Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 20 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 126 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.
Tá 683 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí is déanaí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Céadaoin an 18 Márta (438 gcás):
Maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas:
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Níor cheart dúinn bheith réchúiseach. Is ag dul chun tairbhe dá dtír atá gach duine atá ag cloí le scaradh sóisialta agus atá ag déanamh a ndíchill leathadh an víris a shrianadh.
"D'eisigh an Roinn Sláinte treoirlínte maidir le scaradh sóisialta amuigh faoin spéir ar cheart do gach duine cloí leo. Cé go molaimid do dhaoine aclaíocht a dhéanamh amuigh faoin spéir agus stíl mhaireachtála shláintiúil a choinneáil ar bun, is ríthábhachtach fós atá bearta um scaradh sóisialta."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is eol dúinn gur féidir go mbeidh daoine aonair scoite agus imníoch de bharr na ngníomhartha nach mór dúinn a dhéanamh mar náisiún. Smaoinigh ar do mheabhairshláinte le linn na tréimhse seo, déan iarracht gnáthamh a choinneáil ar bun, coinnigh aiste chothromaithe shláintiúil bia ar bun agus cuimhnigh nach ionann scaradh sóisialta agus leithlisiú sóisialta – coinnigh i dteagmháil le daoine muinteartha agus le cairde agus bain úsáid as an teicneolaíocht chun coinneáil ceangailte. Tá acmhainní ar fáil ar HSE.ie chun cabhrú leat smaoineamh ar do mheabhairshláinte."
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir um Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Baineann ceann amháin de gach ceithre chás le hoibrithe cúram sláinte. Ní mór dúinn béim a leagan ar cé chomh tábhachtach is atá bearta cuí cosanta pearsanta in ospidéil. Leanfaidh foghrúpa oibrithe cúram sláinte, a bunaíodh faoin bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, le tacaíocht a thabhairt d'oibrithe cúram sláinte túslíne."
CRÍOCH
Foinse: HSPC | An líon daoine | *% den iomlán |
An líon iomlán cásanna | 438 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 140 | 32 |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 12 | 3 |
An líon iomlán básanna | 3 | 0.7 |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.6 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 114 | 26 |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 27 | |
Aois airmheánach | 44 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Fir | 241 | 55% |
Mná | 189 | 43% |
Níl an inscne ar eolas | 7 | 2% |
Iomlán | 438 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Aoisghrúpa | An líon daoine | % den iomlán |
<1 | 1 | 0 |
1 - 4 | 1 | 0 |
5 - 14 | 9 | 2 |
15 - 24 | 47 | 11 |
25 - 34 | 78 | 18 |
35 - 44 | 96 | 22 |
45 - 54 | 62 | 14 |
55 - 64 | 69 | 16 |
65+ | 75 | 17 |
Iomlán | 438 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Aoisghrúpa | An líon daoine | % den iomlán |
<5 | 1 | 1 |
5 - 14 | 2 | 2 |
15 - 24 | 9 | 8 |
25 - 34 | 16 | 15 |
35 - 44 | 15 | 14 |
45 - 54 | 11 | 10 |
55 - 64 | 23 | 21 |
65+ | 31 | 29 |
Iomlán | 108 |
Aicmiú tarchuir | % de chásanna a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas | |
Tarchur pobail | 40 | |
Teagmháil le cás deimhnithe | 21 | |
Taisteal thar lear | 39 | |
Tá an cás fós á imscrúdú | 96 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Baineann an cás leis an taisteal | 28 | 33% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 55 | 65% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 1 | 1% |
Iomlán | 84 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Contae | An líon cásanna | % den iomlán |
Ceatharlach | ≤ 5 | 1 |
An Cabhán | ≤ 5 | 0 |
Dún na nGall | ≤ 5 | 1 |
Laois | ≤ 5 | 1 |
Liatroim | ≤ 5 | 0 |
An Longfort | ≤ 5 | 0 |
Maigh Eo | ≤ 5 | 0 |
Uíbh Fhailí | ≤ 5 | 1 |
Ros Comáin | ≤ 5 | 0 |
Sligeach | ≤ 5 | 1 |
Tiobraid Árann | ≤ 5 | 1 |
Loch Garman | ≤ 5 | 0 |
An Clár | 7 | 2 |
Cill Chainnigh | 7 | 2 |
Ciarraí | 7 | 2 |
Port Láirge | 7 | 2 |
Lú | 8 | 2 |
Cill Dara | 9 | 2 |
An Mhí | 11 | 3 |
An Iarmhí | 12 | 3 |
Gaillimh | 14 | 3 |
Cill Mhantáin | 15 | 3 |
Luimneach | 15 | 3 |
Corcaigh | 66 | 15 |
Baile Átha Cliath | 225 | 51 |
Taisteal | 11 | |
Ospidéal | 5 | |
Teach Altranais | 3 | |
Teach príobháideach | 3 | |
An mórtheaghlach | 2 | |
An áit oibre | 2 | |
Tá an cás fós á imscrúdú | 1 | |
Iomlán | 27 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Ciallaíonn < 'níos lú ná'.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.