An tAire McConalogue le bheith i gceannas ar an seimineár ‘Cóirthrádáil i Slabhra Soláthair Agraibhia a Chinntiú‘
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sonraí fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, maidir le mórsheimineár ar an Údarás Forfheidhmithe um Thrádchleachtais Éagothroma. Is é teideal an tseimineáir ‘Cóirthrádáil i Slabhra Soláthair Agraibhia a Chinntiú' atá á reáchtáil ag Campas Bhacastúin na Roinne, Cill Droichid, Co. Chill Dara, Déardaoin an 5 Bealtaine.
Déanann an seimineár, atá á reáchtáil i bpearsan agus a bheidh beoshruthaithe freisin, comóradh ar chothrom bliana síniú na Rialachán um Thrádchleachtas Éagothrom (UTP) ag an Aire. Tabharfaidh Údarás Forfheidhmithe na Roinne breac-chuntas ar an obair atá déanta aige ó bunaíodh é agus díreoidh sé aird ceannaitheoirí agus soláthraithe táirgí agraibhia ar a n-oibleagáidí agus a gcearta faoi seach faoi na Rialacháin. Cuirfidh an seimineár in iúl freisin príomhthorthaí na suirbhéanna UTP a rinneadh le déanaí nuair a fiafraíodh de tháirgeoirí príomhúla agus de ghnólachtaí soláthraithe faoi shaincheisteanna a bhaineann le trádchleachtas éagórach atá os a gcomhair laistigh den slabhra soláthair bia.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Seimineár an-spreagúil agus faisnéiseach a bheidh ann agus tá an-áthas orm go mbeidh mé ag labhairt ann. Is deis iontach é don Údarás Forfheidhithe aird a tharraingt ar na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh atá déanta acu ó bunaíodh iad chun comhlíonadh na Rialachán UTP a chur chun cinn. Táim ag tnúth freisin le cloisteáil faoi thorthaí na suirbhéanna UTP le déanaí a thabharfaidh léargas ar thuairimí soláthraithe agus ar imní faoi chleachtais trádála i slabhra an tsoláthair bia”.
Dúirt an tAire,
“Tá an t-imeacht tráthúil freisin mar go gcruthaíonn sé feasacht bhreise go mbeidh, ón Déardaoin seo chugainn an 28 Aibreán, gach comhaontú soláthair faoi raon feidhme na Rialachán UTP agus nach mór a bheith comhlíontach go hiomlán ón dáta sin. Táim ar bís freisin a bheith in ann an obair atá ar siúl againn sa réimse seo a roinnt agus, mar an gcéanna, táim ag tnúth le bunú na hOifige um Chothroime agus Trédhearcacht i Slabhra Soláthair Bia Talmhaíochta níos déanaí i mbliana”.
Déanfaidh an tAire machnamh ar fhorbairtí na bliana seo caite ag an seimineár chomh maith leis an aistriú chuig an Oifig nua um Chothroime agus Trédhearcacht sa slabhra soláthair agraibhia. Glacfaidh an tAire páirt freisin i seisiún Ceisteanna agus Freagraí ag an ócáid a mbeidh láithreoir RTÉ Countrywide Damien O’Reilly ina chathaoirleach air.
Tá fáilte roimh dhaoine freastal ar an seimineár go pearsanta san Fhoirgneamh Saoráidí Comhroinnte ag Campas Saotharlainne Bhacastúin, Cill Droichid, Co. Chill Dara.
Beidh rochtain ar an seimineár freisin mar imeacht beoshrutha agus cuirfear tús leis ag 9AM agus críochnóidh sé ag thart ar 10.30AM. Beidh bricfeasta ar fáil roimh ré ó 8AM sa bhialann taobh leis don lucht freastail.
Caithfidh gach duine a fhreastalaíonn réamhchlárú agus spreagtar clárú luath don lucht freastail toisc go bhfuil an toilleadh ag an ionad teoranta. Tá sonraí clárúcháin na hócáide ar fáil ar www.utp.gov.ie.
Campas Bhacastúin, Cill Droichid, Co. Chill Dara – an 5 Bealtaine 2022
Sinéad McPhillips, Ard-Rúnaí Cúnta
Noel Collins, Ceann Údarás Forfheidhmithe UTP
Bernie Coyne, Stiúrthóir Bainistíochta, Coyne Research
Noel Collins, Ceann Údarás Forfheidhmithe UTP
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD
Damien O’Reilly ag Modhnú leis an Aire McConalogue agus Noel Collins.
Deis ina dhiaidh sin do lucht freastail i bpearsan aon saincheisteanna a ardú ar bhonn duine le duine le foireann an Údaráis Forfheidhmithe
CRÍOCH