Fógraítear maoiniú €380,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, maoiniu níos mo ná €380,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain trí Chlár Deontais Chultúr Éireann.
Bainfear úsáid as an maoiniú seo i seachtó tionscadal a bhaineann le sorcas, scannán, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Is in earnáil an cheoil atá 29 de na tionscadail seo, rud a chuireann ar chumas ceoltóirí Éireannacha ceol a sheinm ag féilte tábhachtacha ar fud na hEorpa agus na Breataine, chomh maith leis na féilte Éireannacha sna SA i rith an tsamhraidh.
Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin: “Tá aithne ar fud an domhain ar Éirinn mar gheall ar ár n-ealaíontóirí agus is mór an t-údar misnigh iad a fheiceáil ag filleadh ar lucht éisteachta idirnáisiúnta chun naisc chultúrtha ar fud an domhain a neartú. Tá lúcháir orm go gcabhróidh an maoiniú ó Chultúr Éireann a fógraíodh inniu le sult a bhaint as ealaíona na hÉireann ar stáitse an domhain ag leibhéal nach bhfacthas ó tharla an phaindéim.”
Rachaidh ceoltóirí Éireannacha ar an stáitse idirnáisiúnta le healaíontóirí ar nós We Banjo 3, Screaming Orphans, JigJam, Dervish agus Aoife Scott ar camchuairt Meiriceá Thuaidh, ag seinm ag féilte tábhachtacha na hÉireann in Milwaukee, Ohio, Dayton agus Iowa.
Beidh rannpháirtíocht láidir ceoil Éireannaigh san Eoraip freisin i rith míonna an tsamhraidh, le Just Mustard agus Los Paddys ar camchuairt sa Ghearmáin, Ye Vagabonds ag seinm i bPoblacht na Seice agus Connla san Iodáil agus san Ostair. Seinnfidh Robocobra Quartet agus Dea Matrona ag Féile Glastonbury i mí an Mheithimh.
Níos déanaí sa bhliain, cuirfidh Músaem Sir John Soane i Londain taispeántas le Grafton Architects i láthair, dar teideal ‘Grafton: Neighbours in Space and Time'.
I mí Iúil, cuirfidh na hailtirí Éireannacha Eibhlin Ní Chathasaigh agus James Martin saothar comhoibríoch, ‘The Anchoring Project’ i láthair ag Chicago Architecture Bienniale.
Léirítear saibhreas na scríbhneoireachta in Éirinn faoi láthair sa tacaíocht do roinnt údair Éireannacha, ina measc Colm Tóibín, Sinéad Gleeson agus Louise Kennedy, a ghlacfaidh páirt i bhFéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann. Beidh údair Éireannacha i láthair freisin ag Leabharlann na Breataine i Londain le linn ‘Deireadh Seachtaine na Scríbhneoirí Éireannacha’ i mí Mheán Fómhair agus ag Féile Litríochta Cheltenham i mí Dheireadh Fómhair.
Tá liosta iomlán na bhfaighteoirí deontais ar fáil ar www.cultureireland.ie.
Críoch