Rialacháin nua maidir le scútair leictreacha agus rothair leictreacha le teacht i bhfeidhm Dé Luain seo chugainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Iompair Eamon Ryan T.D. agus an tAire Stáit Jack Chambers T.D. tar éis fáilte a chur roimh thosach feidhme na rialachán nua faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre, 2023 maidir le scútair leictreacha agus rothair leictreacha/móipéidí leictreacha i reachtaíocht na hÉireann.
An 20 Bealtaine tiocfaidh rialacháin i bhfeidhm lena leagfar síos paraiméadair theicniúla nua maidir le húsáid scútair leictreacha agus rothair leictreacha. Leagfar amach sna rialacháin rialacha an bhóthair do dhaoine a roghnaíonn feithiclí éadroma leictreacha a úsáid a bheidh infheidhmithe faoi dhlí na hÉireann.
Cuirfear feachtas faisnéise poiblí ar bun ina leagfar amach conas is féidir taitneamh a bhaint as na feithiclí seo agus iad a úsáid go sábháilte ar bhóithre na hÉireann ó thosach feidhme an rialacháin. Bhí baint ag an nGarda Síochána agus ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le forbairt na rialachán seo ón tús agus beidh an Garda Síochána freagrach as iad a chur i bhfeidhm.
Tá líon na scútar leictreach agus rothar leictreach ag dul i méid i ngach cathair, baile agus sráidbhaile in Éirinn. Le tabhairt isteach na rialacha nua seo, tugtar bunús dlí don raon feithiclí atá ar fáil agus don bhealach ceart chun iad a úsáid. Déanfaidh sé sin a chion féin le feabhas a chur ar shábháilteacht úsáideoirí eile bóithre, chomh maith leis na daoine a úsáideann na cineálacha seo feithicle.
Leagtar amach go soiléir sna rialacháin conas is féidir cineálacha éagsúla scútar leictreach agus rothar leictreach a úsáid go sábháilte.
1. Scútair leictreacha nach mó a n-aschur cumhachta ná 400 W, a n-uasluas dearaidh ná 20km/h agus a meáchan ná 25 kg – is iad sin na gnáthscútair leictreacha a úsáideann formhór na ndaoine – beidh siad dleathach le húsáid ar bhóithre poiblí. Beidh aon scútar leictreach a théann thar na paraiméadair sin – i.e. cinn atá níos cumhachtaí agus níos troime – mídhleathach fós. Sonraítear sna rialacháin nua nach mór d'úsáideoirí scútar leictreach a bheith 16 bliana d'aois nó os a chionn, mar gheall go bhfuil imní ann go gcuirfí úsáideoirí óga agus úsáideoirí eile bóithre i mbaol seachas sin. Beidh daoine os cionn 16 bliana d'aois in ann a scútar leictreach a úsáid i lánaí rothaíochta agus i lánaí bus ach ní ar chosáin ná i gcriosanna coisithe agus ní bheidh cead acu paisinéirí ná earraí eile a iompar.
2. Rothair leictreacha nach mó a n-aschur cumhachta ná 250 W, a bhfuil mótar acu a ghearrann amach nuair a stopann an rothaí ag troitheánú agus nach mó a uasluas ná 25km/h – is iad seo na rothair leictreacha a úsáideann formhór mór na ndaoine – caithfear leo mar rothair agus ceadófar iad a úsáid i lánaí rothar agus i lánaí bus ach ní cheadófar iad a úsáid ar chosáin.
3. Is rothair chumhachtaithe iad móipéidí leictreacha le troitheáin a bhfuil cumhachtchúnamh leictreach acu atá níos mó ná mar atá ag rothair leictreacha agus is minic a bhíonn siad in ann luasanna a bhaint amach atá níos sciobtha ná rothaithe tapa fiú. Mar gheall ar an gcumhacht bhreise seo, caithfear gach móipéid leictreach a chlárú mar fheithicil trí na Coimisinéirí Ioncaim agus mótarcháin bhliantúil (€35 in aghaidh na bliana) a íoc ina leith. Ní mór d'úsáideoirí a bheith 16 bliana d'aois agus os a chionn. Tá dhá chatagóir móipéidí leictreacha ann:
a) Iad siúd nach mó a n-uasluas dearaidh ná 25km/h, nach mó a n-aschur cumhachta ná 1000W, agus a bhfuil mótar leictreach acu a ghearrann amach nuair a stopann an rothaí ag troitheánú (móipéidí leictreacha L1e-A ). Ceadófar na feithiclí sin a úsáid i lánaí rothar agus i lánaí bus ach ní ar chosáin agus beidh dualgas dlí ar úsáideoirí clogad gluaisrothair a chaitheamh.
b) Iad siúd nach mó a n-uasluas dearaidh ná 45km/h agus nach mó a n-uas-aschur cumhachta ná 4000W (móipéidí leictreacha L1e-B). Is féidir le móipéidí leictreacha L1e-B mótar a bheith acu a ghearrann amach nuair a stopann an rothaí ag troitheánú (cúnamh troitheánaithe) nó is féidir iad a thiomáint le mótar amháin. Tugtar móipéidí leictreacha scóige ar na feithiclí sin. Beidh ceadúnas tiomána Catagóir AM de dhíth don dá chineál sin scútar leictreach faoi chatagóir L1e-B. Ina theannta sin, beidh árachas ag teastáil i leith móipéidí leictreacha scóige. Ní cheadófar don dá chineál móipéid L1e-B lánaí rothaíochta, lánaí bus, cosáin ná criosanna coisithe a úsáid agus beidh dualgas dlí ar úsáideoirí clogad gluaisrothair a chaitheamh.
Ag trácht dó ar an tosach feidhme atá ar tí tarlú, dúirt an tAire Ryan:
“Beidh ról tábhachtach ag na rialacháin seo, nach bhfuil iontu ach cuid den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre, 2023, lenár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte do gach úsáideoir bóthair agus tabharfaidh deimhneacht dhlíthiúil dóibh siúd atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh le cineálacha nua soghluaisteachta.
Le blianta beaga anuas, tá méadú mór feicthe againn ar an méid scútair leictreacha agus rothair leictreacha atá ar bhóithre na hÉireann. Ó tháinig siad isteach ar dtús, tá forbairt tagtha orthu agus iad níos cumhachtaí ná riamh anois. Leagtar amach go soiléir sna rialacháin seo conas is féidir iad go léir a úsáid mar chuid de thírdhreach iompair na tíre, a bhíonn ag athrú go síoraí, ar bhealach atá sábháilte agus a léiríonn meas ar úsáideoirí eile bóithre, go háirithe iad siúd is leochailí ar ár mbóithre ar nós coisithe agus rothaithe. Déanfaidh siad córas rialála na hÉireann a threisiú don am atá le teacht chomh maith lena chinntiú go mbeimid in ann dul in oiriúint do theicneolaíochtaí nua de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.
Tá súil agam go dtabharfaidh na forálacha seo muinín do níos mó daoine bealaí nua taistil a roghnú a chabhróidh leo brú agus tranglaim tráchta a sheachaint. Déanfaidh siad a gcuid féin freisin le spás bóthair a shaoradh, rud a fhágann go mbeimid in ann níos mó spáis a chur i leataobh do sheirbhísí iompair phoiblí atá anois níos fearr, níos tapúla agus níos minice, chomh maith le bonneagar feabhsaithe siúil agus rothaíochta a chur ar fáil do gach duine.”
Dúirt an tAire Chambers:
“Fáiltím roimh fhoilsiú na rialachán maidir le scútair leictreacha agus rothair leictreacha, rud a thabharfaidh soiléireacht d’úsáideoirí bóithre agus a chinnteoidh sábháilteacht níos fearr ar ár mbóithre. Tá níos mó agus níos mó daoine ag dul leis na cineálacha seo feithicle chun a mbealach a dhéanamh thart ar chathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Tá sé riachtanach dá bhrí sin go mbeadh córas ceart rialála agus riachtanais theicniúla leatha síos againn le haghaidh scútair leictreacha.
Forbraíodh na rialacháin i gcomhairle le réimse páirtithe leasmhara agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach iad de réir mar a thiocfaidh an cineál seo iompair chun cinn. Beidh feachtas fairsing faisnéise agus feasachta poiblí á chur i bhfeidhm ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi na rialacháin nua agus, ar ndóigh, chun úsáideoirí na bhfeithiclí féin a chur ar an eolas faoi na dualgais a bheidh anois orthu ionas go mbeimid siad in ann iad a úsáid ar bhealach sábháilte atá i gcomhréir leis an dlí.”
