An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí oscailte ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, athoscailt na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí d’iarratais nua ó fheirmeoirí. Táthar ag súil go mbeidh an athoscailt mar bhonn le méadú suas le 30% sa líon feirmeoirí atá i mbun feirmeoireachta orgánaí in Éirinn i mbliana.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett agus oscailt na Scéime á fógairt aici,
“Is scéim iontach é seo a sholáthraíonn an tacaíocht a theastaíonn ó fheirmeoirí ionas gur féidir leo tabhairt faoin bhfeirmeoireacht orgánach agus mholfainn go láidir dóibh siúd atá ag smaoineamh ar an bhfeirmeoireacht orgánach a machnamh a dhéanamh ar an scéim seo. Gheall mé go gcabhródh mé leis na feirmeoirí ar fad ar mian leo a bheith i mbun feirmeoireachta orgánaí in Éirinn – cabhróidh an scéim seo leo. D’fhéadfadh go mbeadh feirmeoireacht orgánach mar bhonn le praghsanna níos airde agus bealach feirmeoireachta níos inbhuanaithe. Níl sé chomh dian céanna, agus baintear tairbhe as an dúlra agus as próisis nádúrtha chun bia orgánach a tháirgeadh, cur chuige a bhfuil breis éilimh air anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Agus cúis áthais dom go bhfuil mo Roinn féin ag cabhrú le feirmeoirí freastal ar an éileamh sin tríd an scéim a athoscailt, agus go bhfuil breis maoinithe agus scóipe á soláthar ionas go mbeidh deis ag i bhfad níos mó feirmeoirí a bheith páirteach sa scéim."
Beidh an Scéim oscailte agus glacfar le hiarratais ó gach earnáil ón lá inniu (an 1 Márta) go dtí an 30 Aibreán 2021.
Is beart comhshaol talmhaíochta é an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí atá á reáchtáil faoi Chlár um Fhorbairt Tuaithe na Roinne. D’fhéadfadh go mbeadh feirmeoirí a ghlacann páirt sa scéim cáilithe le haghaidh íocaíochtaí bliantúla suas le €220 sa heicteár agus suas le €170 sa heicteár má tá stádas iomlán orgánach bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil le haghaidh feirmeoirí gairneoireachta agus curaíochta orgánaí.
Agus feirmeoirí á spreagadh aici chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim, dúirt an tAire an méid seo a leanas,
“Creidim go n-éascóidh an leibhéal suntasach maoinithe atá ar fáil don Scéim nua seo iontráil 400-500 feirmeoir nua sa chóras feirmeoireachta orgánaí. Ba cheart go dtacódh sé seo le neart iarratas rathúil ó gach cineál fiontair agus mholfainn d’fheirmeoirí i ngach earnáil smaoineamh ar iarratas a dhéanamh.”
Ina theannta sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,
“Tá an scéim agus an maoiniú ailínithe go dlúth leis na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis Náisiúnta Feirmeoireachta Orgánaí go dtí 2025 agus cabhróidh sé linn na spriocanna sin a chomhlíonadh. Sa chás go ndéanfaidh an iomarca feirmeoirí iarratas ar an scéim, tabharfaidh mé tús áite do na hearnálacha lena mbaineann an t-éileamh is mó, eadhon na hearnálacha déiríochta, gairneoireachta agus curaíochta, ach chomh maith leis sin, is mian liom feirmeoirí óga a spreagadh chun athrú chuig feirmeoireacht orgánach agus dá réir sin, beidh sé mar aidhm againn tacú leis seo tríd an bpróiseas roghnúcháin freisin. Chomh maith leis sin, chinntigh mé go mbeidh aitheantas á thabhairt d’iarrachtaí feirmeoirí nár éirigh leo a bheith páirteach sa scéim roimhe seo, ach a lean ar aghaidh i mbun feirmeoireachta orgánaí, trí rochtain ar bhonn tosaíochta a thabhairt dóibh.”
Ní mór iarratais ar an scéim a dhéanamh ar líne trí chóras ar líne na Roinne ag agfood.ie. Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, “Tá an próiseas iarratais sách simplí agus éasca. Tá neart eolais agus treorach ar fáil d’fheirmeoirí ó mo Roinn, Teagasc agus comhlachtaí deimhnithe orgánaigh. Chomh maith leis sin, ba cheart d’fheirmeoirí labhairt go díreach lena gcomhairleoir féin má tá siad ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh sa scéim. Mholfainn do gach feirmeoir eolas a aimsiú faoi na deiseanna atá ar fáil agus a machnamh a dhéanamh ar iarratas a dhéanamh ar an scéim.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
• Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus doiciméad CCanna le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/
• Tá sraith Bileog Eolais Orgánaigh nua forbartha ag Teagasc chun eolas a roinnt le feirmeoirí atá i mbun machnaimh ar roghanna fiontair orgánaigh. Ina theannta sin, tá treoirleabhar nua “Organic Farming – A Step-by-Step Guide to Conversion” forbartha agus ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc www.teagasc.ie/organics
• Má fhaightear an iomarca iarratas ar an Scéim, cinnfear na hiarratasóirí rathúla trí phróiseas rangaithe agus roghnúcháin. Bronnfar marcanna le haghaidh gach earnáil agus é mar aidhm dlús a chur leis na réimsí ina bhfuil táirgeadh orgánach ag tarlú, agus tabharfar tús áite do réimsí a meastar atá easnamhach. Is iad na réimsí atá easnamhach dar le Grúpa na Straitéise Orgánaí - déiríocht, curaíocht agus gairneoireacht.
• Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí le fáil ar leathanach orgánaice na Roinne www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/
CRÍOCH