Fógraíonn na hAirí Martin agus Byrne maoiniú de níos mó ná €37 milliún do Mhórthionscadail Spóirt
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Corpoideachas, inniu (6 Nollaig 2023) leithdháiltí deontais “Bhreisithe” go tionscadail atá ann cheana faoin Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála (LSSIF).
Fógraíodh na chéad leithdháiltí faoin LSSIF in Eanáir 2020 le €86.4 milliún bronnta ar 33 thionscadal difriúla. Is ionann an maoiniú breise seo agus €37.6 milliún ar an iomlán le 27 dtionscadal aonair ag baint tairbhe as, rud a fhágann gurb ionann an méid iomlán a bronnadh go dtí seo ar thionscadail a maoinítear faoi Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála agus €124 milliún.
Tá an maoiniú breise do thionscadail á chur ar fáil mar fhreagra ar mhoill a d’fhulaing deontaithe a d’eascair ón phaindéim agus boilsciú tógála agus i ndiaidh dul i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
Don chéad uair riamh, beidh sé mar riachtanas d’iarratasóirí a bpolasaithe ar rochtain chosúil a fhoilsiú, ó thaobh fhir agus mná agus na háiseanna céanna á úsáid acu, sula gceadaítear breismhaoiniú a tharraingt anuas.
Agus í ag labhairt faoin fhógra, dúirt an tAire Martin:
“Tá ríméad orm dhá phíosa dea-nuachta a fhógairt inniu, i dteannta an Aire Stáit Thomas Byrne, maidir leis an gCiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála. I dtosach, go n-osclófar babhta nua den Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála le haghaidh iarratas sa chéad leath de 2024, agus foilseofar na dátaí, téarmaí agus coinníollacha ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha. Chomh maith leis sin, tá maoiniú breise de €37.6 miliúin le fógairt do thograí maoinithe faoin LSSIF. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil áiseanna spóirt cosúil leo seo againn ionas gur féidir le daoine de gach aois agus cumas tairbhe a bhaint as a n-úsáid. Ó dhearcadh an Rialtais, má tá muid ag iarraidh ár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach agus an méid is mó daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa spóirt agus is féidir, tá na háiseanna riachtanacha de dhíth orainn. Ar an slí céanna, má tá muid chun ár scothspóirt a fhorbairt caithfidh muid infheistíocht a dhéanamh ag leibhéal an phobail. Is cúis áthais dom é go bhfuil an Rialtas in ann cúnamh breise a chur ar fáil i leith fhorbairt na n-áiseanna seo i bhfianaise na dúshláin a cuireadh rompu ó deimhníodh an maoiniú díreach roimh an bpaindéim. Tá a fhios agam go dtabharfaidh an Ciste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála roinnt áiseanna iontacha i gcrích sna míonna agus blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire Thomas Byrne:
“Tá rún agam infheistíocht leanúnach in áiseanna spóirt a fheiceáil trasna na tíre chun cinntiú go mbaineann muid ár spriocanna uaillmhianacha amach i leith rannpháirtíochta spóirt. Le míonna anuas, bhí an-áthas orm gur oscail roinnt thionscadail LSSIF don phobal, cosúil leis an Tionscadal Siúlbhealaigh Línigh i gContae na Mí, Céim 1 de Pháirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge, agus an Mol Lúthchleasaíochta Réigiúnach i Luimnigh. Trí infheistíocht a dhéanamh in áiseanna spóirt ar fud na tíre, is féidir linn ár dtallann spóirt atá le teacht a chothú, agus tairbhe a bhaint as buntáistí na gníomhaíochta spóirt agus fisiciúla, agus sin an fáth a bhfuil an-áthas orm an infheistíocht bhreise seo de €37.6 milliún i leith thionscadail a mhaoineofar faoi LSSIF a fhógairt.”
Tá liosta iomlán den leithdháileadh deontais “Bhreisithe” ar fáil in Aguisín A.
