An 31 Nollaig 2021, Spriocdháta na dTaifead Níotráite - Foirmeacha le haghaidh easpórtáil sciodair, aistriú sealadach ainmhithe agus comhaontaithe cíosa le cur ar fáil anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara ag meabhrú d’fheirmeoirí gur cheart na dearbhuithe comhlánaithe Níotráite le haghaidh aistriú leasachán orgánach, aistriú sealadach ainmhithe a rinneadh i rith na bliana nó comhaontuithe cíosa gearrthéarmacha féaraigh le haghaidh 2021 a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2021.
Seo a leanas na foirmeacha atá i gceist:
• Taifead Aistrithe Leasachán Orgánach – tá córas ar líne ar fáil anois
• Foirm Thaifead 4 – Aistriú Sealadach Ainmhithe
• Foirm Thaifead 5 – Comhaontú Cíosa Gearrthéarmach Féaraigh
Is féidir le feirmeoirí an córas ar líne a rochtain trí logáil isteach ina gcuntas agfood agus N&P Statements a roghnú. Is féidir le feirmeoirí agus le comhairleoirí talmhaíochta an córas a úsáid.
Tabhair faoi deara: ní mór don iompórtálaí glacadh le (fíorú) gach aistriú ar líne sciodair faoin 31 Nollaig 2021 ionas go mbeidh sé bailí.
Tá Foirmeacha Thaifead 4 agus Thaifead 5 agus físeán gearr léirithe le fáil mar aon le lámhleabhar úsáideora ar an gcóras ar líne ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-records
Is féidir foirmeacha a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas: nitrates@agriculture.gov.ie
NÓ tríd an bpost chuig:
An Rannóg Níotráite, An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Y35 PN52
Tabhair faoi deara, is é an t-aon chruthúnas ar postas a nglactar leis Admháil Swift Post nó Admháil Poist Chláraithe.
Trí na foirmeacha seo a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2021 is féidir cabhrú le feirmeoirí an teorainn 170 kg N/Ha ar aoileach beostoic nó an teorainn 250 kg N/ha i gcás feirmeoirí maolaithe ceadaithe a chomhlíonadh. Anuraidh, chuir formhór na bhfeirmeoirí a bhfoirmeacha ar fáil in am agus chloígh siad leis an teorainn agus sheachain siad pionóis.