Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 27 Aibreán 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 18 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19, agus deimhníodh 17 de na básanna sin i saotharlann.
Tá 1,102* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 1pm Dé Luain, an 27 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 386 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 19,648 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 25 Aibreán (19,095 cás), an méid seo a leanas le fios:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Luamar go soiléir i gcónaí go bhfuil rudaí áirithe ann ar gá dúinn a bheith sásta leo sula molfar aon athrú ar shrianta reatha. Is é an rud is tábhachtaí ná gur gá do ráta theagmhais an víris a bheith a ísle agus is féidir i dtaobh tharchur an víris sa phobal agus laistigh de shuíomhanna pobail agus cónaithe. Anuas air sin, caithfidh an tionchar a imríonn an galar ar rátaí básmhaireachta agus an líon daoine a tugadh chuig an ospidéal, iontrálacha chuig aonaid dianchúraim ina measc a bheith ar leibhéal an-íseal.
“Tá feabhsúcháin ag teastáil go fóill sna bearta tábhachtacha seo.”
Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:
“Is eol go maith dúinn cé chomh deacair atá na srianta reatha do dhaoine agus do theaghlaigh. Tá roinnt tacaíochtaí ar fáil ar gov.ie/together agus yourmentalhealth.ie agus is fiú na háiseanna seo a úsáid agus teagmháil a dhéanamh le do DG má tá tú faoi strus mór.”
CRÍOCH
Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go gceapann 81% den daonra go bhfuil freagairt an Rialtais do bhriseadh amach reatha COVID-19 cuí agus ceapann 84% de dhaoine go bhfuil oiriúnú maith déanta acu d’athruithe.
Léiríonn an taighde freisin go leanann an leibhéal de bhuairt phearsanta maidir le COVID-19 a bheith ard go fóill.
Nochtar sa suirbhé ar líne a rinne ionadaíocht don tír ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas: