An tAire McConalogue ag moladh do ghnóthaí bia agus agra-ghnóthaí a gcuid ullmhúcháin don Bhreatimeacht a thabhairt chun críche
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thapaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., a bhí ag labhairt ag ceanncheathrú Ornua inniu, an deis arís lena chur ina luí ar ghnóthaí bia agus agra-ghnóthaí a gcuid ullmhúchán don Bhreatimeacht a thabhairt chun críche go práinneach lena chinntiú go mbeidh siad réidh do na rialacha agus próisis nua a bheidh i bhfeidhm ar thrádáil ón 1 Eanáir.
Dúirt an tAire,
"Taobh istigh de mhí, ní bheidh an Ríocht Aontaithe i Margadh Aonair agus Aontas Custaim an AE níos mó. Ciallaíonn sé sin, beag beann ar an toradh a bheidh ar na hidirbheartaíochtaí reatha AE-RA, ón gcéad lá d'Eanáir, go mbeidh ceanglais chustaim agus rialála le cur i bhfeidhm ar ghnóthaí a bhíonn ag trádáil leis an mBreatain Mhór agus tríd an mBreatain Mhór, agus beidh tuilleadh ama agus costas i gceist leis sin le hais mar atá cúrsaí trádála faoi láthair. Ní mór do ghnóthaí a bheith faoi réir do na hathruithe seo. Ba chóir, ach go háirithe, do ghnóthaí agraibhia clárú leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara má bhíonn siad ag allmhairiú earraí ón RA, agus ba chóir d'oibreoirí atá freagrach as seachadtaí clárú chun úsáid a bhaint as córas TRACES an AE. Ba chóir d'onnmhaireoirí clárú leis an Roinn chomh maith chun go mbeidh teacht acu ar a chóras deimhniúcháin onnmhairithe ar líne.
Chuir an tAire fáilte roimh go bhfuil slite díreacha breise chuig an mór-roinn ann agus mhol d'oibreoirí aistriú chuig na slite seo mar go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh droichead talún na RA faoi réir mhoilleanna fada i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse.
Dúirt an tAire chomh maith,
"Níl mórán am fanta agus ní mór bearta a ghlacadh go práinneach. Táim ag impí ar ghnóthaí bia agus ar agra-ghnóthaí teagmháil a dhéanamh le mo Roinn ar an líne chabhrach tiomnaithe, 076 106 4443, agus rochtain a fháil ar na hacmhainní agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil ag gov.ie/agriculture.”
Mholl an tAire chomh maith do ghnóthaí an deis a ghlacadh clárú chun páirt a ghlacadh i sraith seimineár gréasáin na Roinne, ar páirt í de chlár níos leithne rannpháirtíochta trádálaithe. Áirítear seimineár gréasáin i gcomhar air seo a bheidh ar siúl amárach (Déardaoin an 3 Nollaig) le hoifigí ó Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe na RA maidir le gluaiseacht ainmhithe agus earraí agraibhia, ón Bhreatain Mhór, chuig an mBreatain Mhór agus tríd an mBreatain Mhór ón 1 Eanáir, 2021.
Nóta d'Eagarthóirí:
• Beag beann ar an deireadh a bheidh le hidirbheartaíochtaí AE RA, beidh gnó ar bith a thugann ainmhithe, plandaí, ábhair a tagann as ainmhí nó plandaí chuig an Bhreatain Mhór nó tríd an Bhreatain Mhór faoi réir réimse gnásanna nua custam chomh maith le ceanglais rialála eile.
• Ba cheart do ghnóthaí eolas a chur ar na nósanna imeachta nua rialála agus custam agus ar na teastais agus ar an bpáipéarachas a bheidh de dhíth chun leanúint den trádáil leis an mBreatain Mhór agus tríd an mBreatain Mhór agus sin a dhéanamh go práinneach.
• Ní mór ábhar pacála adhmaid, lena n-áirítear pailléid, a úsáidtear chun earraí a bhogadh caighdeán ISPM 15 a shásamh, caighdeán fíteashláintíochta a d'fhorbair an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí. Beidh ar lucht trádála leis an RA (allmhaireoirí agus onnmhaireoirí) a chinntiú go bhfuil an WPM a úsáideann siad ina slabhra soláthair ag comhlíonadh ISPM 15 ón 1 Eanáir 2021.
• Mar chuid de shraith na Roinne ar an mBreatimeacht agus trádálaithe cuirfidh an Roinn an chéad seimineár gréasáin de chuid na Roinne ar "Ghluaisteacht ainmhithe agus earraí agraibhia chuig, ó agus trí an BM ón 1 Eanáir 2021 - a dtéann do tháirge' i láthair i gcomhar le Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe na RA (DEFRA). Is féidir an nasc chun clárú a fháil https://register.gotowebinar.com/register/4119793514702303504
• Ba cheart do ghnóthaí beart a dhéanamh anois chun moilleanna móra a sheachaint agus chun an cur isteach a dhéanfar dá ngnó a laghdú a oiread agus is féidir - ba cheart dóibh dul chuig https://www.gov.ie/en/organisation/department-of-agriculture-food-and-the-marine/?referrer=http://www.gov.ie/agriculture/ chun clárú, rochtain a fháil ar thacaíochtaí agus an t-eolas ar fad atá de dhíth uathu a fháil.
• Chun cúnamh a fháil ullmhú do na hathruithe seo, ba cheart do ghnóthaí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trína hionad glaonna tiomnaithe, 076 106 4443 nó ríomhphost a sheoladh chuig Brexitcall@agriculture.gov.ie
CRÍOCH