An tAire McConalogue agus an tAire Poots tagtha le chéile chun an t-ábhar imní atá acu a phlé
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus níos lú ná mí amháin fanta anois go dtiocfaidh deireadh le hidirthréimhse an Bhreatimeachta, bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. lena chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, Edwin Poots an 3 Nollaig.
Phléigh na hAirí raon saincheisteanna atá i gcoiteann acu lena n-áirítear an bealach is fearr chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhúnla táirgthe bia uile-oileánda, fliú na n-éan, táirgeadh bainne trasteorann, lipéadú bia, ceangail thuaidh/theas tar éis an 1 Eanáir chomh maith le raon ábhair imní eile.
Maidir leis an gcruinniú, is éard a dúirt an tAire McConalogue,
" Is é seo an cruinniú is déanaí i sraith cruinnithe déthaobhacha a bhí agam leis an Aire Edwin Poots i dteannta ár n-iarrachtaí comhoibríocha mar chuid den Ghrúpa Aireachta Thuaidh/Theas. Tá go leor de na hábhair chéanna imní ag an Aire Poots agus agam féin faoin mbaol atá ann nach mbainfí Comhaontú Saorthrádála (FTA) amach idir an AE agus an RA agus a bheadh i gceist leis sin d'fheirmeoirí, iascairí agus gnóthaí bia ar an oileán. Táimid tiomanta leanúint ar aghaidh leis an trádáil éasca atá eadrainn faoi láthair."
"I bhfianaise na gcastachtaí a bhaineann leis an mBreatimeacht tugadh saincheisteanna chun solais lena n-áirítear táirgeadh bainne trasteorann, lipéadú bia agus táirgí de bhunúis éagsúla. Chomhaontaigh an tAire Poots agus mé féin dul i mbun rannpháirtíochta ar na saincheisteanna seo le gur féidir linn an cur chuige is fearr a aimsiú a thabharfaidh an chosaint is fearr do leas na bpobal feirmeoireachta sa dá thír."
Dúirt an tAire McConalogue chomh maith gur phléigh seisean agus an tAire Poots iarratas PGI na hÉireann do Mhairteoil Fhéar-Chothaithe agus leag sé béim arís ar an mian mhór atá aige go gcuirfí Tuaisceart Éireann leis an bpróiseas sa tréimhse amach romhainn.
Dúirt an tAire Poots
“Bhí cruinniú tairbheach agam leis an Aire McConalogue agus pléadh roinnt saincheisteanna thar a bheith tábhachtach ar na hábhair atá ag déanamh imní dúinn beirt maidir le Fliú na nÉan agus an tionchar a bhí ag sciorradh móna ar an Mhín Bhog ar an timpeallacht. Ba í an tsaincheist ba phráinní a pléadh ná leanúint den thrádáil éasca idir an dá dhlínse. Cúrsaí feirmeoireachta, iascaireachta, táirgeadh bia agus lucht dáileacháin is mó a bhainfeadh tairbhe as Comhaontú Saorthrádála RA/AE agus tá an tAire McConalogue agus mé féin ar aon fhocal maidir leis sin. Bhí áthas orm gur dheimhnigh an tAire McConalogue go bhfuil a thiomantas i leith Thuaisceart Éireann curtha san áireamh in aon ainmniúchán PGI do mhairteoil fhéar-chothaithe agus go bhfuil oifigigh ón dá dhlínse ag obair air seo go tapa, agus ar a laghad go léireodh aon litir chumhdaigh don iarratas an mhian atá ann NI a chur san áireamh chomh luath agus atá córas fíoraithe curtha i bhfeidhm."
" Chomh maith leis sin thapaigh muid an deis roinnt saincheisteannna maidir leis an timpeallacht agus ceapadh carbóin a phlé, agus go háirithe an comhar idir eagraíochtaí taighde in NI agus in ROI a chinntiú d'fhonn faisnéis láidir ar cheapadh carbóin a chur ar fáil - is féidir linn tuilleadh a dhéanamh agus caithfidh muid tuilleadh a dhéanamh le chéile ar an taobh agra-chomhshaoil le gur féidir leis an dá pháirtí leas a bhaint as."
CRÍOCH