Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an SPNF) comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar Pháirc Náisiúnta Chonamara nó ar Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta – a fhad agus atá rabhadh gaoithe i bhfeidhm ag Met Éireann. Iarrann an SPNF freisin ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra i nDún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, An Clár agus Ciarraí fad a bheidh an Rabhadh i bhfeidhm.