An tAire Hackett ag iarraidh tomhaltóirí a spreagadh le plandaí Geimhridh a táirgeadh go háitiúil a cheannach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Gairneoireacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, cuairt inniu ar Phlandlann O'Connor i bhFearann an Sciobóil i nGuaire, Co. Loch Garman. I 1967 a bunaíodh an gnó teaghlaigh seo agus tá sé ar cheann de na táirgeoirí is mó de stoc plandlainne cosanta in Éirinn. Leag Jim O'Connor béim ar an réimse leathan de stoc geimhridh atá acu, mar poinséitia agus ciclimin, agus táirgeann an phlandlann suas le 55,000 poinséitia gach bliain do mhargadh na hÉireann.
Bíonn níos mó ná sé mhí de dhúthracht agus obair chrua i gceist chun na plandaí áille seo a réiteach le go mbeidh siad faoi bhláth i gceart in am do mhargadh na Nollag. Is éard a dúirt an tAire, "Ní chreidim ar chor ar bith an méid plandaí áille atá anseo - idir chiclimin, phoinséitia, shabhaircíní agus phlandaí ceapaí éagsúla eile. Is léir go bhfuil saineolas mór ag teastáil chun na plandaí seo a fhás agus molaim go mór ár dtáirgeoirí a chuireann táirgí den chaighdeán ard seo ar fáil.
Gné maoiniúcháin thábhachtach, a chuir ar chumas tháirgeoirí gairneoireachta, ar nós phlandlann O'Connor, leathnú amach agus fanacht brabúsach, ná infheistíochtaí a bhfuil cúnamh curtha ar fáil dóibh faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun Gairneoireacht a Fhorbairt. Scéim cúnaimh deontais í seo d'fhiontair ghairneoireachta, agus a chuireann mo Roinn féin i bhfeidhm.
Tá an chuairt seo chuig an bplandlann ag tarlú an tráth céanna a bhfuil feachtas nua á sheoladh ag Bord Bia a leagfaidh béim ar an tábhacht a bhaineann le garraíodóireacht agus plandaí a chur ag gach am den bhliain, agus ag an tráth seo bliana ach go háirithe.
Chuir an tAire Hackett clabhsúr ar a cuairt tigh O'Connor trína rá
"Tá an méid dathanna atá le feiceáil anseo dochreidte. I mbliana, níos mó ná riamh, tuigimid an t-áthas agus sonas a bhaineann le do chuid plandaí féin a chur - ní hamháin le linn mhíonna an tsamhraidh ach ar feadh na bliana - agus is féidir leis sin a bheith ina chuid thábhachtach lenár sláinte agus folláine a choinneáil. Mholfainn do dhuine ar bith atá ag ceannach plandaí ag aon am den bhliain dul sa tóir ar phlandaí a fásadh in Éirinn agus na plandaí sin a cheannach agus tacú leis an earnáil gairneoireachta áineasa anseo in Éirinn."
**Thug an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Gairneoireacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, cuairt inniu ar Phlandlann O'Connor i bhFearann an Sciobóil i nGuaire, Co. Loch Garman. I 1967 a bunaíodh an gnó teaghlaigh seo agus tá sé ar cheann de na táirgeoirí is mó de stoc plandlainne cosanta in Éirinn. Leag Jim O'Connor béim ar an réimse leathan de stoc geimhridh atá acu, mar poinséitia agus ciclimin, agus táirgeann an phlandlann suas le 55,000 poinséitia gach bliain do mhargadh na hÉireann.
Bíonn níos mó ná sé mhí de dhúthracht agus obair chrua i gceist chun na plandaí áille seo a réiteach le go mbeidh siad faoi bhláth i gceart in am do mhargadh na Nollag. Is éard a dúirt an tAire, "Ní chreidim ar chor ar bith an méid plandaí áille atá anseo - idir chiclimin, phoinséitia, shabhaircíní agus phlandaí ceapaí éagsúla eile. Is léir go bhfuil saineolas mór ag teastáil chun na plandaí seo a fhás agus molaim go mór ár dtáirgeoirí a chuireann táirgí den chaighdeán ard seo ar fáil.
Gné maoiniúcháin thábhachtach, a chuir ar chumas tháirgeoirí gairneoireachta, ar nós phlandlann O'Connor, leathnú amach agus fanacht brabúsach, ná infheistíochtaí a bhfuil cúnamh curtha ar fáil dóibh faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun Gairneoireacht a Fhorbairt. Scéim cúnaimh deontais í seo d'fhiontair ghairneoireachta, agus a chuireann mo Roinn féin i bhfeidhm.
Tá an chuairt seo chuig an bplandlann ag tarlú an tráth céanna a bhfuil feachtas nua á sheoladh ag Bord Bia a leagfaidh béim ar an tábhacht a bhaineann le garraíodóireacht agus plandaí a chur ag gach am den bhliain, agus ag an tráth seo bliana ach go háirithe.
Chuir an tAire Hackett clabhsúr ar a cuairt tigh O'Connor trína rá
"Tá an méid dathanna atá le feiceáil anseo dochreidte. I mbliana, níos mó ná riamh, tuigimid an t-áthas agus sonas a bhaineann le do chuid plandaí féin a chur - ní hamháin le linn mhíonna an tsamhraidh ach ar feadh na bliana - agus is féidir leis sin a bheith ina chuid thábhachtach lenár sláinte agus folláine a choinneáil. Mholfainn do dhuine ar bith atá ag ceannach plandaí ag aon am den bhliain dul sa tóir ar phlandaí a fásadh in Éirinn agus na plandaí sin a cheannach agus tacú leis an earnáil gairneoireachta áineasa anseo in Éirinn."
Nótaí don Eagarthóir :
Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim cúnaimh infheistíochta chun earnáil na Gairneoireachta a fhorbairt a fháil anseo
Dé hAoine an 18 Nollaig an dáta deiridh atá socraithe do bhabhta 2021 den scéim.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na plandaí a fhástar go háitiúil a bhfuil sé feiliúnach iad a chur an t-am seo den bhliain tá feachtas fógraíochta raidió ar siúl ag Bord Bia sa choicís seo amach romhainn chun daoine a ghríosadh dul ag garraíodóireacht agus fanacht folláin agus úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil dóibh ar láithreán gréasáin Bord Bia agus na cineálacha cearta plandaí don am seo den bhliain a roghnú.
CRÍOCH