An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2021
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn an tAire Noonan cistíocht de €3m do 477 tionscadal san oidhreacht thógtha
D’fhógair an tAire Stáit don Oidhreacht and don Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, inniu (Déardaoin 1 Aibreán) go mbainfidh 477 tionscadal san oidhreacht thógtha trasna na tíre leas as iomlán de €3m faoi Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) na bliana seo.
Maraon le tacaíocht a thabhairt d’úinéirí agus do choimeádaithe struchtúr stairiúil agus caomhnaithe a gcuid maoine a chosaint agus a chothabháil, tabharfaidh an chistíocht seo treisiú suntasach do thógálaithe áitiúla agus do thrádálaithe oidhreachta trí oibreacha le luach os cionn €15.5m a eascú agus tuairim is 19,000 lá oibre a chruthú.
Leanann an fógra seo cinneach an Rialtais níos luaithe sa tseachtain seo na srianta a éascú ar bhonn teoranta agus céimnithe ó mhí Aibreáin go dtí go mbainfear leibhéal suntasach de vacsaíniú amach, ag súil go mbeifear in ann an earnáil tógála a athoscailt go hiomlán go luath i mí na Bealtaine. Le fógra an lae inniu, is féidir le húinéirí agus le coimeádaithe pleanáil do na míonna atá le teacht. Ar ndóigh, beidh ar oibreacha uile a bheith déanta go huile is go hiomlán de réir treoracha an Rialtais/ FSS ar Covid-19.
Is ceann de dhá scéim cistíochta don oidhreacht thógtha í an SIOT riartha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i dteannta le 31 Údarás Áitiúil. Le deontais de suas le €15,000, cuidíonn an SIOT d’úinéirí struchtúr stairiúil – a áirítear ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint agus iadsan i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta – an dualgas a gcuid maoine a chothú a chomhlíonadh. Níl an scéim teoranta d’áitribh phríobháideacha agus tá tacaíocht ar fáil freisin do raon leathan de struchtúir oidhreachta thábhachtacha eile – i measc deontais SIOT na bliana seo tá tithe tábhairne suntasacha Toner’s i mbaile Átha Cliath agus T & H Doolan’s i bPort Láirge; foirgnimh eaglasta stairiúla trasna na tíre; tuama clainne Henry Grattan i gCill Dara; droichead coincréite luath i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí; agus an comhartha neon íocónach ‘Why go bald’ ar Shráid Sheoirse Mhór Theas i mBaile Átha Cliath.
Táthar ag leanúint freisin i SIOT 2021 le scéim micrea-deontas a tógadh isteach in 2020 chun cur le hathléimneacht struchtúr stairiúil seasamh in aghaidh an tionchar leanúnach atá ag athrú aeráide. Ligeann sé seo d’údaráis áitiúla íocaíochtaí beaga a thabhairt d’úinéirí maoine stairiúla cothabháil ghnáthaimh a dhéanamh chun an tionchar atá ag athrú aeráide ar an bhfoirgneamh a fhritháireamh.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Noonan:
‘Tá áthas orm infheistíocht de €3m a fhógairt in ár n oidhreacht thógtha a chuideoidh do 477 úinéir agus coimeádaí struchtúr stairiúil agus caomhnaithe trasna na tíre agus iad i mbun na céadta tionscadal mionscála, dlúthfhostaíochta chun ár n oidhreachta thógtha a dheisiú agus a chothú. Tabharfaidh na híocaíochtaí seo spreagadh eacnamaíochta a bhfuil géarghá leis, i ngach ceann de na 31 údarás áitiúla agus ginfear fostaíocht in an chuid gnólachtaí beaga, do speisialtóirí caomhnaithe oilte agus do thrádálaithe atá bainteach leis an earnáil tógála don oidhreacht. Ní amháin go gcuideoidh an chistíocht seo de €3m le sainghnólachtaí oidhreachta de réir mar a thagann biseach ar an margadh, ach is infheistíocht í freisin i dtiomantas an Rialtais faoi Chlár an Rialtais tacaíocht a thabhairt do scileanna tógála tradisiúnta’.
Ag déanamh tráchta dó ar an bhfógra, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD,
‘Is iontach an raon de thionscadail a gheobhaidh tacaíocht ón infheistíocht de €3m a fheiceáil. Cabhróidh an chistíocht seo ár n-oidhreacht thógtha shaibhir a chothú, ag coinneáil an chuid foirgneamh in úsáid agus roinnt mhaith eile a thabhairt ar ais in úsáid. Beidh éifeacht eacnamaíochta iarmhartach freisin trí phostanna a ghiniúint, breis fostaíochta a chruthú do chonraitheoirí oidhreachta agus do cheardaithe oilte agus trádálaithe eile.’
Chuir an tAire Stáit Peter Burke, TD, fáilte freisin leis an bhfógra ag rá
‘Is léiriú é an rath atá ag an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha don dlúthchaidreamh oibre atá ann idir an Roinn agus na hÚdaráis Áitiúla, go mór mhór na hOifigigh Chaomhantais Ailtireachta, na hOifigigh Oidhreachta agus na baill foirne pleanála agus riaracháin, ina n-easnamh ní bheadh na scéimeanna seo ann. Tá fáilte ach go háirithe le cur go bhfuil an oiread sin tionscadal in ár mbailte faoi SIOT na bliana seo, i gcomhréir le tiomantas an Rialtais seo Tús Áite a thabhairt do Lár na mBailte’.
Fógrófar na deontais a bhronnfar faoin séim eile don oidhreacht thógtha, An Ciste um Struchtúir Stairiúla, nuair atá críoch curtha leis na measúnachtaí sna seachtainí atá romhainn.