha, críche agus, nuair is iomchuí, comhshaoil atá ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas ar na Ballstáit, lena n‑áirítear a réigiúin agus a gcomhphobail áitiúla, agus a n-earnálacha, go háirithe sna cinn a ndeachaigh imeacht an RA i gcion orthu go sonrach is go dochrach, agus chun an tionchar diúltach ábhartha ar chomhtháthú eacnamaíochta, sochaíoch agus críche a mhaolú. Is í Éire an tairbhí is mó ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an chéad Bhallstát a fuair a réamh-mhaoiniú. Tá úsáid CCB á rialú ag rialachán AE. Ba ghné thábhachtach iad an t-iascach agus pobail chósta den chaibidlíocht maidir le leithdháiltí CCB na mBallstát.