An tAire Hackett i gceannas ar Mhisean Trádála d'Orgánaigh na hÉireann sa Ghearmáin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo tá Aire Stáit na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett i gceannas ar mhisean trádála mór go dtí an Ghearmáin le Bord Bia chun bia agus dí orgánach na hÉireann a chur chun cinn. Cuirtear tús leis an gcuairt Dé Luain i mBeirlín agus ar aghaidh ansin go Nuremberg Dé Máirt agus Dé Céadaoin le haghaidh aonach trádála BIOFACH, an t-aonach trádála orgánach is mó ar domhan ina bhfuil roinnt cuideachtaí orgánacha Éireannacha rannpháirteach.
Dúirt an tAire Hackett;
“Is tréimhse an-spreagúil í seo in earnáil bia agus dí orgánach na hÉireann agus tá sé mar mhisean agam i gcónaí deiseanna margaidh nua a fháil dár dtáirgí ar fud an domhain. Tá gealltanas an Rialtais seo don earnáil orgánach tacaithe ag ár ngealltanas €256m do scéim nua feirmeoireachta orgánaí – méadú faoi chúig ar an scéim roimhe seo.
Bhí áthas orm go raibh breis agus 2,000 iarratas nua faighte againn ó fheirmeoirí don scéim Feirmeoireacht Orgánach do 2023. Is féidir liom a dhearbhú an tseachtain seo go nglacfar gach iarratasóir incháilithe isteach sa scéim láithreach. Gheobhaidh iarratasóirí a gceadú an tseachtain seo a sholáthróidh conradh cúig bliana don Scéim Feirmeoireacht Orgánach dóibh a thosóidh ar 1 Eanáir 2023. Tá an infheistíocht shuntasach seo ón Rialtas inár n-earnáil orgánach agus é mar sprioc againn 10% den talamh go léir a ndéantar feirmeoireacht orgánach uirthi a bhaint amach faoi 2030 an-uaillmhianach ach tá dul chun cinn ceart á dhéanamh againn cheana féin”.
Tá BIOFACH ina chuid de líonra láidir domhanda d’aontaí trádála Orgánach a bhíonn ar siúl freisin i SAM, sa Bhrasaíl, sa tSín, san India, sa Téalainn, san Araib Shádach agus sa tSeapáin. Príomhthéama de chuid BIOFACH is ea an chaoi ar féidir le horgánaigh tionchar níos mó a bheith acu mar mhúnla don todhchaí agus mar phríomhthiománaí de tháirgeadh bia inbhuanaithe a chur chun cinn.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett;
“Céim ríthábhachtach inár dturas orgánach is ea deiseanna margaidh nua a spreagadh do tháirgí orgánacha na hÉireann. Sin é an fáth a bhfuil mé ag treorú an mhisin trádála seo go dtí an Ghearmáin an tseachtain seo. Is comhartha muiníne an-mhór é go leor cuideachtaí Orgánach Éireannacha ag BIOFACH as cáilíocht agus uaillmhian ár dtáirgí orgánacha. Táthar ag súil le 25,000 cuairteoir agus ceannaitheoir ó níos mó ná 100 tír anseo agus ba mhaith liom a chinntiú go gcloisfidh an oiread lucht spéise agus is féidir teachtaireacht orgánach na hÉireann.”
Glacfaidh Jim O’ Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia agus Bainisteoir Earnála Orgánach Bhord Bia Emmet Doyle, páirt freisin sa Mhisean Trádála chuig BIOFACH. Ag labhairt dó ag BIOFACH, dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia:
“Le 12 mhí anuas, tá Bord Bia tar éis a infheistíocht san earnáil thábhachtach seo a threisiú chun tacú leis an tiomantas méadaithe do tháirgí orgánacha ar leibhéal na feirme. Bhí ról lárnach ag BIOFACH le fada i ngníomhaíocht bholscaireachta agus forbartha gnó Bhord Bia, agus táimid ag tacú arís le táirgeoirí orgánacha na hÉireann le seastán tiomnaithe Origin Green Ireland ag óstáil ocht gcuideachta a chuimsíonn earnálacha éagsúla. Mar an imeacht trádála is tábhachtaí do tháirgí orgánacha, is ardán ríthábhachtach é BIOFACH chun cabhrú le cuideachtaí margaí onnmhairithe a thógáil.
Tá Emmet Doyle, Bainisteoir Earnála Orgánach Bhord Bia, in éineacht lenár gcomhghleacaithe in oifig Bhord Bia sa Ghearmáin ag obair leis na cuideachtaí Éireannacha atá ar taispeáint anseo chun tacaíochtaí agus léargais ar an talamh a sholáthar le linn an tseó agus i rith na bliana. Guím gach rath ar BIOFACH agus gabhaim buíochas leis an Aire Pippa Hackett as seastán na hÉireann a oscailt go hoifigiúil."
Chomh maith le BIOFACH, freastalóidh an tAire ar shraith cruinnithe déthaobhacha i Bundestag i mBeirlín roimh BIOFACH. Tá sraith cruinnithe eile beartaithe le linn chomhdháil BIOFACH le miondíoltóirí, próiseálaithe agus ionadaithe thionscal na seirbhíse bia chun branda bia orgánach na hÉireann a chur chun cinn.
Gheobhaidh feirmeoirí orgánacha a ndeachaigh a gconarthaí in éag ag deireadh 2022 agus a rinne athiarratas orthu deimhniú freisin gur glacadh isteach sa scéim iad.