Tá na paraiméadair theicniúla agus úsáide maidir le scútair leictreacha, rothair leictreacha agus móipéidí leictreacha leagtha amach thíos.
1. Scútair leictreacha
I mí an Mheithimh 2023, tugadh isteach aicme nua feithiclí ar a dtugtar Iompróirí Cumhachtaithe Pearsanta (PPTanna) faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre, 2023. Rangófar scútair leictreacha anois mar Iompróirí Cumhachtaithe Pearsanta agus ní mór dóibh cloí le sonraíochtaí teicniúla agus úsáide chun go n-úsáidfear go dleathach ar bhóithre poiblí iad.
Is éard is scútar leictreach ann ná feithicil a bhfuil ardán beag seasta aici agus gan aon suíochán aici, le húsáid ag duine amháin. D'fhéadfadh dhá roth nó níos mó a bheith ag scútar leictreach agus d’fhéadfadh mótar leictreach é a thiomáint.
Riachtanais theicniúla
Le bheith ceadaithe lena n-úsáid ar bhóithre poiblí, ní mór do scútair leictreacha:
Beidh aon scútar leictreach nach gcomhlíonann na paraiméadair theicniúla thuas fós mídhleathach lena n-úsáid ar bhóithre poiblí.
Riachtanais úsáide
Ba chóir scútair leictreacha a úsáid ar an mbealach céanna a n-úsáidtear rothair ar bhóithre poiblí. Ní mór d'úsáideoirí:
2. Rothair leictreacha
Déanfar rialacháin maidir le cineál agus úsáid rothar leictreach a aicmiú den chéad uair i reachtaíocht na hÉireann agus tá siad seo bunaithe ar rialacháin atá leagtha amach ag an AE.
Is rothair iad rothair leictreacha a bhfuil cumhacht leictreach acu suas le paraiméadair áirithe mar a leagtar amach i reachtaíocht cineálcheadaithe an AE. Rangófar rothair leictreacha nach gcomhlíonann an reachtaíocht sin mar mhóipéidí leictreacha (féach an chéad chuid eile).
Caithfear le rothair lastais a chomhlíonann na riachtanais thíos mar rothair leictreacha freisin.
Caithfear le rothair leictreacha comhlíontacha mar rothair ó thaobh reachtaíocht tráchta agus úsáid ar bhóithre poiblí. Beidh cead acu lánaí rothaíochta agus lánaí bus a úsáid, ach ní bheidh cead acu cosáin a úsáid.
Rothair leictreacha:
3. Móipéidí leictreacha
Is éard is Móipéidí leictreacha ann, a dtugtar “speed pedelecs”, “s-pedelecs” agus móipéidí leictreacha scóige orthu chomh maith, ná rothair chumhachtaithe le troitheáin, a bhfuil cumhachtchúnamh leictreach níos mó ná gnáthrothar leictreach acu. Ina theannta sin, aicmítear feithiclí ina gcumhachtaíonn an mótar leictreach an fheithicil gan troitheánú mar mhóipéidí leictreacha freisin.
Rangófar móipéidí leictreacha mar fheithiclí inneallghluaiste T1e (MPVanna) faoi dhlí na hÉireann agus beidh siad faoi réir sainriachtanais theicniúla agus úsáide.
Beidh na nithe seo a leanas de dhíth maidir le gach móipéid leictreach:
Tá dhá aicmiú ar leith ann faoi aicmiú feithiclí L1e agus tá roinnt ceanglais éagsúla ann maidir le gach aicmiú.
(a) Móipéidí leictreacha L1e-A
Paraiméadair theicniúla
Maidir le móipéidí leictreacha a thagann faoi aicmiú L1e-A:
Paraiméadair úsáide
(b) Móipéidí leictreacha L1e-B
Paraiméadair theicniúla
Maidir le móipéidí leictreacha a thagann faoi aicmiú L1e-B:
Tugtar móipéid leictreach scóige ar mhóipéid leictreach L1e-B nach dteastaíonn troitheánú chun í a chur ag imeacht agus ar féidir í a thiomáint lena mhótar amháin.
Paraiméadair úsáide
Nótaí don Eagarthóir
Féachhttps://www.gov.ie/ le tuilleadh eolais a fháil.
Ón 20 Bealtaine 2024, beidh sé dleathach scútair leictreacha a úsáid ar bhóithre poiblí faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre, 2023.