Íocaíochtaí Scéim Dreasachta Curaíochta fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil tús le cur le híocaíochtaí 2022 faoin Scéim Dreasachta Curaíochta (TIS). Tá beagnach €9m den €10m á íoc anois le thart ar 3,100 feirmeoir. Leanfar le tuilleadh íocaíochtaí a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Sheol an tAire an Scéim Dreasachta Curaíochta i mí Márta 2022 mar chuid de phacáiste tacaíochta, mar thoradh ar an gcogadh neamhdhleathach sa Úcráin. Bunaíodh an Scéim chun feirmeoirí a spreagadh chun barra curaíochta breise a chur in 2022 chun cabhrú leis an spleáchas ar ábhar beatha ainmhithe iompórtáilte a laghdú.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
“Cúis áthais dom go bhfuil ag éirí go breá leis an Scéim Dreasachta Curaíochta agus go bhfuil íocaíochtaí luach €400 don heicteár á n-eisiúint chuig an oiread sin feirmeoirí. Chuir feirmeoirí an-spéis sa Scéim Dreasachta Curaíochta agus cúis áthais é sin. Bunaíodh an Scéim go luath in 2022 agus tá mé fíorshásta gur léirigh feirmeoirí spéis sna tacaíochtaí a cuireadh ar fáil.”
Beidh na híocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí as seo go ceann cúpla lá.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue freisin:
“Chomh maith leis sin, cúis áthais dom a fhógairt go leanfar leis an Scéim Dreasachta Curaíochta in 2023. D'éirigh liom buiséad luach €10 milliún a fháil don scéim i mBuiséad 2023.”
Beidh íocaíocht luach €200 don heicteár ar fáil d'fheirmeoirí a bhí páirteach i Scéim Dreasachta Curaíochta 2022, má chinntíonn siad go mbeidh barra curaíochta incháilithe á bhfás ar an talamh in 2023. Beidh íocaíocht luach €400 don heicteár ar fáil d'fheirmeoirí in 2023 d'aon talamh breise a bheidh in úsáid acu chun barra curaíochta a fhás.