Molann an Príomhoifigeach Leighis do thuismitheoirí leanaí a choinneáil sa bhaile ón scoil agus ó shaoráidí cúraim leanaí má tá siomptóim nua breoiteachta acu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
De réir mar a athosclaíonn scoileanna agus áiseanna cúraim leanaí, tá an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Breda Smyth ag iarraidh ar thuismitheoirí cuimhneamh ar dhaoine eile nuair a bhíonn a leanaí tinn agus iad a choinneáil sa bhaile ón scoil agus ó áiseanna cúraim leanaí má tá siomptóim nua breoiteachta acu.
Cruthaíonn athoscailt scoileanna agus áiseanna cúraim leanaí an tseachtain seo timpeallacht le haghaidh tarchur méadaithe víreas riospráide. Táimid ag feiceáil leibhéil arda fliú agus COVID-19 faoi láthair agus cé gur cosúil go bhfuil cásanna RSV (víreas sincítiach riospráide) ag laghdú, b'ionann na trí víreas riospráide agus níos mó ná 1,200 duine san ospidéal an tseachtain seo caite.
Tá sé seo ag cur brú suntasach ar acmhainní cúram sláinte, go háirithe Rannóga Éigeandála ospidéil agus seirbhísí Dochtúirí Teaghlaigh.
Scaipeann víris gheimhridh go héasca ó dhuine go duine, mar sin táthar ag impí ar an bpobal scaipeadh an ionfhabhtaithe a laghdú trí bhéasa riospráide maith, lámha a ghlanadh, maisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus in áiteanna plódaithe agus aeráil mhaith a chinntiú nuair is féidir.
Ba cheart dóibh siúd a bhfuil aon siomptóim nua mar a bheadh fliú acu fanacht sa bhaile chun ionfhabhtú chuig daoine eile a d'fhéadfadh a bheith níos leochailí a sheachaint.
Dúirt an tOllamh Smyth:
“De réir mar a athosclaíonn scoileanna agus áiseanna cúraim leanaí tar éis shos na Nollag, iarraim ar thuismitheoirí a bheith airdeallach maidir le siomptóim víris riospráide i leanaí.
“Má tá siomptóim nua mar a bheadh fliú ag do leanbh amhail plúchadh, casacht, srón ag sileadh nó teocht ard, ba cheart do thuismitheoirí a bheith aireach ar dhaoine eile agus, más féidir, a leanaí a choinneáil sa bhaile ón scoil nó ó áiseanna cúraim leanaí.
“Ba chóir leanaí a choinneáil sa bhaile ar feadh 48 uair an chloig ar a laghad tar éis dá gcuid siomptóim imeacht nó iad a bheith réitithe go substaintiúil.
“Is féidir formhór mór na dtinneas riospráide a chóireáil go rathúil sa bhaile le cógas thar an gcuntar. Tá comhairle an-mhaith ar láithreán gréasáin FSS undertheweather.ie. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh muinín ag tuismitheoirí as a n-instinní agus go lorgóidís cóir leighis más gá."
Níl buaic shéasúr fliú na bliana seo bainte amach go fóill, agus tá am fós ag daoine leas a bhaint as vacsaín chosanta a thógann coicís le bheith go hiomlán éifeachtach.
Dúirt an tOllamh Smyth
“Agus muid fós i lár shéasúr an fhliú, táim ag iarraidh ar thuismitheoirí smaoineamh ar vacsaín an fhliú do do leanbh. Is sprae sróine é agus riarann Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaiseoirí é saor in aisce.
“Mholfainn freisin do dhaoine coinneáil cothrom le dáta lena vacsaíní COVID-19 agus coinne a dhéanamh le haghaidh teanndáileoige má tá tú incháilithe."