An Dara Áireamh Eachaí Bliantúil in Éirinn i bhfeidhm
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue T.D., gur tharla an dara áireamh eachaí bliantúil in Éirinn an 30 Samhain 2022. Cuireadh foirmeacha áirimh sa phost chuig thart ar 29,000 áitreabh cláraithe ar fud na tíre níos luaithe an tseachtain seo.
Aon duine a choinnigh eachaí (lena n-áirítear capaill, capaillíní, asail, miúileanna agus séabraí) thar oíche an 30 Samhain 2022, ní mór dó tuairisceán comhlánaithe áirimh a chur faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Dé hAoine an 16 Nollaig 2022.
D'athdhearbhaigh an tAire an tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas áirimh agus dúirt sé,
"Cuirfidh an t-áireamh eolas luachmhar ar fáil don Roinn, go háirithe maidir le galar a chosc ach freisin maidir le dul i ngleic le hábhair imní sláinte poiblí agus chun déileáil le capaill ar iarraidh, ar seachrán nó a goideadh.” Ghabh sé buíochas leis an líon suntasach coimeádaithe a bhí rannpháirteach in áireamh 2021 agus mhol sé do gach coimeádaí a bheith páirteach sa phróiseas in 2022.
Cé go nglacfaidh a Roinn le tuairisceáin áirimh pháipéir, mhol an tAire McConalogue go láidir do choimeádaithe a gcuid faisnéise áirimh 2022 a chur isteach ar líne tríd an tairseach tiomnaithe slán, Equine Census ar agfood.ie, a ghlacfaidh le sonraí 2022 ón Déardaoin an 1 Nollaig.
D'admhaigh sé go raibh roinnt saincheisteanna teicniúla leis an tairseach ar líne in 2021 ach dúirt sé
“Ghlac mo Roinn le haiseolas a fuarthas ó choimeádaithe agus d'oibríomar go crua chun na saincheisteanna seo a réiteach chun a chinntiú go mbeidh feabhas mór ar thaithí na gcoimeádaithe in 2022."
Dúirt sé freisin, nuair a thaifeadtar sonraí 2021 ar chóras a Roinne, go mbeidh sé seo ar fáil do choimeádaithe le húsáid mar bhonn dá dtuairisceán 2022. Laghdóidh an ghné seo an t-ualach riaracháin a bhaineann le sonraí eachaí a athiontráil d'ainmhithe atá fós san áitreabh. Tá rannóg ‘Ceisteanna Coitianta‘ ar an tairseach ar líne freisin agus cuireadh físeán leis an tairseach chun cuidiú le coimeádaithe a bhfuil líon mór eachaí acu a gcuid sonraí a fhógairt.
Ceanglófar ar choimeádaithe líon iomlán each a bhí i láthair ar a ngabháltas a thaifeadadh oíche an áirimh. Maidir leis na heachaí sin a bhfuil gnáthchónaí orthu san áitreabh, beidh gá freisin le hUimhir Shaoil Uathúil Eachaí (UELN), ar a dtugtar uimhir phas, gach eachaí a sainaithnítear le doiciméad aitheantais, mar aon leis an dáta measta a aistríodh gach ainmhí chuig an áitreabh.
Sa chás go mbíonn eachaí i láthair ar bhonn sealadach (m.sh. chun críocha oiliúna/comórtais/pórúcháin), ní bheidh gá leis na UELNanna aonair agus ní bheidh gá ach le líon iomlán na n-ainmhithe sin a bheidh i láthair ar an oíche.
Thug an tAire McConalogue le fios go n-éilíonn Dlí an AE maidir le Sláinte Ainmhithe (Rialachán (AE) 2016/429) áireamh, a éilíonn go ndéanfaidh an Roinn sonraí an áitribh ina gcoimeádtar gach eachaí a chónaíonn sa Stát de ghnáth a thaifeadadh. Tá an t-áireamh deartha chun nasc tosaigh a chruthú idir gach each a choinnítear sa stát ar lá an áirimh agus an t-áitreabh ar a gcoinnítear é ag an am sin.
Cruthófar próifíl gach eachaí a bhí i láthair ar ghabháltas ar an dáta sin ar chóras um Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe (AIM) na Roinne, ina bhfuil an bunachar sonraí lárnach eachaí.Ní bheidh próifíl eachaí ar chórais na Roinne ag coimeádaithe nach gcuireann tuairisceán áirimh comhlánaithe ar ais agus b'fhéidir nach mbeidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar Scéimeanna a bhaineann le eachaí a d'fhéadfadh an Roinn a thabhairt isteach amach anseo.
Thug an tAire le fios go bhfuil treoir maidir le sonraí áirimh a chur isteach ar líne curtha san áireamh leis na foirmeacha áirimh a d'eisigh a Roinn. Ba chóir do dhuine atá ag lorg cúnaimh chun sonraí áirimh a chur isteach, bíodh sin ar pháipéar nó ar líne, teagmháil a dhéanamh le Rannán AIM na Roinne trí ríomhphost a sheoladh chuig equinecensus2022@agriculture.gov.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 -5058881.