An céad searmanais saoránachta ó thosaigh an phaindéim óstáilte ar an láthair ag an Aire McEntee chun fáilte a chur roimh shaoránaigh is nuaí na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
20 Meitheamh 2022
Óstálfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, dhá shearmanas saoránachta an-speisialta inniu chun fáilte a chur roimh 950 duine a ndéanfar saoránaigh Éireannacha díobh. Beidh an t-imeacht seo ar an gcéad cheann de shearmanais saoránachta ar an láthair ó bhuail ráig den phaindéim i Márta na bliana 2020.
Beidh na searmanais ar siúl san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí. Beidh an Breitheamh Uasal Bryan McMahon, Breitheamh den Ard-Chúirt ar Scor agus an Breitheamh Uasal Paddy McMahon, Breitheamh den Chúirt Dúiche ar Scor, i gceannas ar shearmanas amháin an duine.
Ag labhairt di roimh an imeacht dúirt an tAire McEntee,
“Is é seo an chéad uair a mbeidh sé de phribhléid agamsa a bheith i láthair go pearsanta ag searmanas saoránachta agus is mór an onóir a bheidh ann domsa fáilte a chur roimh an oiread sin daoine a bhfuil sé socraithe acu a mbaile féin a dhéanamh d’Éirinn.
Cé go bhfuil mé thar a bheith mórtasach as na himeachtaí ceiliúrtha atá reáchtáilte ag mo Roinn ar líne le dhá bhliain, ní bhuailfeadh rud ar bith an t-eispéireas sin aithne a chur ar na saoránaigh is nuaí atá againn agus an tábhacht a bhaineann leis dóibhsean go bhfuil a n-aistear saoránachta tugtha chun críche acu a fheiceáil go pearsanta.
Is ócáid ar chóir meas a bheith uirthi é teacht chun bheith i do shaoránach Éireannach, do shaoránaigh nua s'againne agus dá dteaghlaigh agus cairde araon. Trína gcuid cultúir agus traidisiúin ar leith féin a roinnt linn, beidh ár saoránaigh is nuaí ina gcuid dár bpobail agus is saibhre muid dá mbarr.”
Leanann na searmanais saoránachta ar an láthair i gCill Airne roinnt tionscnamh a forbraíodh agus a cuireadh i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19 chun fáilte a chur roimh shaoránaigh is nuaí na hÉireann.
In Iúil, 2020, bhí Éire ar an gcéad tír Eorpach chun searmanas ríomh-shaoránachta a óstáil agus reáchtáladh trí imeacht ceiliúrtha eile ar líne sa bhliain 2021.
In Eanáir, 2021, thug an tAire McEntee isteach córas sealadach a chuir ar chumas iarratasóirí a bpróiseas eadóirseachta a thabhairt chun críche trí dheimhniú reachtúil dílseachta a shíniú. Bhí deis ag breis is 15,000 iarratasóir a dteastais saoránachta a fháil tríd an gcóras sealadach.
Déanfar na searmanais a shruthú beo as Ionad Comhdhála Chill Airne ag 10.45am agus ag 1.45pm ar chainéil meán sóisialta na Roinne. Beidh daoine ábalta úsáid a bhaint as na haischlibeanna #IrishCitizen2022 agus #SaoránachÉireannach2022 chun a dtacaíocht a roinnt le saoránaigh nua na hÉireann.
Tá tús curtha le pleanáil do shearmanais ar an láthair eile i gCill Airne le haghaidh mhí na Nollag, 2022.
Nótaí d'eagarthóirí
Tugadh cuireadh do thuairim is 1,300 iarratasóir chuig an searmanas ar an láthair ar an 20 Meitheamh agus ghlac thart ar 950 díobh leis.
Ó cuireadh tús leis na searmanais saoránachta ar dtús, tá 154 searmanas reáchtáilte go dtí seo ag a bhfuair daoine as breis is 180 tír deimhniú ar a n-eadóirseacht.
Tá saoránacht Éireannach faighte ag thart ar 148,000 duine go dtí seo ón mbliain 2011 i leith.
Sa bhliain 2021, rinne an Roinn 11,512 cinneadh maidir le saoránacht, an leibhéal is airde ó bhí an bhliain 2015 ann.
Tá líon céimeanna glactha chun luas a chur leis an bpróiseáil ar iarratais agus tá líon bearta digitithe tugtha isteach chomh maith chun éifeacht an phróisis a ardú, lena n-áirítear ríomh-Imréiteach cánach, ríomh-ghrinnfhiosrú agus íocaíochtaí ar líne.
Leis an bpróiseas digitithe, beidh níos mó ama ag níos mó den fhoireann chun díriú ar iarratais a phróiseáil in am trátha agus i mbealach éifeachtach chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus amanna feithimh a laghdú.