Seolann an tAire Foley tionscadal taighde nuálach chun tacú le scoileanna beaga faoin tuath in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol An tAire Norma Foley TD tionscadal taighde gníomhaíochta dhá bhliain a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le scoileanna beaga tuaithe.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal nuálach scoileanna beaga a spreagadh chun braisliú i ngrúpaí áitiúla, ag cur ar a gcumas comhoibriú agus dúshláin chomónta a aithint agus triail a bhaint as réitigh nuálacha.
Tá an tionscadal seo á fhorbairt ag grúpa oibre de chomhlachtaí bainistíochta scoile agus ceardchumainn múinteoirí i gcomhar leis an Roinn Oideachais, mar chuid de chlár oibre an Fhóraim Bhunoideachais (PEF). Cuimsíonn an Fóram Bunoideachais na comhpháirtithe bunscoile go léir, lena n-áirítear ionadaithe tuismitheoirí, ag obair i gcomhar leis an Roinn Oideachais.
Bunófar sé bhraisle tionscadail de scoileanna beaga, dhá cheann i nGaillimh, agus ceann i nDún na nGall, Ciarraí, Port Láirge agus Cill Mhantáin, ina mbeidh idir trí agus cúig scoil i ngach braisle. Beidh comhordaitheoirí áitiúla páirtaimseartha ag tacú leis na braislí, faoi choimirce na gcomhpháirtithe oideachais, agus iad ag obair le comhordaitheoir náisiúnta faoi threoir grúpa stiúrtha. Mar chuid dhílis den tionscadal, déanfar meastóireacht agus tuarascáil dheiridh a chur le chéile, lena n-áirítear anailís ar inscálaitheacht na ngníomhartha a tharla.
Dúirt an tAire Foley:
“Ar fud na tíre, cuirtear fuinneamh agus tacaíocht áitiúil den scoth ar fáil dár scoileanna beaga. Tá an-mheas orthu seo inár bpobail, agus bíonn ról tábhachtach acu i saol an phobail. Bainfidh an tionscadal taighde seo leas as cuid den fhuinneamh sin agus tacófar le scoileanna comhoibriú i mbraislí agus réitigh fhéideartha a aithint ar roinnt de na dúshláin atá rompu.
“Tá sé aitheanta ag ceannairí agus pobail scoile na scoileanna beaga féin go bhfuil acmhainn rímhór ann comhoibriú chun teacht ar réitigh inoibrithe. Is iad na scoileanna beaga féin is fearr a thuigeann na rudaí a d’fhéadfadh oibriú nó gan oibriú dóibh. Níltear ag súil go n-éireoidh láithreach leis na gníomhaíochtaí go léir a mbainfear triail astu; is í an aidhm ná deis a sholáthar thar thréimhse dhá bhliain chun triail a bhaint as rudaí go sábháilte.
“Tá an Clár Rialtais tiomanta do leanúint leis an tábhacht a aithint a bhaineann le scoileanna beaga do phobail ar fud na hÉireann agus soláthraíonn an nuálaíocht seo tacaíocht inbhraite don tiomantas sin.
“Níl aon amhras orm ach go gcuirfidh na scoileanna a bheidh páirteach ar fud sé bhraisle an tionscadail seo léargais agus tuairimí luachmhara ar fail maidir le tacaíochtaí ar féidir iad a fhorbairt agus a mhacasamhlú ar fud scoileanna beaga."
Áirítear mar chuid de na samplaí de chuir chuige nuálacha a d’fhéadfadh braislí scoileanna a ghlacadh sa tionscadal taighde gníomhaíochta:
• Gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim an churaclaim a roinnt, lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar an tslí ar féidir le TFC na braislí a nascadh.
• Comhoibriú níos dlúithe idir scoileanna ar mhaithe le gníomhaíochtaí comónta agus nó soláthar RSO a bheith á chomhroinnt ag daltaí, agus taithí á fháil acu air seo.
• An bealach is fearr chun tacú le hábhair chothabhála ar nós córais/seirbhísí TF a bhreithniú, agus soláthar agus costais a mheas agus a chomhroinnt.
• Iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe de cheannaireacht scoile ar nós roinnt scoileanna a bheith faoi bhainistíocht phríomhoide scoile amháin, tacaíochtaí atá ann cheana sa chóras do phríomhoidí atá ag teagasc agus foirne na bainistíochta lárnaí a chumhachtú ar fud na mbraislí.
Beidh maoiniú ann do shaolré dhá bhliain an tionscadail agus ní iarrfar ar scoileanna ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal.
Bhíothas i dteagmháil leis na scoileanna rannpháirteacha agus cuirfear tús leis an tionscadal sa scoilbhliain nua.
CRÍOCH
Déanfaidh grúpa stiúrtha an tionscadal a mhaoirsiú agus a thacú lena n-áirítear ionadaithe ó Chumann Múinteoirí Éireann (INTO), Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann (IPPN), Bord Oideachais Ard-Sionad Eaglais na hÉireann (CIBE), Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) agus an Roinn.
Sainmhínítear scoileanna beaga chun críocha staidrimh mar scoileanna ina bhfuil ceithre mhúinteoir príomhshrutha nó níos lú. Sásaíonn 44 faoin gcéad de na bunscoileanna go léir – thart ar 1,360 scoil aonair – an sainmhíniú seo, agus is ionann sin agus 14.2 faoin gcéad de na daltaí go léir.
Is iad na scoileanna rannpháirteacha, i gcomhar lena gcomhordaitheoir braisle, a thiomáinfidh gach gné den ghníomhaíocht sa tionscadal dhá bhliain. Le linn na tréimhse seo, coimeádfar slán gach leibhéal foirne de réir an sceidil; mar shampla, má thiteann na leibhéil rollaithe, ní laghdófar, sna scoileanna ábhartha, líon na bpost teagaisc de réir an sceidil.