Admhaíonn an tAire McConalogue cógais nua tréidliachta agus rialacháin maidir le beatha íocleasaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’admhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Rialacháin an AE 2019/6 ar Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta agus 2019/4 ar Bheatha íocleasaithe i bhfeidhm anois ón 28 Eanáir 2022. Tá na rialacháin seo ina gceanglas dlíthiúil i ngach tír san Aontas Eorpach (AE). Déanann na rialacháin foráil do raon beart atá dírithe ar infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta a mhéadú agus freisin dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (AMR).
Dúirt an tAire:
“Leagann na rialacháin seo, a cuireadh i bhfeidhm trí thacú le reachtaíocht náisiúnta, na rialacha maidir le monarú, allmhairiú, onnmhairiú, díol, soláthar, dáileadh, fógraíocht agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta agus beatha íocleasaithe i ngach speiceas ainmhithe. Féachann na rialacháin nua AE seo le dul i ngleic leis an dúshláin maidir le hinfhaighteacht leighis agus faitíos atá ag dul i méid maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh.’’
Lean an tAire ar aghaidh ag rá:
“Cuireann na rialacháin seo creat tábhachtach ar fáil a thacaíonn le húsáid ábhair fhrithmhiocróbacha san earnáil talmhaíochta, ag cur leis an dúshlán sochaíoch ‘One Health’ a bhaineann le AMR – chun sláinte an duine, sláinte agus leas ainmhithe agus sláinte ár dtimpeallacht chomhroinnte a chosaint. Feidhmíonn na ceanglais nua maidir le hordú agus úsáid ábhair fhrithmhiocróbacha chun an tsláinte ainmhithe agus an tslándáil bia is fearr is féidir a chur chun cinn, i gcomhréir le cuspóirí i bhFís Bia 2030. Tacóidh an reachtaíocht seo freisin le cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach inár ndara plean gníomhaíochta náisiúnta um fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh One Health, iNAP2. '
Ina theannta sin, d’fháiltigh an tAire roimh thabhairt isteach an Chórais Náisiúnta Oideas Tréidliachta (NVPS) nuafhorbartha atá eisithe ag a Roinn, ar bhonn céimnithe ón 31 Eanáir. Díríonn an córas nua seo ar dtús ar shaincheist na n-oideas agus ar dháileadh leigheasra tréidliachta do bhia-ainmhithe. Cinnteoidh an córas go gcoimeádfaidh feirmeoirí smacht iomlán ar an áit, agus go n-éascóidh sé rogha níos fearr d'fheirmeoirí nuair a fhaigheann siad oidis dáileacháin.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Leanfaidh mo Roinn ag obair go comhoibríoch ar ár dturas comhchoiteann chun na rialacháin nua seo a chomhlíonadh. Teastaíonn uaim go mbeidh an t-athrú seo saoráideach agus bainfidh na feirmeoirí tairbhe as chomh maith le gach duine eile san earnáil. D'oibrigh mé leis na páirtithe leasmhara go léir sa phróiseas seo chun a chinntiú nach mbeidh ach íostionchar ag na rialacháin nua seo ar ár bhfeirmeoirí.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh eolais maidir leis na rialacháin nua le fáil ag Veterinary Medicines and Medicated Feed
Cad é AMR?
Is éard atá i gceist leis an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach náan frithsheasmhacht atá ag miocrorgánach in aghaidh druga fhrithmhiocróbaigh a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a dhéanamh ar ionfhabhtuithe a tharlaíonn de thoradh air. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus paraisítí) in ann ionsaí ó dhrugaí frithmhiocróbach a sheasamh, mar shampla drugaí antaibhaictéir (m.sh. antaibheathaigh), frithdhúlagráin, frithvíreasacha, agus drugaí frithmhiocróbach, ionas go n-éíríonn an chóireáil chaighdeánach neamhéifeachtach agus gur féidir le hionfhabhtuithe leanúint leo, ag méadú an riosca go scaipfear é i measc daoine eile.
