An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag tacú go láidir le hinfheistíocht i dtaighde eolaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus Seachtain Eolaíochta 2021 ag teannadh chun deiridh, tá aird tarraingthe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. agus an tAire Stáit Martin Heydon, T.D. atá freagrach as taighde, ar an tacaíocht atá á tabhairt d’eolaíocht agus do nuálaíocht ar mhaithe le todhchaí Talmhaíochta, Bia agus Mara na tíre a chosaint.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,
“Sonraítear in Fís don Bhia 2030, fís uaillmhianach le haghaidh Talmhaíochta, fís atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, ar bhonn sóisialta agus ó thaobh na timpeallachta de, agus tá ról lárnach ag feirmeoirí, foraoiseoirí agus iascairí san fhís seo”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin,
“Tá ról lárnach ag nuálaíocht san fhís seo a chomhlíonadh agus tá ár n-earnáil ag dul i muinín bealaí nua agus nuálacha chun rudaí a dhéanamh an t-am ar fad. Tá tréimhse fhada caite ag mo Roinn ag tacú le taighde agus nuálaíocht trí bhunmhaoiniú a sholáthar do Theagasc agus d’Fhoras na Mara chun réitigh chriticiúla a forbairt le haghaidh príomhdhúshlán earnála ar bhonn leanúnach. Chomh maith leis sin, tá cláir mhaoinithe taighde iomaíocha á reáchtáil ag mo Roinn le haghaidh blianta fada anuas, clár atá ag tacú le nuálaíocht ar fud na hearnála. Ón mbliain 2010, tá beagnach €150 milliún leithdháilte ag mo Roinn le haghaidh taighde eolaíochta atá dírithe ar tháirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta agus bia, sláinte plandaí agus ainmhithe, leas ainmhithe, sábháilteacht bia, teicneolaíocht agus nuálaíocht bia, bithgheilleagar, cothú agus taighde foraoise”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon freisin:
“Éascaíonn nádúr comhoibritheach clár maoinithe taighde iomaíoch na Roinne taighde ginearálta in institiúidí éagsúla. Tacaíonn oibriú agus reáchtáil gairmeacha taighde comhpháirteacha le maoinitheoirí Éireannacha eile cosúil leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil leis an gcur chuige seo. Cuirtear leis seo freisin trí rannpháirtíocht i ngairmeacha taighde idirnáisiúnta laistigh de Ghréasán an Limistéir Eorpaigh Taighde mar aon le gairmeacha comhpháirteacha leis an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe, Tuaisceart Éireann agus Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon freisin,
“samhlaítear go gcabhróidh deiseanna maoinithe taighde a bheidh ar fáil amach anseo le córas agus bithgheilleagar inbhuanaithe bia a fhorbairt agus beidh béim ar leith á leagan ar aeráidneodracht táirgeadh príomhúil, bainistíocht chiorclach acmhainní, córais bhia inbhuanaithe agus sláintiúla, meath bithéagsúlachta a iompú droim ar ais, cosc agus baint truaillithe agus tuilleadh forbartha ar an mbithgheilleagar.”
Leag an bheirt Airí béim ar an tábhacht a bhaineann le heolaíocht agus nuálaíocht nua-aimseartha i ndáil le gealltanais na n-earnálacha a sholáthar faoi Phlean Gníomhaithe Náisiúnta ar son na hAeráide 2021 a foilsíodh le déanaí.
Tá an Roinn ag súil go bhfoilseofar torthaí Ghairm Taighde Iomaíoch 2021 sna seachtainí amach romhainn.