Airí ag impí ar dhaoine smaoineamh go cúramach sula bhfaigheann siad coileán don Nollaig
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na hAirí sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus na hAirí sa Roinn Dlí agus Cirt tagtha le chéile le himpí ar aon duine atá ag smaoineamh ar choileán a thabhairt mar bhronntanas Nollag i mbliana, smaoineamh go cúramach air sin sula ndéanann siad amhlaidh.
Dúirt an tAire Charlie McConalogue,
"Táim ag impí ar dhaoine a gceann chomh maith lena gcroí a úsáid má tá sé i gceist acu coileán a fháil an Nollaig seo. Is féidir le gach duine a gcuid féin a dhéanamh le leas gach peata a chinntiú agus gan aon ainmhí a cheannach ná a fháil ach ó fhoinse a bhfuil dea-cháil air. Is iontach na peataí a bhíonn i madraí, ach faraor, gach bliain, tréigtear na céadta coileán nó tugtar do charthanais ainmhithe iad, go háirithe tar éis na Nollag."
Is éard a bhí le rá ag an Aire Helen McEntee,
"Tá mé ag iarraidh go smaoineoidh gach duine go cúramach sula bhfaigheann siad coileán agus comhairle a fháil ó ghairmí cúraim ainmhithe nuair atá madra a oirfidh do do chuid cúinsí féin á roghnú. Má shocraíonn tú go bhfuil tú ábalta aire a thabhairt do mhadra fad is a mhairfidh sé, cinntigh go roghnóidh tú coileán ó charthanas athshocraithe nó ó phóraitheoir madraí a bhfuil dea-cháil orthu, a bhfuil sé cinntithe acu go bhfuil a gcuid coileán sláintiúil, go bhfuil micrishlis curtha i gceart iontu agus go bhfuil a gcuid vacsaínithe faighte acu. Is cion é madra a ghoid, agus madra atá goidte a dhíol, agus mholfainn do dhuine ar bith atá chun madra a cheannach, ceann a cheannach ó dhíoltóir a bhfuil dea-cháil air.
Is éard a dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett,
"is cuma más madra, nó peata ar bith eile atá i gceist, tá go leor freagrachtaí i gceist, agus ba chóir go mbeimis go léir ar an eolas faoi sin sula bhfaighimid peata. Idir mhicrishlisiú agus chlárú, vacsaíniú nó neodrú, gnéithe riachtanacha ar fad iad sin maidir le húinéireacht fhreagrach peataí chomh maith le feabhas a chur ar leas peataí. Ba mhaith liom daoine a bhfuil sé i gceist acu peataí a fháil a spreagadh le smaoineamh ar bhaile nua a thabhairt d'ainmhí, nó ainmhí a altramú ó eagraíocht leasa ainmhithe a bhfuil dea-cháil orthu, agus baile a chur ar fáil do pheata nach raibh uaidh dhuine éigin eile an Nollaig seo.”
Dúirt an tAire Hackett chomh maith,
"Iarr fianaise orthu a léireoidh go bhfuil an díoltóir nó an té atá ag cur an mhadra ar fáil cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara nó, más eagraíocht iad a bhíonn ag pórú madraí, go bhfuil siad cláraithe leis an Údarás Áitiúil. Iarr orthu an teastas cláraithe den mhicrishlis a thaispeáint duit. Tugtar cosaint do leas madraí má bhíonn micrishlisiú déanta orthu go léir agus cuidíonn sé chomh maith le madraí atá imithe amú nó goidte a aithint go tapa dá n-úinéirí."
Mar fhocal scoir is éard a dúirt an tAire Stáit James Brown,
"Níos minice ná a mhalairt, faigheann úinéirí coileán amach nach bhfuil sóisialú ceart déanta ar a bpeata sna míonna ríthábhachtacha ag tús a saoil nó go mbíonn fadhbanna sláinte ag dul dóibh mar nach bhfuil vacsaíniú déanta orthu mar is cóir. Iarr ar an té a bhfuil an coileán aige an coileán a thaispeáint duit agus é sa bhaile in éineacht lena mháthair, agus ná ceannaigh aon choileán ó dhuine a thairgeann casadh leat ag áit éigin eile seachas an áit ina bhfuil an coileán.
Nóta d'Eagarthóirí:
Is féidir na rialacha a bhaineann le peataí a dhíol a fháil ag
CRÍOCH