An tAire Hackett ina Chathaoirleach ar an gCúigiú Cruinniú den Ghrúpa um Beartas Foraoiseachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí an tAire Stáit um Fhoraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett ina chathaoirleach ar an gcúigiú cruinniú den Ghrúpa Beartais Foraoiseachta a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme Thionscadal na Coillearnaí Tar éis an chruinnithe, d’fhógair sí gur iarr sí ar Bhord an Tionscadail athbhreithniú rialála seachtrach neamhspleách ar an bpróiseas ceadúnaithe foraoiseachta a choimisiúnú láithreach.
Agus í ag cur in iúl gur iarr Meithleacha um Thionscadal na Coillearnaí atá faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara ar athbhreithniú den sórt sin, labhair an tAire faoina gcuid oibre: ‘Táim an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag na Meithleacha ó bhunaíomar an Tionscadal díreach ceithre mhí ó shin. Is tréimhse an-ghearr í sin ag smaoineamh ar an tasc deacair a raibh rompu, ach tá ag éirí go maith leo i ndáiríre. Go deimhin tá na chéad dréachtmholtaí curtha isteach acu ar shraith saincheisteanna a mbreithneoidh Bord an Tionscadail orthu anois d’fhonn cuid d’aidhmeanna Thionscadal na Coillearnaí a chur chun feidhme.
I measc na dtograí a ndearna an tAire tagairt dóibh, tá moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas rialála agus moltaí maidir le déileáil leis an riaráiste. Ina theannta sin, tugadh na chéad dréachtcháipéisí oibre ar fhorbairt na físe náisiúnta comhroinnte don fhoraoiseacht chuig an nGrúpa Beartais.
Ag trácht dó air seo dúirt an tAire
“Caithfidh ár bhfís nua don fhoraoiseacht in Éirinn oibriú don chomhshaol, do phobail agus don tionscal. Mar sin scrúdóidh Bord an Tionscadail na moltaí seo go léir go cúramach. Mar sin féin, is é an rud is práinní ná an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas rialála agus pleanála do cheadúnú foraoiseachta le béim ar leith ar an gcaoi a gceadaíonn ballstáit eile san Aontas Eorpach na próisis seo. Tá treoir tugtha agam anois don Bhord Tionscadail saineolaí seachtrach a choimisiúnú láithreach chun an obair seo a dhéanamh”.
Ag tabhairt dá haire go leanann obair laethúil na Roinne i gcomhthreo le hobair Thionscadal na Coillearnaí, chuir an tAire fáilte freisin roimh an bhfeabhsú le déanaí ar aschur ceadúnaithe, agus tá 90-100 ceadúnas in aghaidh na seachtaine á eisiúint ar an meán ó lár mhí na Bealtaine. Chuaigh go leor den mhéadú seo chun leasa úinéirí talún príobháideacha, go háirithe feirmeoirí. D’athdhearbhaigh an tAire go bhfuil an Roinn tiomanta dá sprioc de 4,500 ceadúnas i mbliana agus leanann sí ag infheistiú go mór in acmhainní le cúigear éiceolaí nua ag tosú linn an tseachtain seo caite.
Ba dhíol sásaimh don Aire freisin an dul chun cinn atá déanta ag Naisc Tuaithe na hÉireann a choimisiúnaigh sí chun teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla maidir le dearcaí i leith foraoiseachta agus cruthú coillearnach sa todhchaí. Ag trácht air seo dúirt an tAire
“Creidim go láidir go gcaithfear tuairimí na bpobal a chloisteáil agus a thuiscint. Beidh obair Nasc Tuaithe na hÉireann ag tabhairt faoi rannpháirtíocht dhíreach ríthábhachtach chuige seo. Tá obair tosaithe air seo agus rachfar i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí ghrúpaí fócais chun ceisteanna lárnacha a phlé, agus tá súil agam go gcuirfidh na freagraí muid i dtreo conas rannpháirtíocht dhearfach an phobail i bhforbairt inbhuanaithe na hearnála foraoiseachta a spreagadh.
Mhol an tAire na baill as a rannpháirtíocht le Tionscadal na Coillearnaí agus ghabh sí buíochas le Cathaoirligh na Meithleacha agus le baill an Bhoird Tionscadail as a dtiomantas leanúnach don phróiseas, agus mar fhocal scoir , dúirt sí:
‘Is léir go bhfuil dul chun cinn dáiríre á dhéanamh. Níl sé éasca ná gasta an t-athchóiriú ar an scála a mholtar anseo ach is fiú go mór é i gcónaí”.
Nóta d'Eagarthóirí:
Bhunaigh an tAire Tionscadal na Coillearnaí i mí Feabhra i mbliana agus é mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ceadúnaithe foraoiseachta agus Straitéis Foraoiseachta náisiúnta nua a fhorbairt. Ba é príomhfhócas chruinniú na seachtaine seo caite ná nuashonrú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne na ceithre mheitheal atá mar chuid de Thionscadal na Coillearnaí chomh maith le nuashonrú ó Chathaoirleach Bhord an Tionscadail, Ard-Rúnaí na Roinne, Brendan Gleeson.
Is cuid lárnach de Phlean Gníomhaíochta RTBM do 2021 é Tionscadal na Coillearnaí, go háirithe Gníomh 36: Tuarascáil MacKinnon a chur chun feidhme agus Tionscadal na Coillearnaí a sheachadadh chun dul i ngleic le saincheisteanna san fhoraoiseacht in Éirinn agus chun plandáil crann a chur chun cinn, agus Gníomh 37 chomh maith: Straitéis Fhoraoise nua d’Éirinn a chur chun cinn
Is mar seo a leanas atá ballraíocht an Ghrúpa um Beartas Foraoiseachta
Eagraíocht Ainmní
Tionscail Foraoise Éireann Mark McAuley
Tionscail Foraoise Éireann Brian Murphy
Tionscail Foraoise Éireann Peter O'Brien
Tionscail Foraoise Éireann Marina Conway
CFÉ Vincent Nally
Coillte Mark Carlin
AIFC Dermot Houlihan
CCT Tom Canning
Teagasc Nuala Ni Fhlatharta
CFAÉ Donal Whelan
Pro Silva Purser Paddy
SPNF Jenni Roche
GCC Bernard Hyde
None So Hardy Teige Ryan
Environmental Pillar Andrew St Ledger
An Taisce Elaine McGoff
SWAN Mark Boyden
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann Pádraic Fogarty
Cairde Éanlaith Éireann Oonagh Duggan
Coillte na hÉireann Joe Gowran
Naisc Tuaithe na hÉireann Seamus Boland
COFORD Eugene Hendrick
FCI Michael Moroney
FOCS/LTWO Kathryn O'Donoghue
Úinéirí Foraoiseachta na hÉireann Nicholas Sweetman
Stop Climate Chaos Coalition Sadhbh O'Neill
Is féidir na cáipéisí uile don Ghrúpa Beartais Foraoise a fháil ar gov.ie - Grúpa Beartais Foraoiseachta faoi chathaoirleacht an Aire Stáit Hackett (www.gov.ie)
CRÍOCH