An tUachtarán Ó hUiginn agus an tAire Martin i bhfeighil ag Searmanas Comórtha an Ghorta Mhóir i Reilig Ghlas Naíon
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tUachtarán Ó hUiginn, mar aon leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, i bhfeighil ag Searmanas Comórtha an Ghorta Mhóir i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath inniu (Dé Domhnaigh).
I dteannta spreagaitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, beidh onóracha míleata agus searmanas chun bláthfhleasc a chur i searmanas foirmiúil Stáit an lae inniu i ndílchuimhne orthu siúd a d'fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta. Labhróidh an tAire Martin ag an imeacht chomh maith.
Cuirfidh an tUachtarán Ó hUiginn bláthfhleasc ar son mhuintir na hÉireann, cuirfidh Déan an Chóir Taidhleoireachta bláthfhleasc ar son an Phobail Taidhleoireachta agus cuirfidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, agus Cathaoirleach Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath, David Bunworth bláthfhleasc chomh maith. Tugtar faoi deara, chomh maith, gurb í seo an dara huair a reáchtálfar an comóradh i Reilig Ghlas Naíon. Bhásaigh bunaitheoir na reilige, Dónall Ó Conaill, in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847. Canfaidh David Kennedy Ochón an Gorta Mór le Brendan Graham agus seinnfidh píobaire de chuid an Airm an tAmhrán Náisiúnta.
Rinne an tUachtarán Ó hUiginn bunphrionsabal dá Uachtaránacht é comóradh eiticiúil a dhéanamh ar phríomh-imeachtaí inár stair, ar nós an Ghorta Mhóir, agus labhróidh sé faoin nGorta mar shaintréimhse i stair na hÉireann, a mhúnlaigh ní hamháin ár stair ach an caidreamh atá againn leis an talamh, leis an imirce agus leis an bpolaitíocht. Déanfaidh an tUachtarán nasc idir taithí léanmhar na hÉireann i rith an Ghorta agus ár dtroid chomhaimseartha i gcoinne an ocrais, na bochtaineachta agus imirce éigeantaigh.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Ba é tréimhse an Ghorta Mhóir an tréimhse is dorcha inár stair. Mar a léiríodh go paiteanta sa tsraith faisneise ‘The Hunger’ a chraol RTÉ i mí na Nollag, áfach, léirigh muintir na hÉireann misneach agus neart as cuimse chun teacht tríd an tubaiste sin chun náisiún nua-aimseartha a chruthú, le naisc le diaspóra rathúil ar fud na cruinne.
Tugann an searmanas seans dúinn inniu ní hamháin comóradh a dhéanamh ar agus onóir a thabhairt d’fhulaingt agus do theacht aniar íospartaigh bhlianta an Ghorta ach tugann sé deis dúinn machnamh a dhéanamh ar theacht aniar mhuintir na hÉireann inniu. Tá Éire ag teacht amach go cúramach ach go dóchasach ó phaindéim COVID-19. Táimid ag bogadh ón dorchadas amach go dtí an solas, a bhuí le dúthracht mhuintir na hÉireann, agus ní dhéanfar dearmad ar an misneach a léirigh siad le linn na tréimhse seo ach an oiread.
Is áit chuí í Reilig Ghlas Naíon, ceann de na Reiligí is mó de chuid an Ghorta sa tír, chun bailiú le chéile agus ómós a thabhairt d’íospartaigh an Ghorta, go háirithe an deireadh seachtaine seo, agus Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath ag déanamh comóraidh ar chothrom an lae a bhásaigh a bhunaitheoir, Dónall Ó Conaill, a fuair bás in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847.”
Níl cead ag na meáin nó ag an bpobal freastal ar an searmanas, ach craolfar é ar chainéal nuachta RTÉ, RTE.ie agus ar mheáin shóisialta Nuacht RTÉ ar 12 i.n.. Beidh sé ar fáil chomh maith ar láithreán gréasáin na Roinne.