An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge Bunaithe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, le héifeacht ón 20 Meitheamh.
Is lá mór é seo agus céim eile chun tosaigh glactha anois ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a síníodh ina dhlí i mí na Nollag 2021. Sonraíodh faoi fhorálacha ábhartha an Achta sin go mbunófaí an Coiste Comhairleach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis achtú an Achta, rud atá déanta anois.
Leagtar amach feidhmeanna sonracha an Choiste Chomhairligh san Acht, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach agus is é sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.
Mar a sonraíodh san Acht, tá comhaltas an choiste comhdhéanta anois de:
Chuige sin, is mar seo a leanas atá ballraíocht an choiste:
Tá an Dr. Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, roghnaithe ag an mbeirt Airí le bheith ina Chathaoirleach eatramhach ar an gcoiste go dtí go dtosóidh Príomhoifigeach breise sa Roinn i mí Lúnasa ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Achta a thiomáint trasna an státchóras.
Ag labhairt faoi na ceapacháin inniu, dúirt an tAire Martin:
"Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe anois. Measaim go bhfuil réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gcoiste agus go mbeidh ionchur fairsing ar ábhair éagsúla againn dá réir, rud a thagann le cuspóirí foriomlána an Achta a bhaint amach. Tréaslaím ach go háirithe a gceapacháin ar an gcoiste le Máiréad Ní Ghabháin agus John Prendergast thar ceann phobal na Gaeilge, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht faoi seach. Beidh ról lárnach ag an gcoiste seo i dtaobh bealaí a aithint trína dtabharfar faoi mhéadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Táim buíoch do chomhaltaí uile an choiste as a gcuid ama a thabhairt agus as bheith páirteach ar an gcoiste."
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
"Le bunú an choiste seo inniu, táim ar bís go bhfuil céim eile chun tosaigh glactha againn ó thaobh Acht na dTeangacha (Leasú) 2021 a chur i bhfeidhm. Is féidir linn aghaidh a thabhairt anois ar an taighde ábhartha atá de dhíth chun a chinntiú go ndéanfar an Plean Náisiúnta maidir le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a fhoilsiú, mar atá sonraithe san Acht, laistigh de dhá bhliain ó bhunú an choiste. Mar chuid den Phlean Náisiúnta beidh spriocdháta á shocrú faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge – beart atá á éileamh ag pobal na Gaeltachta le blianta fada anuas.
"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí nua an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, gach rath a ghuí orthu ina gcuid oibre amach anseo agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas i leith na Gaeilge. Táim cinnte go dtabharfaidh siad faoin obair seo le díograis agus le dúthracht agus go mbeidh lorg a gcuid oibre le sonrú ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtaobh na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí sna blianta fada amach romhainn."
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2021/act/49/enacted/ga/html
Is féidir Mír Ábhartha an Achta a fháil: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2021/act/49/section/8/enacted/ga/html#sec8
Tosóidh Príomhoifigeach nua-ceaptha ar fhoireann na Roinne i mí Lúnasa a ghlacfaidh Cathaoirleacht an Choiste ón Dr. Mac Cormaic.