An scéala is déanaí ar uimhreacha reatha ceadúnas foraoiseachta tugtha ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an scéala is déanaí maidir le líon reatha ceadúnas foraoiseachta atá á mbreithniú ag a Roinn tugtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí Foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hackett.
Maidir leis an scéala seo is éard a dúirt an tAire,
"Mar aon le haon chomhlachta ceadúnúcháin, faigheann mo Roinnse iarratais nua, agus eisíonn sí ceadúnais nua ar bhonn leanúnach ar feadh na bliana. Ciallaíonn sé sin go bhfuil iarratais ag teacht agus ag imeacht go leanúnach agus go bhfuil iarratais ag céimeanna éagsúla próiseála. Cuireann muid an t-eolas is déanaí maidir lenár n-aschur ceadúnúcháin ar fáil dár bpáirtithe leasmhara gach seachtain trí dheais. Is tráthúil chomh maith anois nuashonrú a dhéanamh ar líon na gceadúnas atá ar ár liosta oibre lena bpróiseáil faoi láthair agus muid ag teannadh anois le deireadh na bliana."
Is mar seo a leanas atá an t-eolas is déanaí maidir le ceadúnais atá idir lámha faoi láthair:
• Tá tuairim is 4,700 iarratas ar cheadúnas foraoise sa chóras faoi láthair, agus iad ag céimeanna éagsúla próiseála.
• Astu sin, tá tuairim is 2,000 díobh curtha ar aghaidh chuig éiceolaithe chun measúnú cuí a dhéanamh orthu, agus tá riaráiste ann le 18 mí. Táthar ag déileáil leis na comhaid sin trí úsáid a bhaint as plean sainithe tionscadail a roinneadh leis na páirtithe leasmhara nuair a foilsíodh é i mí Iúil.
• Níl an 2,700 ceadúnas eile atá fanta faoi réir na moilleanna atá ag tarlú do cheadúnais a bhfuil ionchur éiceolaíochta ag teastáil ina leith tríd is tríd.
• Go dtí seo i mbliana, tá 2,330 ceadúnas nua eisithe ag an DAFM. Tá 570 de na ceadúnais sin eisithe ó tugadh isteach an reachtaíocht Foraoise nua ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Dúirt an tAire chomh maith,
"Bhí mé an-sásta an deis a bheith agam dul i mbun rannpháirtíochta leis an gComhchoiste Oireachtais ar Thalmhaíocht le gairid, agus thug mé an t-eolas is déanaí dóibh maidir le hiarrachtaí mo Roinn réiteach a fháil ar na fadhbanna atá ann faoi láthair i dtaobh ceadúnacháin. Thug muid an t-eolas is déanaí don Choiste chomh maith maidir le roinnt comhad atá á bpróiseáil faoi láthair mar chuid den riaráiste éiceolaíochta. Beidh mé ag scríobh chuig an gCoiste leis na sonraí go léir an tseachtain seo."
Dúirt an tAire chomh maith
"Táimid ag leanúint d'infheistíocht mhór a dhéanamh in acmhainní d'fhonn dlús a chur faoi eisiúintí. Ag tús na bliana ní raibh ach 2 éiceolaí ag obair ar iarratais, ach tá 16 éiceolaí ag obair orthu anois, agus tá mo Roinn fós ag cur leis an bhfoireann sin. Tá cigirí breise foraoiseachta fostaithe chomh maith chun cuidiú leis an obair seo. Tá muid ag leanúint d'athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní seo agus leanfaidh muid d'infheistíocht agus d'earcaíocht a dhéanamh.
Tá comharthaí an dul chun cinn á dtaispeáint cheana féin ag na hacmhainní breise seo agus eisíodh i bhfad níos mó ceadúnas i nDeireadh Fómhair agus i mí na Samhna i gcomórtas le míonna eile i mbliana. Cé go bhfuil neart le déanamh fós, tugann an dul chun cinn atá déanta cheana féin misneach dom agus tá sé i gceist agam é a choinneáil agus cur leis an méid ceadúnas a eisítear gach seachtain as seo amach. Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir go dtuigim go bhfuil aghaidh le tabhairt ag an earnáil seo ar dheacrachtaí faoi láthair agus a chur in iúl chomh maith go bhfuil a dícheall á déanamh ag mo Roinn féin na deacrachtaí sin a réiteach chomh tapa agus is féidir.
CRÍOCH