Aird tarraingthe ag Madigan ar íomhánna satailíte de dhóiteáin Chill Mhantáin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tharraing Josepha Madigan, T.D,. an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aird inniu ar na híomhánna satailíte a thóg Gníomhaireacht Spáis na hEorpa den loisceadh sléibhe uafásach atá tarlaithe i gCill Mhantáin le cúpla lá anuas.
Ag tarraingt aird ar na híomhánna dúirt Madigan Uasal:
"Tá Rabhadh i leith Dóiteáin Staid Oráiste i bhfeidhm go dtí an 24 Aibreán agus is léiriú grafaiceach iad na híomhánna seo ar an damáiste, ar an uafás agus ar an méid plandaí agus ainmhithe atá caillte againn de bharr na dtinte sléibhe seo a bhí in aghaidh an dlí."
D’oibrigh foireann na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) leis an tSeirbhís Dóiteáin i gCill Mhantáin le haghaidh a thabhairt ar roinnt de na tinte le cúpla lá anuas. Tá cúig dhóiteán mhóra tarlaithe sa cheantar sin ó Aoine an Chéasta. Bhí ceann de na tinte ag dó ar feadh cúpla lá an tseachtain seo caite agus bhí an tSeirbhís Dóiteáin, an NPWS agus tacú héileacaptair ann chun na tinte a throid.
Bunaithe ar an gcéad anailís, is cosúil gur tinte talmhaíochta atá i gceist leis an gcúig thine. Dúirt an tAire Madigan chomh maith go bhfuil oifigigh an NPWS ag ullmhú tuarascálacha tras-chomhlíontacha don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Leag sí béim ar nach raibh gá ar bith acmhainní an Stáit a chur amú le linn na paindéime seo, de bharr gníomhaíochtaí contúirteacha agus mífhreagracha. Luaigh sí, mar chosantóirí an dúlra, go dtugann an chuid is mó d'fheirmeoirí agus d'úinéirí talún aird ar an dlí maidir le tinte a lasadh, agus go bhfuil siad báúil don oidhreacht nádúrtha atá againn. Tá an tAire ag iarraidh ar dhaoine eile an dea-sampla sin a leanúint.