Fógraíonn an Taoiseach Simon Harris agus an tAire Humphreys leathadh amach na mBéilí Scoile Teo chuig 900 Bunscoil bhreise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Taoiseach Simon Harris agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, inniu go bhfuil 900 Bunscoil bhreise faofa do Chlár na mBéilí Scoile Teo.
Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbainfidh 150,000 páiste breise leas as Béilí Teo cothaitheacha.
Ina theannta sin, tá sé fógartha ag an Taoiseach agus ag an Aire Humphreys gur féidir le haon Bhunscoileanna eile nach bhfuil páirteach sa scéim fós spéis a léiriú anois i mBéilí Scoile Teo a fháil.
Agus é ag labhairt le linn comhchuairte ar Scoil Náisiúnta Shóisearach San Tomás i Leamhcán, dúirt an Taoiseach Simon Harris:
“Táim an-bhródúil as an gclár seo. Tá sé ar cheann de na rudaí is mó a luaitear liom agus mé ag tabhairt cuairte ar phobail ar fud na tíre
“Sheolamar Béilí Scoile Teo mar chlár píolótach 5 bliana ó shin agus tá éileamh mór air ó shin i leith. Ciallaíonn méadú an lae inniu go 150,000 páiste breise gur féidir le breis agus 316,000 páiste béile te cothaitheach a fháil le linn a lá scoile.”
“Mar Thaoiseach tá sé geallta agam go ndíreoimid ar ár ngealltanais chun cabhrú le teaghlaigh a chur i gcrích agus níl i bhfógra an lae inniu ach ceann de na bealaí a bhfuil sé beartaithe agam é sin a dhéanamh.”
Agus sonraí maidir leis an bplean a leathadh amach á bhfógairt aici inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil 900 Bunscoil bhreise ceadaithe do Chlár na mBéilí Scoile Teo, agus tá béilí teo á bhfáil ag cuid acu cheana féin.
“Nuair a ceapadh mar Aire Coimirce Sóisialaí mé i mí an Mheithimh 2020, bhí 30 scoil ag fáil Béilí Teo. Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfuil os cionn 2,000 bunscoil in ann leas a bhaint as Béilí Scoile Teo inniu. Tá gach scoil a chuir Léiriú Spéise isteach tugtha isteach sa scéim.
“Mar sin féin, de réir mar a scaip an scéala faoin taithí dhearfach, tá suim léirithe ag roinnt scoileanna nár chláraigh roimhe seo a bheith páirteach. Bhí lúcháir orm é sin a chloisteáil, agus mar sin tá babhta nua Léirithe Spéise á oscailt agam chun deis a thabhairt dúinn béilí scoile teo a thabhairt do na scoileanna sin.
“Is é an uaillmhian atá agam ná go mbeidh béile te á fháil ag gach páiste bunscoile sa tír in 2025. Tá sé seo i bhfad chun tosaigh ar ár sprioc bhunaidh go mbeidh Béilí Scoile Teo ina rud uilíoch i mBunscoileanna faoi 2030.”
Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:
“Is clár dochreidte é clár na mBéilí Scoile Teo a thacaíonn le folláine páistí i scoileanna ar fud na tíre.
“Ba thosaíocht ag an Rialtas é leathnú an chláir agus thacaigh an Roinn Oideachais lena leathadh amach faoin Aire Norma Foley.
“Agus an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag soláthar príomhthacaí costais mhaireachtála, bainfidh tuismitheoirí agus teaghlaigh a bhfuil páistí scoile acu leas ollmhór as Clár na mBéilí Scoile Teo chomh maith leis an scéim leabhar scoile agus raon tionscnamh eile atá dírithe ar chostais mhaireachtála.”
Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett:
“Cuireann béilí scoile teo go mór le folláine na gcéadta míle páiste ar fud na hÉireann.
“I bhfianaise na Straitéise Soláthair Phoiblí Ghlais nua, beidh íosmhéid 10% de bhia orgánach deimhnithe san áireamh i ngach conradh soláthair poiblí nua.
“Is dea-scéal é i dtaca leis an mbithéagsúlacht, le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an méadú ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha ar fud na tíre. Ach thar aon rud eile, is dea-scéal é do na páistí scoile a bhainfidh sult as na béilí blasta cothaitheacha seo.”
Tugadh isteach Clár na mBéilí Scoile Teo in 2019 mar chlár píolótach beag de 30 scoil.
Tá fás suntasach tagtha ar an gClár le blianta beaga anuas ag an Aire Humphreys agus tá breis agus 2,000 Bunscoil incháilithe le Béile Te a fháil anois.
Anuraidh, chuir an tAire Humphreys in iúl go raibh sé ar intinn aici Clár na mBéilí Scoile Teo a rolladh amach chuig gach Bunscoil. Mar chuid den phlean leathnaithe suntasach seo, chuathas i dteagmháil le gach Bunscoil a bhí fágtha agus iarradh orthu foirm léirithe spéise a chur isteach má tá suim ag a scoil tús a chur le soláthar na mBéilí Teo.
Fuarthas iarratais ar Chlár na mBéilí Scoile Teo ó thart ar 900 Bunscoil maidir le 150,000 páiste agus ó inniu ar aghaidh beidh na scoileanna seo ag glacadh páirt i gClár na mBéilí Scoile Teo.
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an maoiniú do scoileanna le haghaidh Chlár na mBéilí Scoile, agus tá sé de fhreagracht ar gach scoil a soláthraí a roghnú ar bhealach oscailte, cothrom agus trédhearcach de réir na reachtaíochta náisiúnta agus threoracha an AE ar sholáthar.
Nótaí do na hEagarthóirí:
Is é cuspóir Chlár na mBéilí Scoile ná bia rialta, cothaitheach a sholáthar do pháistí chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Cuid thábhachtach is ea an clár de bheartais chun freastal ar scoil agus gnóthachtáil bhreisithe oideachais a spreagadh.
Tugadh isteach gné na mBéilí Scoile Teo in 2019 agus tá fás suntasach tagtha uirthi ó scéim phíolótach bheag de 30 scoil. Tabharfaidh fógra an lae inniu líon iomlán na scoileanna atá in ann leas a bhaint as Béilí Teo go dtí 2,000 ón 08 Aibreán 2024.
Beidh deis anois ag gach Bunscoil eile Léiriú Spéise a chur isteach maidir le Béilí Scoile Teo a fháil.