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Is é an LSSIF príomh-mheán do thacaíocht Rialtais i leith forbartha móráiseanna spóirt agus siamsaíochta fisiciúla sa tír. Cuireann an Ciste tacaíocht Státchiste ar fáil nuair atá an infheistíocht Státchiste níos mó ná an uasdeontas atá ar fáil faoin Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt.
• Tá maoiniú LSSIF á chur ar fáil faoi dhá shruth:
o Baineann Sruth a hAon le cuidiú i bhforbairt pleananna sonraithe agus anailíse cost-éifeachtúla do thionscadal beartaithe. Tá maoiniú den chineál seo á fháil ag 7 dtionscadal.
o Faoi Shruth a Dó cuirtear cúnamh ar fáil chun tionscadal a thógáil nó a thabhairt i gcrích. Tá maoiniú den chineál seo á fháil ag 26 thionscadal.
• Ó Mheitheamh 2023, tá an Tionscadal Siúlbhealaigh Línigh i gContae na Mí, Céim 1 de Pháirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge agus an Mol Lúthchleasaíochta Réigiúnach i Luimneach i ndiaidh a ndoirse a oscailt don phobal.
• Próiseas Breisithe; I ndiaidh dul i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe, agus ag aithint dúshlán, cosúil le boilsciú tógála, scríobh oifigigh sa Roinn chuig gach deontaí LSSIF ag tabhairt cuireadh dóibh iarratas a chur isteach ar thacaíocht bheise faoin 4 Lúnasa. Chun go ndéanfar machnamh orthu i leith maoinithe breise, tugadh comhairle do dheontaithe gur cheart go bhfanfaidh príomhghnéithe an tionscadail mar a leagadh amach iad sa bhuniarratas agus go dtabharfar tús áite dóibh siúd a chuireann cáipéisíocht fhollasach ar fáil chun tacú lena n-iarratas.
Tugadh faoi phróiseas measúnaithe ar thionscadail LSSIF atá ann cheana féin a chur iarratas isteach ar mhaoiniú “breisithe” le hoibriú amach conas a dtacódh maoiniú breise leis na tionscadail seo a thabhairt i gcrích.
• Níor chuir roinnt LSSIF isteach ar mhaoiniú “Breisithe”. Ba iad;
o Ionad Réigiúnach Uisceach & Aclaíochta na Gaillimhe [Comhairle Chontae na Gaillimhe].
o Ionad Bairr Feabhais na Mumhan, Gleann Maghair, Corcaigh. [FAI].
o Ionad Oiliúna & Oideachais Ringside, An Staid Náisiúnta, Baile Átha Cliath. [IABA].
o Tionscadal Athchóirithe Pháirc Uisce Rinn na Mara. [Comhairle Contae Shligigh].
o Ionad Siamsaíochta Dhún Dealgan [Comhairle Contae Lú]
• Maidir le Pairc Chnocán Uí Dhalaigh, fógraíodh deontas sealadach de €918,750 Mí Eanáir 2020 chun cuidiú leis an gcostas iomlán deártha bainteach lena hathchóiriú (ag an bpointe sin, measta ag €2,450,000). D’fhógair Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath gur cuireadh Iarratas Pleanála Pháirt 8 isteach go foirmeálta i leith Thionscadal Athfhorbartha Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh i mí Dheireadh Fómhair 2023. I rith an phróisis bhreisithe, léirigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don Roinn gur mhian leo cur isteach ar mhaoiniú Shruth 2 a bheidh ina próiseas iarratais iomaíoch ar leith. Níor ghá le maoiniú breise chun obair deartha Shruth 1 a chríochnú sa chás seo agus mar sin ní liostáiltear é sna leithdháiltí.
• Ceanglaítear ar dheontaithe íosmhéid de 30% de chostais iomlána an tionscadail a chur ar fáil mar chistiú comhfhreagrach.
• Osclófar babhta nua den Chiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála le haghaidh iarratas sa chéad leath de 2024, agus foilseofar dátaí, téarmaí agus coinníollacha ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha.