Aitheantas mar Oidhreacht Bheo tugtha ag UNESCO do Chruitireacht na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ríméad ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD a fhógairt go bhfuil Cruitireacht na hÉireann le cur le Liosta Ionadaíoch UNESCO d'Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Duine.
Ceadaíodh ainmniúchán na hÉireann, Cruitireacht na hÉireann, ag cruinniú de chuid an Choiste Idir-Rialtasaigh maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúir Domhláimhsithe UNESCO in Bogotá, sa Cholóim agus mar sin tá aitheantas idirnáisiúnta anois ag Cruitireacht na hÉireann mar phríomhghné d'oidhreacht bheo na hÉireann d'fhonn í a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Dúirt an tAire Madigan:
"Tá ríméad orm go bhfuil an t-aitheantas idirnáisiúnta seo tugtha do Chruitireacht na hÉireann mar go bhfuil ról lárnach aici inár n-oidhreacht chultúrtha. Comhartha náisiúnta na hÉireann is ea an chruit agus tá sí á seinm sa tír seo le breis agus 1,000 bliain. Léiríonn an t-aitheantas seo ó UNESCO fíor-ómós do ghlúnta na gcruitirí a chinntigh gur tugadh ceol cruite na hÉireann don ghlúin seo agus go dtabharfar í do na glúnta atá le teacht. Tá mé buíoch freisin do Chruit Éireann as an obair a rinne siad i gcomhar le mo Roinn chun an t-aitheantas UNESCO seo a bhaint amach."
Is í Cruitireacht na hÉireann an tríú inscríbhinn ag Éirinn atá curtha leis an Liosta Ionadaíoch. Rinneadh chéad ainmniúchán na hÉireann, an Phíobaireacht Uilleann, a inscríobh go hoifigiúil in 2017 agus rinneadh an dara ainmniúchán, Iománaíocht, a inscríobh go hoifigiúil in 2018.
Is faoi stiúir na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Cruit Éireann a rinneadh an aighneacht don inscríbhinn seo.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Madigan:
"D'fhonn infheictheacht, feasacht a ardú, cosaint agus meas a léiriú ar an iléagsúlacht a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha go hidirnáisiúnta atá Liosta Ionadaíoch UNESCO. Is deis den scoth atá ann gné ar mór linn agus atá lárnach in oidhreacht chultúrtha na hÉireann a roinnt leis an bpobal idirnáisiúnta anois agus Cruitireacht na hÉireann inscríofa."
CRÍOCH