Is feiniméan nádúrtha é éabhlóid amhrán frithsheasmhacha a tharlaíonn nuair a mhacasamhlaíonn miocrorgánaigh iad féin go hearráideach nó nuair a dhéantar tréithe frithsheasmhacha a mhalartú eatarthu. Cuireann úsáid agus mí-úsáid drugaí frithmhiocróbach dlús le teacht chun cinn de thréithchineál atá frithsheasmhach ó dhrugaí. Le droch-chleachtais rialaithe ionfhabhtaithe, coinníollacha sláintíochta neamhleor agus láimhseáil mhíchuí bia, spreagtar an scaipeadh breise de AMR.
Cén éifeacht atá ag AMR?
Measadh i dTuarascáil ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú / An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (ECDC / EMEA) 2009 go raibh baictéir frithsheasmhach in aghaidh drugaí freagrach as thart ar 25,000 bás daonna in aghaidh na bliana san AE amháin, le costais chúram sláinte gaolmhara agus caillteanais táirgiúlachta de luach €1.5bn . Dúradh sa Tuarascáil freisin go meastar go bhfaigheann thart ar 4 mhilliún othar ionfhabhtú a bhaineann le cúram sláinte san AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL TEICNIÚIL ECDC 'An Dúshlán Baictéarach: am le freagairt' (2009)).
Cad a chiallaíonn ‘Sláinte Amháin’?
Is straitéis dhomhanda é an coincheap ‘Sláinte amháin’ chun comhoibrithe agus cumarsáid idirdhisciplíneach a leathnú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus don chomhshaol. Ag aithint dó go bhfuil nasc dlúth ag sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte éiceachórais, féachann ‘Sláinte Amháin’ le sláinte agus folláine gach speicis a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar agus comhoibriú idir lianna, tréidlianna, gairmithe sláinte eolaíochta agus comhshaoil eile a fheabhsú agus trí láidreachtaí sa cheannaireacht agus sa bhainistíocht a chur chun cinn chun na haidhmeanna seo a bhaint amach.
Córais Náisiúnta Oideas Tréidliachta
Cabhróidh an Chórais Náisiúnta Oideas Tréidliachta le hÉirinn a ceanglas rialála bliantúil de chuid an AE a chomhlíonadh maidir le tuairisciú ar úsáid frithmhiocróbach, ar gné ríthábhachtach í sa chomhrac in aghaidh na frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Déanann sé foráil freisin do leanúint leis an margadh iomaíoch do sholáthar táirgí íocshláinte tréidliachta agus soláthróidh sé rogha níos fearr don phobal feirmeoireachta maidir le cén áit ar féidir leo leigheasanna tréidliachta a cheannach agus rochtain a fháil orthu. Tá forbairt agus tabhairt isteach an chórais ag teacht le huaillmhian na hÉireann leanúint ar aghaidh ag feabhsú seirbhísí digiteacha ar líne do chustaiméirí ar aon dul le Straitéis Dhigiteach Náisiúnta an Rialtais, agus soláthróidh sé dearbhú níos fearr dár gcomhpháirtithe agus dár gcustaiméirí trádála náisiúnta agus idirnáisiúnta trí mhaoirseacht rialála níos fearr ar Earnáil táirgthe agraibhia na hÉireann.
Is feidhmchlár oideas agus dáileacháin ar líne saor in aisce é an córas agus tairseach tacaithe ag bunachar sonraí láraithe a thacóidh sa chéad chéim le hoideasú tréidliachta agus le dáileadh leigheasra tréidliachta do bhia-ainmhithe.
Cuirfear an NVPS ar fáil le húsáid Dé Luain 31 Eanáir 2022 do chohórt de chleachtóirí tréidliachta, le plean forfheidhmithe céimnithe chun an fheidhmiúlacht is fearr a chinntiú sula gcuirfear an fheidhmiúlacht iomlán ar fáil do chách i gCéim III, a mheastar a bheidh i mí Aibreáin 2022.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an NVPS le fáil ag: National Veterinary Prescription System
CRÍOCH