An Chéad Straitéis um Leas Ainmhithe de chuid na hÉireann seolta ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá chéad Straitéis uileghabhálach um Leas Ainmhithe na hÉireann seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D.
Chuir an tAire fáilte roimh an straitéis agus dúirt,
"Is léargas an Straitéis seo ar thiomantas soiléir an rialtais i leith leas ainmhithe. Tá tuiscint mhór ag muintir na hÉireann ar chomhbhá agus freagracht i leith ainmhithe agus tá stair bhródúil ag mo Roinn féin i leith tacú le leas ainmhithe, cibé más trí thionscnaimh beartais, comhairle nó treoir a sholáthar, nó trí chúnamh airgeadais d'fheirmeoirí chun cuidiú leo a gcuid saoráidí a fheabhsú, nó tacaíochtaí airgeadais dár gcarthanais leasa ainmhithe; táimid chun leibhéal nua a bhaint amach i leith an bheartais sin. Tá tábhacht níos mó agus níos mó ag baint le leas ainmhithe do shaoránaigh na hÉireann, agus ní rabhamar riamh chomh feasach ar an idirghaol atá ann idir leas ainmhithe agus folláine an duine agus atá anois. Léiríonn na roghanna a dhéanaimid inár dtomhaltóirí agus táirgí de bhunadh ainmhithe á gceannach againn an tábhacht a bhaineann le leas ainmhithe agus tá ár gcáil i dtaobh ardchaighdeáin leasa ainmhithe a bhaint amach riachtanach do mhargaí onnmhairithe na tíre."
Trí chur chuige 'Sláinte, Leas Trí Chéile' a ghlacadh, aithnítear an dlúthnasc agus an t-idirspleáchas atá ann idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte timpeallachta agus an straitéis, agus tá cúig phríomhphrionsabal treorach mar bhonn taca ag an straitéis; obair i gcomhar, ceapadh beartas faoi threoir eolaíochta agus fianaise, oideachas agus eolas a fheabhsú, meastóireacht sheasmhach agus measúnú seasmhach, agus córas éifeachtúil rialála.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Ar mhaithe le bheith inchreidte agus éifeachtúil, ní mór ár mbeartais a bheith bunaithe ar eolas agus a bheith faoi threoir fianaise, agus creidim go bhfuil sé de chumas ag Éire a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse. I bhfianaise sin, tá mórtas orm ár n-eolas agus saineolas a neartú trí thacaíocht a thabhairt do Scoil an Leighis Tréidliachta, UCD an chéad Chathaoirleach um Leas Ainmhithe agus Eitic Tréidliachta in Éirinn a bhunú, tá iarrtha agam ar Teagasc tús áite a thabhairt d'ábhair a bhaineann le leas ainmhithe ina gcláir oideachais agus taighde."
Dúirt an tAire
"Is faoi gach duine i sochaí na tíre atá sé ardchaighdeáin leasa ainmhithe a sholáthar; iadsan ar leo ainmhithe, a thugann aire d'ainmhithe, atá freagrach as ainmhithe, cibé ar an bhfeirm nó sa bhaile a dhéantar sin, ach is faoi thomhaltóirí é chomh maith trí na roghanna a dhéanann siad. Beidh mo Roinnse ag obair i gcomhpháirtíocht dhlúth le Ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais, chomh maith le húdaráis áitiúla, eagraíochtaí leasa ainmhithe, an pobal feirmeoireachta agus an tionscal agraibhia, cleachtóirí agus altraí tréidliachta, chomh maith le taighdeoirí agus oidí na tíre. Beimid ar fad in éindí, ábalta a chinntiú go dtugaimid, mar shocaí, an meas agus an aire, chomh maith leis na hardchaighdeáin leasa ainmhithe, atá tuillte ag ár bpeataí, dóibh, bíodh siad ar an bhfeirm nó bíodh siad fiáin.
Leag an tAire amach a thosaíochtaí don bhliain 2021. Dúirt sé,
"Cuirfidh mé reachtaíocht os comhair an Oireachtais roimh aimsir na Cásca chun cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh sa Stát. Déanfaidh mo Roinn athbhreithniú ar an múnla maoinithe ex gratia reatha do charthanais leasa ainmhithe chomh maith leis na bunchuspóirí beartas poiblí le súil an maoiniú atá ar fáil a dhúbailt. Treoróidh mo Roinnse, in éindí le comhpháirtithe, cur chuige comhordaithe nua i dtaobh capaill a rialú, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfianaise, ar cúis imní é, go bhfuil capaill ag dul ar strae agus an imní a bhaineann leis sin faoi leas ainmhithe a thugtar le fios i gceantair uirbeacha áirithe. Táimse mé féin ag obair go dlúth le feirmeoirí agus leis an tionscal chun ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chinntiú do laonna a bheirtear anseo in Éirinn, cibé i dtreo an mhargaidh baile nó an margadh onnmhairithe a bheidh siad ag dul".
D'fhógair an tAire chomh maith go bhfuil ardú tagtha ar an teorainn infheistíochta atá ar fáil don Scéim Infheistíochta Muc agus Éanlaithe (ceann den seacht mbeart infheistíochta caipitil atá ar fáil faoin Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS II) ó €80,000 go dtí €200,000 mar gheall ar leasú a rinneadh le déanaí ar Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann, agus áireofar coinníollacht leasa ainmhithe bhreise mar chuid de. Táthar ag súil go mbeidh an teorainn níos airde seo ar fáil sa chéad thráinse eile de TAMS II. Chomh maith leis sin, tá infheistíochtaí ar mhaithe le leas laonna, a bhí ar fáil roimhe seo faoin Scéim Infheistíochta Laonna, curtha san áireamh sa tráinse reatha (is féidir iarratas a dhéanamh ina leith go dtí an 16 Aibreán 2021).
I measc gníomhaíochtaí eile faoin Straitéis tá:
• Comhairle Chomhairleach ar Leas Pheataí faoi chathaoirleacht a bhunú, a mbeidh Sean O’Laoide, Leas-Uachtarán Sinsearach Aontas Shláinteolaithe Tréidliachta na hEorpa, agus iar-chathaoirleach EuroFAWAC, an Fóram Eorpach um Chomhairlí Leasa Ainmhithe, ina gcathaoirligh uirthi.
• Déanfar athnuachan ar an gComhairle Chomhairleach ar Leas Ainmhithe Feirme, agus Ciara Feeney-Reid ceaptha ina cathaoirleach, a bhfuil taithí aici ar bheith ina bainisteoir agus ina meantóir i gcleachtas tréidliachta agus is í Iar-Uachtarán Tréidliacht Éireann í.
• Leagfar béim athnuaite ar tháscairí bunaithe ar ainmhithe chun caighdeáin leasa a mheas agus an ráta a ndéantar eireabaill a sciotadh de mhuca a laghdú.
• Treoróidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara grúpa idir-rannach ar ainmhithe andúchasacha chun comhairle a thabhairt i dtaobh beartas agus rialúchán.
• Córas nua a thabhairt isteach chun inrianaitheacht con a fheabhsú faoi threoir Rásaíocht Con Éireann.
Is féidir Straitéis um Leas Ainmhithe na hÉireann 2021-2025 a fháil ar www.gov.ie/en/publication/12d6a-animal-welfare-strategy/
CRÍOCH