An t-eolas is déanaí ón Aire Foley agus ón Aire Naughton maidir leis na cúig scoil speisialta nua do scoilbhliain 2025/26
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD, inniu (Dé Máirt, 10 Nollaig) suíomh na gcúig scoil speisialta nua atá le bunú do scoilbhliain 2025/26.
Tagann sé seo sna sála ar an bhfógra a rinne siad ar an 18 Deireadh Fómhair 2024 go mbunófaí cúig scoil speisialta nua i gceithre chontae éagsúla do scoilbhliain 2025/26 chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar líon na scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu.
Is i gceantar Thuaisceart na Cathrach i gCathair Chorcaí a bheidh suíomh na scoile speisialta nua i gContae Chorcaí. Maidir leis an 2 scoil speisialta nua i gContae Bhaile Átha Cliath, beidh ceann acu lonnaithe i gceantar Leamhcáin agus an ceann eile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is i mBaile na Lorgan a bheidh an scoil speisialta nua i gContae Mhuineacháin. Is san Aonach a bheidh an scoil speisialta nua i dTiobraid Árann.
Freastalóidh na scoileanna ar leanaí agus ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta oideachais speisialta acu suas go dtí 18 mbliana d'aois. Is cloch mhíle thábhachtach é uasdátú an lae inniu ar a suíomhanna toisc go gceadaíonn sé níos mó ama chun iontrálacha scoile a phleanáil, baill foirne a earcú, foireann a oiliúint agus tabhairt faoi oibreacha tógála riachtanacha. Cinnteoidh an ardphleanáil chun cinn seo don chéad scoilbhliain eile 2025/2026 go mbeidh socrúcháin chuí ar fáil chun freastal ar riachtanais scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Meastar go bhfeidhmeoidh na cúig scoil speisialta faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúla (BOOanna); BOO Chorcaí, BOO Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, agus BOO Thiobraid Árann.
Bainfear athearraíocht as foirgnimh atá ann cheana féin chun na scoileanna a bhunú. Tá an úsáid seo atá á baint as an soláthar foirgneamh scoile atá ann cheana féin ríthábhachtach chun dlús a chur le soláthar na cúig scoil speisialta nua faoi mhí Mheán Fómhair seo chugainn.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis na suíomhanna beachta agus na socruithe maidir le bunú na scoileanna aonair á dtabhairt chun críche leis na páirtithe leasmhara ábhartha.
Dúirt an tAire Foley:
"Mar Aire Oideachais, táim tiomanta do chóras oideachais a bheith ann a oibríonn do chách. Tá an-áthas orm suíomhanna na gcúig scoil speisialta nua i gcontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Thiobraid Árann a dheimhniú. Is comhartha eile é seo ar thiomantas an rialtais seo do chóras oideachais ionchuimsitheach a chur ar fáil atá cuimsitheach, oscailte agus fáilteach do chách.
"Tá a fhios agam go raibh éileamh mór i Muineachán go háirithe ar an gcéad scoil speisialta sa chontae. Bhuail mé le tuismitheoirí agus grúpaí i Muineachán roinnt uaireanta agus thug mé gealltanas dóibh go réiteofaí é sin roimh dheireadh na bliana. Tá lúcháir orm go bhfuil suíomh na scoile speisialta nua sa chontae deimhnithe anois.
"Tá fíorthiomantas léirithe ag ár bpobail scoile don chuimsiú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a bhfuil baint acu le tacú le bunú ranganna speisialta agus scoileanna speisialta ar bhonn leanúnach. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag leathnú oideachas speisialta, agus níos mó ná 3,300 rang speisialta ag feidhmiú. Cuirfear thart ar €2.9 billiún ar fáil i mBuiséad 2025 chun tacaíochtaí a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu."
Dúirt an tAire Naughton:
"Mar Aire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá áthas orm go bhfuilimid in ann suíomh na gcúig scoil speisialta nua a dheimhniú inniu.
"Is lá tábhachtach é seo do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sna ceantair seo, agus dá dtuismitheoirí. Déanfaidh an soláthar breise seo fíordhifríocht do theaghlaigh agus do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus tabharfaidh sé soiléireacht dóibh chomh luath agus is féidir don chéad scoilbhliain eile.
"Tá sé ríthábhachtach go gcuireann ár gcóras oideachais socrúcháin scoile ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais aonair scoláirí agus tá na scoileanna speisialta mar ghné thábhachtach den soláthar sin i gcónaí.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na BOOanna agus leis na scoileanna atá páirteach as a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht linn chun na cúig scoil speisialta nua seo a oscailt, is céim shuntasach í seo chun freastal ar an leibhéal riachtanais sna ceantair gheografacha sin."
Tá an phleanáil faoi lán seoil chun na scoileanna speisialta nua a oscailt. San áireamh ansin tá cinneadh maidir le méid na scoile a theastaíonn ionas gur féidir tús a chur le hearcaíocht na foirne atá riachtanach, le forbairt polasaí scoile agus le socruithe gaolmhara. Deimhneofar go luath sonraí maidir le suíomh beacht na scoileanna speisialta nua, an próiseas iontrála agus líon na n-áiteanna atá le tairiscint do scoilbhliain 2025/26 i ngach scoil speisialta nua.
Oibreoidh CNOS go dlúth le teaghlaigh na leanaí agus na ndaoine óga lena mbaineann chun cabhrú leo rochtain a fháil ar na háiteanna nua a bheidh ar fáil do scoilbhliain 2025/26.