Foilsíonn an tAire Sláinte an tAthbhreithniú a rinne an Dr Gabriel Scally ar an bPlean Cur Chun Feidhme
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu an t-athbhreithniú a rinne an Dr Gabriel Scally ar Phlean Cur Chun Feidhme na Roinne Sláinte.
Foilsíodh an tuarascáil ón Dr Scally ar CervicalCheck i mí Mheán Fómhair anuraidh. Tugadh roinnt moltaí inti. D’fhoilsigh an Roinn Plean Cur Chun Feidhme ina dhiaidh sin an 11 Nollaig. Ag teacht sna sála ar iarraidh a fháil ón Roinn Sláinte, chuir an Dr Scally scrúdú ar Phlean Cur Chun Feidhme na Roinne Sláinte i gcrích. Foilsíodh an tuarascáil uaidh chuig an Aire Sláinte inniu.
Deimhníonn an Dr Scally gur freagairt chuimsitheach don tuarascáil uaidh é an Plean Cur Chun Feidhme agus is saothar an-suntasach é ón Roinn Sláinte, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón gClárlann Náisiúnta Ailse. Cuireann sé in iúl go soiléir go bhfuil méid suntasach ama agus acmhainní á chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a shainaithin sé agus go bhfuil na struchtúir chuí i bhfeidhm ó thaobh soláthar acmhainní agus bainistíocht tionscadal de. Agus an tuarascáil uaidh á déanamh, bhuail an Dr Scally le hionadaithe ón Roinn Sláinte, ó FSS agus ón mBord um Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann chun plé a dhéanamh ar phleananna gach comhlachta agus ar a gcur chuige i leith cur chun feidhme.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:
“Fáiltím go mór roimh an tuarascáil ón Dr Scally ar an bPlean Cur Chun Feidhme as a chuid moltaí agus as a thuairim neamhspleách go bhfuil an Plean seo ina fhreagairt chuimsitheach do thuarascáil an Fhiosrúcháin Scópála agus go bhfuil an Plean á chothú ag an dua agus na hacmhainní a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a shainaithin sé.
“Ghlac an Rialtas seo go hiomlán leis na moltaí ón Dr Scally agus tá dea-dhul chun cinn déanta ar an obair atá ar bun ag an Roinn seo, ag FSS agus ag an gClárlann Náisiúnta Ailse chun cur chun feidhme iomlán a chinntiú ionas go mbeidh lánmhuinín ag mná as ár seirbhís scagthástála ceirbheacs. Sábháiltear beatha daoine le scagthástáil agus is gá go leanann mná ar aghaidh ag úsáid an chláir.
“Ní mór d’othair agus d’úsáideoirí seirbhíse leanúint le ról tábhachtach a bheith acu sa phlean cur chun feidhme. Cheap mé beirt tathantóirí othar chuig Bord FSS, ar aon dul leis an moladh ón Dr Scally. Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear tuairimí an othair san áireamh san obair ar fad a dhéanann an tseirbhís sláinte.”
D’iarr an tAire ar an Dr Scally athbhreithniú eile ar dhul chun cinn a dhéanamh sa dara ráithe den bhliain 2019.
CervicalCheck Scoping Inquiry Implementation Progress Report Feb 2019 ga
CRÍOCH
I mí na Nollag 2018, d’fhoilsigh an tAire an Plean Cur Chun Feidhme do na moltaí atá leagtha amach i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe a sheol an Dr Gabriel Scally ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck), tar éis don Rialtas cinneadh a dhéanamh ina leith sin. Forbraíodh an Plean faoi choimirce an Choiste Stiúrtha Scagthástála CervicalCheck, a ndéanann an Roinn Sláinte cathaoirleacht air. Bhí foilsiú an Phlean ina chéim thábhachtach i dtreo na hathruithe a mhol an Dr Scally a dhéanamh. Tá an Plean mar bhonn don obair a bheidh riachtanach chun a chinntiú go dtabharfar aghaidh iomlán ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn i ndáil le nochtadh oscailte, rialachas, bainistíocht agus réimsí tábhachtacha eile.
D’iarr an tAire ar an Dr Scally athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an bPlean. Scríobh an Dr Scally chuig an Aire an 30 Samhain 2018, nuair a thug sé tuairim dhearfach tosaigh ar an bPlean. Luaigh sé freisin go leanfadh seisean agus a fhoireann ar aghaidh ag bualadh le hionadaithe ón Roinn Sláinte, ó FSS agus ó Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar na gníomhartha, agus é mar aidhm aige an anailís níos mine atá foilsithe anois a thabhairt don Aire.