Creat Nua chun Turasóireacht na hÉireann a Mhúnlú
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Creat Nua chun Turasóireacht na hÉireann a Mhúnlú
Inniu d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Creat Beartas Turasóireachta nua do thurasóireacht na hÉireann don tréimhse suas go dtí 2030.
Eascraíonn an foilseachán as gealltanas i gclár an Rialtais doiciméad Beartas Turasóireachta Inbhuanaithe a fhorbairt.
Ceapadh an polasaí seo chun forbairt eacnamaíoch a chothromú le gnéithe comhshaoil agus sóisialta. Tugadh chun críche é tar éis rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara turasóireachta, le hearnáil na turasóireachta agus le próiseas comhairliúcháin phoiblí. I measc na bprionsabal treorach a leagtar amach sa Chreat Beartais tá:
• Acmhainní nádúrtha agus cáilíocht chomhshaoil na hÉireann a chosaint agus a fheabhsú.
• Cinntiú go cuidíonn turasóireacht le gealltanais ar athrú aeráide a chomhlíonadh.
• Tacú le forbairt eacnamaíoch chothrom agus fostaíocht.
• Tosaíocht a thabhairt don luach eacnamaíoch in aghaidh an chuairteora thar líon na dturasóirí a thugann cuairt.
• Íoslaghdú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach a bhíonn ag turasóireacht ar phobail óstacha.
• Nuálaíocht a spreagadh laistigh den earnáil turasóireachta chun sásamh feabhsaithe cuairteoirí a chinntiú.
Tá 61 togra beartais san iomlán san áireamh sa Chreat Beartais.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Is lá an-tábhachtach é seo do thurasóireacht na hÉireann. Cé go bhfuil ár dtairiscint turasóireachta láidir i gcónaí, teastaíonn uaim turasóireacht rathúil in 2030 a sholáthróidh fostaíocht ardchaighdeáin ar fud na tíre. Mar an gcéanna, ba cheart don turasóireacht a páirt a ghlacadh chun ár spriocanna comhshaoil a bhaint amach agus táim muiníneach go mbaintear amach sa Chreat Beartais Turasóireachta nua seo an chothromaíocht cheart d'inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.
Tá ról ríthábhachtach fós ag an turasóireacht i saol na hÉireann. Is earnáil eacnamaíoch riachtanach í agus bealach ina n-insíonn Éire scéalta fúithí féin don domhan agus trína gcothaíonn sí naisc dhomhain agus marthanacha le cairde ar fud na cruinne.
Is féidir linn ár dtairiscint oileáin chomhroinnte do chuairteoirí a neartú tuilleadh, tacú le gairmeacha fiúntacha, dáileadh réigiúnach na turasóireachta a fheabhsú, ár dtairiscintí bia-bhunaithe do chuairteoirí a mhéadú, dramhaíl a laghdú, lorg comhshaoil laethanta saoire a íoslaghdú agus ar deireadh a chinntiú go bhfanann Éire ina ceann scríbe inbhuanaithe den scoth.
Táim ag tnúth leis na gníomhaireachtaí turasóireachta, comhlachtaí poiblí eile agus earnáil na turasóireachta a bheith ag obair le chéile chun na spriocanna fáis inbhuanaithe a leagtar amach sa Bheartas a bhaint amach.”
Is féidir an Creat Beartais Turasóireachta iomlán a fháil anseo
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá 61 mholadh beartais sa Chreat Beartas Turasóireachta faoi cholúin na hinbhuanaitheachta comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta. Maidir le spriocanna, leagtar amach sa Chreat Beartais roinnt spriocanna ardleibhéil don tréimhse suas go dtí 2030 cé go bhfuil sé beartaithe go n-áireofar méadracht níos dírithe ar Phleananna Gníomhaíochta níos giorra chun na spriocanna beartais a chur i bhfeidhm. Maidir leis na spriocanna ardleibhéil, áirítear orthu seo:-
o Bunóidh Fáilte Éireann figiúr bunlíne le haghaidh astuithe a bhaineann le turasóireacht agus cuimseoidh Pleananna Gníomhaíochta Turasóireachta níos giorra ina dhiaidh sin spriocanna sonracha maidir le laghdú astuithe turasóireachta agus bithéagsúlachta.
o Cuirfear bearta i bhfeidhm lena chinntiú go laghdófar na meánastaíochtaí carbóin a bhaineann le gach oíche leaba do chuairteoirí faoi 60% faoi 2030.
o Maidir le cuairteoirí ón iasacht, díreofar ar na margaí sin a ghineann an t-ioncam is mó don lorg carbóin is ísle. Is é an sprioc a bheidh ann ná meánfhás bliantúil de 5.6% bliain ar bhliain a bhaint amach ar an ioncam a ghineann cuairteoirí ón iasacht sa tréimhse go dtí 2030.
o Maidir le turasóireacht intíre, meánmhéadú bliantúil de 5.6% ar ioncam turasóireachta a bhaint amach sa tréimhse suas go dtí 2030.
o Cinntiú go mbíonn poist ardchaighdeáin in earnáil na turasóireachta ag líon dóthanach daoine ar feadh na bliana agus go bhfuil na poist seo lonnaithe ar fud na tíre.
Maidir le cur i bhfeidhm an Bheartais, tá sé beartaithe go mbunófar Grúpa Ceannaireachta Turasóireachta (GCT) nua chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcuspóirí beartais. Tabharfar sainordú don TLG Pleananna Gníomhaíochta trí bliana a dhréachtú chun éifeacht a thabhairt do na moltaí beartais a leagtar amach sa Chreat. Beidh teorainn ama le gach gníomh agus sannfar úinéireacht agus cuirfidh an Grúpa nuashonruithe rialta ar fáil don Aire.