An tAire Charlie McConalogue agus Michel Barnier tagtha le chéile chun idirbheartaíochtaí iascaigh ríthábhachtacha Breatimeachta leis an RA a phlé
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. ar chruinniú fíorúil le Príomh-Eadránaí an AE Michel Barnier inniu chun an staid reatha i ndáil leis na hidirbheartaíochtaí ar chomhaontú iascaigh leis an RA a phlé. Bhí Airí Iascaigh ó Bhallstáit AE is mó a mbeidh tionchar ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE páirteach sa chruinniú, lena n-áirítear Airí Iascaigh ón bhFrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Danmhairg, an tSualainn, an Ísiltír agus an Bheilg.
D'fháiltigh na hAirí roimh thiomantas mór an Uasail Barnier don cheangal idir an chomhpháirtíocht eacnamaíochta ar an iomlán agus do chomhaontú iascaigh a thabhairt chun críche. Mhol an tAire McConalogue don Uasal Barnier fanacht láidir ina leith seo agus gan glacadh le haon socrú gearrthéarmach ar iascaigh a d'fhéadfadh an ceangal sin a bhriseadh.
Leag an tAire McConalogue béim arís ar
"go bhfuil comhaontú Iascaigh AE/RA láidir agus seasmhach ag teastáil ó thionscal iascaireachta na hÉireann. Tá tionscal iascaireachta s'againne leochaileach ach go háirithe mar go roinneann Éire a príomhstoic éisc agus a cuid uiscí ar thrí thaobh den tír leis an RA agus ní mór dúinn an teacht atá againn ar uiscí na RA agus ar acmhainní comhroinnte a choinneáil."
Leag an tAire béim chomh maith go ndéanfaidh aon toradh amach anseo ar na hidirbheartaíochtaí caidrimh a mbeadh caillteanas i sciar an chuóta don AE damáiste do thionscal iascaireachta na hÉireann. Luaigh an tAire chomh maith sa chás is gur Breatimeacht Gan Mhargadh a bheidh ann agus má dhiúltaítear teacht ar uiscí na RA do shoithí AE, go bhféadfadh sin deacrachtaí tromchúiseacha a chruthú d'Éirinn mar gníomhaíocht iascaireachta AE a ruaigeadh isteach inár gcrios.
Ag trácht dó i ndiaidh an chruinnithe
"Bhí mé an-bhuíoch as an deis a fháil arís inniu le casadh le an Uasal Barnier agus cur síos a dhéanamh arís dó ar an imní mhór atá ar Éire maidir leis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith i gceist do thionscal iascaireachta na hÉireann mura dtagtar ar Chomhaontú Iascaigh cothrom agus féaráilte leis an RA. Tá muinín i gcónaí agam go ndéanfaidh an tUasal Barnier agus a fhoireann leasa iascaireachta na hÉireann agus an AE a chosaint go láidir sa chéim dhéanach seo sna hidirbheartaíochta."
CRÍOCH