Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2018 á bhfoilsiú le haghaidh comhairliúchán poiblí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tar éis comhairliúchán poiblí a sheoladh mar chuid den phróiseas chun na rialacháin i dtaca le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (Rialacháin AIE) a nuashonrú.
Tá rialacha leagtha amach i gCoinbhinsiún Aarhus d’fhonn rannpháirtíocht oscailte i gcúrsaí comhshaoil a chur chun cinn. Úsáideadh breis agus 60 píosa reachtaíochta chun Coinbhinsiún Aarhus a chur i bhfeidhm in Éirinn. Píosa amháin den reachtaíocht sin is ea iad na Rialacháin AIE, lena gcuirtear ceanglas ar údaráis phoiblí a chinntiú go mbíonn rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.
Soláthraíonn na Rialacháin AIE, i measc rudaí eile, sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus leagann amach an bealach inar gá d’údaráis phoiblí plé le hiarratais ar fhaisnéis chomhshaoil ón bpobal. Tá foráil iontu freisin le haghaidh athbhreithniú inmheánach agus gnáthamh achomhairc sa chás nach mbeadh duine sásta le cinneadh i dtaca le hiarratas a bheadh déanta aige nó aici.
Tugann an comhairliúchán seo deis don phobal a mbarúlacha a léiriú i dtaca leis na Rialacháin AIE atá ann i láthair na huaire agus ionchur a bheith acu sna rialacháin úra a thabharfar isteach d’fhonn na cinn reatha a leasú.
Ag labhairt dó ag seoladh an chomhairliúcháin, arsa an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Tá an Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol ina bunchuid de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh le 30 bliain anuas agus de dhlíchóras na hÉireann ó bhí 1993 ann. Le linn an ama sin, bhí sí lárnach sa phróiseas trína bhfeabhsaítear an rialachas comhshaoil. Bhí sí fíorluachmhar do shaoránaigh agus don tsochaí shibhialta lena éascú dóibh, mar a sonraíodh i gCoinbhinsiún Aarhus, a gcearta a dheimhniú i dtaca le bheith ag maireachtáil i gcomhshaol is leor agus is oiriúnach dá sláinte agus dá bhfolláine, agus a ndualgais a chomhlíonadh i dtaca le cosaint agus feabhsú an chomhshaoil chun leasa na nglúnta atá ann anois agus na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Agus muid ag féachaint leis na Rialacháin a nuashonrú le go mbeidh siad ag teacht le Coinbhinsiún Aarhus, iarraimid, freisin, ionchur i dtaca le hathruithe d’fhonn éifeachtacht na Rialachán a fheabhsú do gach duine lena mbaineann siad.”
Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar gov.ie . Is é an dáta deiridh faoina nglacfar le haighneachtaí 5pm, an 16 Aibreán, 2021.
Is féidir aighneachtaí a chur chuig:
Rannóg Aarhus, Oiriúnaithe Aeráide agus Rannpháirtíochta Saoránach,
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
Bóthar an Bhaile Nua,
An Charraig Leathan,
Loch Garman
Y35 AP90
Tá cóip den daingniú neamhoifigiúil ar Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2018 ar fáil ar gov.ie .
Le haghaidh níos mó eolais, tabhair cuairt ar leathanach Choinbhinsiún Aarhus ar gov.ie .
CRÍOCH